English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Comhairliúchán maidir leis an gcéad Phlean Náisiúnta eile do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas

Consultation is closed


Cúlra

Tá an chéad Phlean Náisiúnta eile do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas (‘An Plean Náisiúnta Rochtana’) á ullmhú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS) agus ag an Údarás Ardoideachais (ÚAO). Foilsíodh an Plean Náisiúnta Rochtana reatha i mí na Nollag 2015. Foilsíodh Athbhreithniú ar Dhul Chun Cinn i mí na Nollag 2018 agus síneadh an plean leis sin go dtí mí na Nollag 2021.

Is í an fhís foriomlán atá sa Phlean Náisiúnta Rochtana “chun a chinntiú go léirítear leis na mic léinn a thagann isteach san ardoideachas agus a ghlacann páirt ann agus a chríochnaíonn é ar gach leibhéal, go léirítear éagsúlacht agus meascán sóisialta dhaonra na hÉireann leo”. Bunaíodh roinnt spriocanna tosaíochta agus cuspóirí gaolmhara d’fhonn tacú le cur i bhfeidhm an Phlean. Sainaithníodh spriocghrúpaí freisin a bhí faoi ghannionadaíocht san ardoideachas san am atá caite agus socraíodh spriocanna sainiúla le haghaidh rannpháirtíocht mhéadaithe ó gach ceann de na grúpaí sin.

Tá an cuspóir de chothromas rochtana ar an ardoideachas a bhaint amach bunaithe i bprionsabail an chomhionannais agus an ionchuimsithe shóisialta agus ba thosaíocht beartais náisiúnta é in Éirinn mar aon le tosaíocht Eorpach le blianta fada. Tá sé ríthábhachtach go ndéantar fhorbairt ár náisiúin ar bhonn eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a threorú ag céimithe a léiríonn éagsúlacht an daonra ina iomláine, mar shampla: cúlra socheacnamaíoch, eitneachas, inscne, láthair gheografach, míchumas, aois nó cúinsí eile.

Is príomhthosaíocht ar bheartas é don Roinn cothromas rochtana ar an ardoideachas, mar aon le forbairt an chéad Phlean Náisiúnta Rochtana chun tacú leis an bprionsabal sin.

Cuireann an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta fáilte anois roimh ionchur agus roimh aighneachtaí ó dhaoine agus ó eagraíochtaí leasmhara maidir lena dtuairimí faoinar cheart a bheith ina chuid den chéad Phlean Náisiúnta Rochtana a mhairfidh ó 2022 go dtí 2026. Cuirtear fáilte roimh aighneachtaí maidir le hábhar ar bith de réir mar a bhaineann sé le rannpháirtíocht san ardoideachas agus le rochtain ar ardoideachais a leathnú.

Cuirtear fáilte ar leith roimh aighneachtaí ó mhic léinn (mic léinn reatha agus mic léinn ionchasacha) agus moltar dóibh sin a dhéanamh. Is guth ríthábhachtach é guth na mac léinn maidir leis an gcéad Phlean Náisiúnta Rochtana eile a fhorbairt.


An próiseas aighneachta

Ba cheart aighneachtaí a chur isteach le ríomhphost chuig access@hea.ie.

Is é Dé hAoine 18 Meitheamh 2021 an dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí a fháil.

D’fhonn cuidiú le daoine tacaithe agus le heagraíochtaí ar mian leo aighneacht a chur isteach, tá páipéar comhairliúcháin ullmhaithe ag an ÚAO lena leagtar amach cúlra an Phlean Náisiúnta Rochtana, mar aon le ceisteanna féideartha a bhféadfaí iad a bhreithniú sna haighneachtaí.


Cosaint Sonraí agus Saoráil Faisnéise

Tabhair faoi deara go mbeidh aighneachtaí a ghlacfar faoi réir ag an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014. Tá sé de rún ag an ÚAO aighneachtaí a fhoilsiú freisin ar a shuíomh gréasáin, agus aon fhaisnéis aitheantais bainte de. Iarrtar ar gach rannpháirtí chun a dhearbhú mura mian leis/léi go bhfoilseofar a aighneacht/a haighneacht.

Ba mhaith leis an ÚAO d’aird a dhíriú ar an bhFógra um Chosaint Sonraí dá chuid ina mínítear conas agus cathain a bhailíonn an ÚAO sonraí pearsanta, an chúis leis sin agus conas a dhéileálann muid leis an bhfaisnéis sin. Mínítear leis freisin do chearta maidir le bailiú faisnéise pearsanta agus conas is féidir leat na cearta sin a chur i bhfeidhm.