Tugann an tAire Airgeadais éifeacht do Rialachán an Aontais Eorpaigh maidir le Margaí i gCripteashócmhainní
- Foilsithe: 8 Samhain 2024
- An t-eolas is déanaí: 15 Eanáir 2025
Shínigh an tAire Airgeadais Ionstraim Reachtúil Uimh. 607 de 2024, Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Margaí i gCripteashócmhainní), 2024 – 2024/01986. Leis an Ionstraim Reachtúil sin:
- ainmnítear Banc Ceannais na hÉireann (BCÉ) mar an tÚdarás Inniúil Náisiúnta
- tugtar breac-chuntas ar na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin do Sholáthraithe Rialáilte agus Neamhrialáilte Seirbhíse Airgeadais
- sonraítear fad na hidirthréimhse do ghnólachtaí a sholáthair seirbhísí cripteashócmhainní roimh an 30 Nollaig 2024
Is é an 8 Samhain 2024 an dáta a tháinig an Ionstraim Reachtúil i mbun feidhme/an dáta a thosaigh an Ionstraim Reachtúil agus tá an rialachán le foilsiú in Iris Oifigiúil Dé Máirt seo chugainn.