English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann an tAire McGrath na meastacháin ‘shealadacha’ le haghaidh OTI agus le haghaidh an bhoilscithe dá aire

  • d’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh meastacháin shealadacha inniu (an 28 Iúil) le haghaidh OTI sa dara ráithe agus le haghaidh an bhoilscithe i mí Iúil
  • meastar go bhfuil méadú 3.3 faoin gcéad tagtha ar OTI i gcomparáid leis an ráithe roimhe
  • ba í an earnáil cuideachtaí ilnáisiúnta a bhrúigh an méadú ráithiúil chun cinn
  • meastar an boilsciú príomha a bheith cothrom le 4.6 faoin gcéad i mí Iúil, agus an boilsciú ‘bunúsach’ cothrom le 5.0 faoin gcéad

D’fhoilsigh an Phríomh-Oifig Staidrimh inniu (an 28 Iúil) a meastachán ‘sealadach’ le haghaidh OTI sa dara ráithe; is é an meastachán ‘sealadach’ an meastachán tosaigh a fhoilsítear mí amháin tar éis dheireadh na ráithe.

Ag labhairt dó faoi na figiúirí, dúirt Michael McGrath, an tAire Airgeadais:

“Tugaim do m’aire gur foilsíodh an meastachán sealadach le haghaidh OTI sa dara ráithe. Is meastacháin tosaigh iad na sonraí sin agus foilseofar faisnéis níos mine i dtús mhí Mheán Fómhair.

“Léirítear sna sonraí a foilsíodh inniu gur tháinig méadú 3.3 faoin gcéad ar OTI sa dara ráithe, figiúr ba mhó ná an laghdú 2.8 faoin gcéad a taifeadadh sa chéad ráithe den bhliain. Ba é aschur méadaithe san earnáil cuideachtaí ilnáisiúnta a bhrúigh an méadú ráithiúil chun cinn den chuid is mó.

“Mar atá luaite agam arís is arís eile san am atá thart, tá Éileamh Modhnaithe Intíre ina tháscaire i bhfad níos fearr ar a bhfuil ag tarlú sa gheilleagar intíre, agus foilseofar na sonraí sin i gceann míosa nó mar sin. Cuirfidh an roinn seo tús ansin leis an bpróiseas arb é a bheidh ann ná na réamhaisnéisí fómhair uaithi, a bheidh mar bhonn agus thaca ag Buiséad 2024, a tháirgeadh.

“An méid sin ráite, tugtar le fios i sonraí ardmhinicíochta gur fheidhmigh an geilleagar intíre go measartha maith sa dara ráithe – tháinig feabhas ar mhuinín tomhaltóirí, shroich an ráta dífhostaíochta an ráta ab ísle riamh i mí an Mheithimh, agus é cothrom le 3.8 faoin gcéad, agus chuaigh an ghníomhaíocht tógála i bhfeabhas.

“Chomh maith leis sin, léirítear sna sonraí boilscithe a foilsíodh inniu go bhfuil an boilsciú i bpraghsanna do thomhaltóirí ag dul síos fós, rud a rabhthas ag súil leis, agus é measta go raibh boilsciú príomha an Innéacs Chomhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí (HICP) cothrom le 4.6 faoin gcéad i mí Iúil. Tá an boilsciú 4.6 faoin gcéad i mí Iúil i bhfad níos ísle ná an buaicbhoilsciú a sroicheadh i mí Iúil anuraidh, rud a bhí cothrom le 9.6 faoin gcéad.

“De réir mar a chuirtear an laghdú i bpraghsanna fuinnimh mórdhíola ar aghaidh ag an leibhéal miondíola, táimid ag súil leis go dtiocfaidh tuilleadh laghdaithe ar an mboilsciú príomha sna míonna atá romhainn.

“Is eol dom freisin gur cothrom le 5 faoin gcéad fós atá an boilsciú bunúsach – figiúr nach n-áirítear praghsanna fuinnimh agus bia leis. Tá sé sin ag teacht den chuid is mó lena láidre atá an geilleagar i láthair na huaire agus le lánfhostaíocht a bheith bainte amach. Réamh-mheastar go dtiocfaidh laghdú ar an mboilsciú bunúsach, cé go dtarlóidh sé sin ar luas a bheidh níos moille ná mar a bheidh amhlaidh i gcás an ráta boilscithe phríomha.”


Nótaí

Is ionann éileamh modhnaithe intíre, ar athróg ionadach don gheilleagar intíre é, agus suim an chaiteachais tomhaltóirí, an chaiteachais rialtais agus na hinfheistíochta, gan infheistíocht i maoin intleachtúil allmhairithe agus in aerárthaí allmhairithe lena léasú a áireamh. Ní áirítear leis ach oiread athruithe ar an luach ar stoic.