English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire Airgeadais faoi deara an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta i gcás Státchabhrach Apple

Thug Michael McGrath, an tAire Airgeadais, faoi deara inniu (Déardaoin, an 9 Samhain) an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta Pitruzella á rá go gcuirfí an breithiúnas ó Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh maidir le ‘rialuithe cánach’ arna nglacadh ag Éirinn ar ceal i gcás Státchabhrach Apple agus go dtarchuirfí an cás ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta chun cinneadh nua a dhéanamh ar fhiúntas an cháis.

Dúirt an tAire McGrath:

“Tugaim faoi deara an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta. Tá sé tábhachtach a chuimhneamh nach cuid den bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh í an Tuairim sin ach go mbreithneoidh an Chúirt í nuair a bheidh sí ag teacht ar an rialú deiridh uaithi.

“Déanfaidh mo roinn agus foireann dlí an Stáit mionbhreithniú ar an Tuairim iomlán ón Abhcóide Ginearálta.

“Ba é seasamh na hÉireann ón tús, agus is é seasamh na hÉireann go fóill, gur íocadh an méid ceart cánach in Éirinn agus nár thug Éire aon Státchabhair do Apple. Táimid ag feitheamh anois leis an mbreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an ní seo.”


Nótaí

Sa bhliain 2016, d’eisigh an Coimisiún Eorpach cinneadh á rá gur thug Éire Státchabhair do Apple. Rinne Éire agóid in aghaidh an chinnidh sin chuig Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh.

D’eisigh an Chúirt Ghinearálta an breithiúnas uaithi sa bhliain 2020, rud lenar neamhníodh an cinneadh Státchabhrach a rinne an Coimisiún sa bhliain 2016.

Rinne an Coimisiún achomharc in aghaidh an bhreithiúnais ón gCúirt Ghinearálta chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ansin. D’éist an Chúirt Bhreithiúnais an t-achomharc an 23 Bealtaine 2023. Rinne an Coimisiún, Éire, Lucsamburg, Apple agus Údarás Faireacháin CSTE idirghabhálacha os comhair na Cúirte.

Tar éis na héisteachta ó bhéal, foilsíodh an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta an 9 Samhain 2023.

Déanann an tAbhcóide Ginearálta mionanailís ar na gnéithe dlíthiúla den chás agus, ar leithligh ó phléití na Cúirte, tugann sé Tuairim maidir leis an tsaincheist atá á héisteacht. Ní cuid den bhreithiúnas ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh í an Tuairim sin, ach breithneoidh an Chúirt í nuair a bheidh sí ag teacht ar an mbreithiúnas deiridh uaithi.

Tar éis an Tuairim ón Abhcóide Ginearálta a fháil, is i gCúirt oscailte a fhógrófar an breithiúnas ón gCúirt. Is faoi lánrogha na Cúirte a bheidh uainiú an bhreithiúnais.