Tugann an tAire McGrath faoi deara an deimhniú ó GBCN maidir le dífheistiú ó infheistíochtaí áirithe sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil
- Foilsithe: 5 Aibreán 2024
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tugann an tAire McGrath faoi deara an deimhniú ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) maidir le dífheistiú ó infheistíochtaí i gcuideachtaí áirithe a bhfuil gníomhaíochtaí áirithe ar bun acu sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil.
Thug Michael McGrath, an tAire Airgeadais, faoi deara inniu (5 Aibreán 2024) an deimhniú a fuarthas ó Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) maidir leis an dífheistiú a rinne an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn óna phunann dhomhanda cothromais de chuideachtaí áirithe a bhfuil gníomhaíochtaí áirithe ar bun acu sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil.
Dúirt an tAire McGrath:
“Chuir Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta in iúl dom gur chinn sé dífheistiú ó infheistíochtaí áirithe phunann dhomhanda an Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn i gcuideachtaí a bhfuil gníomhaíochtaí áirithe ar bun acu sa Chríoch Phalaistíneach faoi Fhorghabháil.
“Baineann an cinneadh dífheistithe le scairshealbha dar luach iomlán €2.95 milliún sna sé chuideachta seo a leanas: Bank Hapoalim BM; Bank Leumi-le Israel BM; Israel Discount Bank; Mizrahi Tefahot Bank Ltd; First International Bank; agus Rami Levi CN Stores.
“Chinn an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn nach dtagann próifíl riosca na n-infheistíochtaí seo faoina pharaiméadair infheistíochta a thuilleadh agus gur féidir cuspóirí tráchtála na n-infheistíochtaí sin a bhaint amach trí infheistíochtaí eile.
“Cuirfear an cinneadh chun feidhme a luaithe is féidir thar na seachtainí atá le teacht.
“Dúirt an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn liom go leanfadh sé le hathbhreithniú a dhéanamh ar a mhéid atá infheistíochtaí ábhartha ag teacht lena pharaiméadair infheistíochta agus lena chuspóirí tráchtála.
“Cé go n-aithním neamhspleáchas an Chiste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn i mbainistiú na punainne infheistíochta, creidim gurb é seo an cinneadh ceart infheistíochta i leith na sócmhainní a bhainistíonn sé thar ceann an Stáit.”
Nótaí
Is í Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) a rialaíonn agus a bhainistíonn an Ciste Infheistíochta Straitéisí d’Éirinn thar ceann an Stáit.
Tá an Ciste comhdhéanta den Phunann Lánroghnach agus den Phunann Ordaithe.
Tá sainordú “bunlíne dúbailte” ag an bPunann Lánroghnach chun infheistiú ar bhonn tráchtála agus ar bhealach atá deartha chun tacú le gníomhaíocht gheilleagrach agus leis an bhfostaíocht in Éirinn. Tugann an Ciste tús áite d’aghaidh a thabhairt ar dhúshláin straitéiseacha agus é ag baint leas as a chaipiteal agus as a acmhainní.
Is é an príomhchuspóir atá leis na hinfheistíochtaí domhanda laistigh den Phunann Lánroghnach leachtacht a sholáthar d’infheistíochtaí Phunann na hÉireann agus aistarraingtí ordaithe nó ionchasacha eile (lena n-áirítear i leith Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann agus i leith na Gníomhaireachta um Fhorbairt Talún) agus toradh cuí riosca-choigeartaithe a thuilleamh, rud lena gcabhrófar le feidhmíocht an Chiste i bhfianaise an fhoinn ísealriosca atá air.
Faoi mar a leagadh amach sa Tuarascáil Bhliantúil fhoilsithe is déanaí ó GBCN, b’ionann luach iomlán phunann an Chiste ag deireadh na bliana 2022 agus €15 billiún. Bhí €5.2 billiún de sin infheistithe sa Phunann Dhomhanda.