English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugtar ceadú chun €9.5 milliún a íoc le gnólachtaí faoin scéim nua tacaíochta fuinnimh ón rialtas

Tá Michael McGrath, an tAire Airgeadais, ag iarraidh ar ghnólachtaí incháilithe leanúint le héilimh a dhéanamh faoin Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, ar scéim €1.3 billiún de chuid an rialtais í.

Tugadh cead chun €9.5 milliún a íoc cheana féin faoin Scéim, a fógraíodh mar chuid de Bhuiséad 2023 chun cabhrú le gnólachtaí déileáil leis na méaduithe a tháinig ar chostais fuinnimh le déanaí.

Leis an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, soláthraítear suas le €10,000 in aghaidh na míosa do ghnólachtaí cáilitheacha a bhfuil méadú suas le 40% tagtha ar a mbillí leictreachais nó gáis. Tá an Scéim á riar ag na Coimisinéirí Ioncaim, agus í siardhátaithe go mí Mheán Fómhair. Beidh an Scéim ar siúl go mí Feabhra 2023 ar a laghad.

Dúirt an tAire McGrath gur thosaigh a lán gnólachtaí an próiseas clárúcháin:

“Cé gur chláraigh 10,773 ghnólacht don scéim, agus gur údar misnigh é sin, ba mhaith linn go gcláródh gach gnólacht incháilithe di. Tá an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí ar cheann amháin de roinnt beart a tugadh isteach chun cabhrú le gnólachtaí na méaduithe i gcostais fuinnimh a mhaolú.”

Dúirt Simon Coveney, an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, go bhfuil eagraíochtaí éagsúla incháilithe chun éileamh a dhéanamh:

“Tá an Scéim seo ar oscailt do gach gnólacht a bhíonn ag comhlíonadh a gceanglas cánach. Áirítear leo sin comhlachtaí spóirt agus carthanais. Ceadaíodh 4,392 éileamh dar luach iomlán €9.5 milliún go dtí seo agus íocadh €9 milliún amach cheana féin.

“Féadfaidh gnólachtaí éileamh a dhéanamh faoin scéim má tháinig méadú suntasach 50% nó níos mó ar an meánphraghas in aghaidh an aonaid a íocann siad as leictreachas nó as gás nádúrtha. Ós rud é gur mhaith linn go gcuirfeadh an oiread gnólachtaí is féidir éilimh isteach, mholfainn dóibh leanúint le déanamh amhlaidh.”

Ba cheart do ghnólachtaí a bheith ar an eolas nach mbeidh siad in ann éilimh i ndáil le mí Mheán Fómhair a dhéanamh tar éis dheireadh na míosa seo. Féadfar éilimh ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh a dhéanamh ina dhiaidh sin, agus spriocdhátaí míosúla i bhfeidhm.

Dúirt Eamon Ryan, an tAire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide:

“Tá praghsanna leictreachais agus gáis ar leibhéal an-ard go fóill mar thoradh ar dhálaí idirnáisiúnta, go háirithe na dúshláin a bhíonn ag teacht as an ngéarchéim san Úcráin, agus is cosúil go leanfaidh an treocht sin ar aghaidh go ceann i bhfad.

“Leis an Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí, soláthraítear tacaíocht shuntasach do raon leathan gnólachtaí. Tá cuspóir soiléir againn anseo, is é sin tacú le gnólachtaí a mbealach a dhéanamh tríd an tréimhse seo nach bhfacthas a leithéid riamh ar an mbealach céanna a dtacaítear le sealbhóirí tí. Is flaithiúil atá an soláthar €1.3 billiún don Scéim. Tá an t-airgead sin ar fáil láithreach agus soláthrófar é chun cabhrú leis an suaitheadh ar phraghsanna fuinnimh a mhaolú. Mholfainn do gach gnólacht incháilithe a n-éilimh a chur isteach a luaithe is féidir.”

Féadfaidh gnólachtaí clárú don Scéim Shealadach Tacaíochta Fuinnimh do Ghnólachtaí agus éileamh a dhéanamh faoin Scéim ag revenue.ie.