Tugann an tAire McGrath cuairt oifigiúil ar Réigiún na Murascaille
- Foilsithe: 14 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tosóidh Michael McGrath TD, an tAire Airgeadais, clár oifigiúil cúig lá de sheisiúin chaidrimh amárach (Dé hAoine, an 14 Nollaig) in Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, i Ríocht na hAraibe Sádaí agus i Stát Chatar.
Bíonn Éire ag forbairt naisc níos dlúithe i gcónaí leis an réigiún, agus ambasáidí cónaithe aici in Riyadh agus in Abú Daibí. Tá oifigí gníomhaireachta stáit aici in Dubai (Fiontraíocht Éireann, Bord Bia agus Turasóireacht Éireann) agus in Riyadh (Fiontraíocht Éireann) freisin.
Bíonn méadú ag teacht ar thrádáil, turasóireacht agus infheistíocht dhá threo agus is ann do phobal beoga Éireannach sa réigiún. Bíonn ceangail eacnamaíocha á neartú i gcónaí agus tháinig méadú os cionn 25% ar onnmhairí earraí ó Éirinn idir na blianta 2021 agus 2022. Réimse eile fáis is ea an t-oideachas, áit ar éirigh le hinstitiúidí tríú leibhéal in Éirinn líon méadaitheach mac léinn a mhealladh agus láithreacht fhisiciúil a bhunú sa Mhurascaill.
Le linn na cuairte, buailfidh an tAire McGrath le hairí agus le príomhphearsana ó gach tír agus labhróidh sé leo sin a bhfuil naisc dhíreacha ghnó acu le hÉirinn, mar aon leis an mórphobal Éireannach. Tabharfaidh sé cuairt ar roinnt mórthionscadal bonneagair freisin.
Roimh an gcuairt, dúirt an tAire:
“Tá na tíortha seo ina bpríomhghníomhaithe straitéiseacha ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal domhanda – agus tá an ceart ag Éirinn agus í ag treisiú lena ceangail leis an réigiún ina iomláine. Tá Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha díreach tar éis cruinniú mullaigh COP 28 a óstáil, d’óstáil Catar Corn an Domhain sa bhliain 2022, agus tá an Araib Shádach chun EXPO 2030 a óstáil. Is fiú níos mó ná €7.5 billiún í trádáil dhá threo idir Éirinn agus na tíortha sin cheana féin, agus tá acmhainneacht ann an figiúr sin a mhéadú tuilleadh.
I dteannta a chéile, tá an tAontas Eorpach agus Comhairle Comhair na Murascaille freagrach as 20% den gheilleagar domhanda. Leagtar amach sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ón Aontas Eorpach dar teideal “Comhpháirtíocht Straitéiseach leis an Murascaill” an raon leathan réimsí ina bhféadfaí comhar a fheabhsú, lena n-áirítear trádáil, fuinneamh, aeráid, idirphlé polaitiúil, agus naisc idir daoine. Féachfaidh mé leis an ról atá ag Éirinn sa chomhpháirtíocht sin a dhoimhniú le linn mo chuairte mar Aire Airgeadais thar na laethanta atá le teacht.”
Críoch