Comhairliúchán Poiblí ar Athbhreithniú Scéim na nDeontas do Mhic Léinn SUSI
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 12 Márta 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 12 Márta 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 16 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Cúlra
Cheap An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Indecon International Economic Consultants chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar Scéim na nDeontas do Mhic Léinn, a fógraíodh ar an 13 Deireadh Fómhair mar chuid de Bhuiséad 2021, rud a bhí ag teacht le Clár an Rialtais - Ár dTodhchaí Comhroinnte (Meitheamh 2020).
Iarrann an roinn agus Indecon anois ar pháirtithe leasmhara aighneachtaí a sholáthar faoi chóras na deontas do mhic léinn ar bhunús Théarmaí Tagartha an athbhreithnithe seo. Is é aidhm an athbhreithnithe seo taighde cuimsitheach a dhéanamh ar chritéir incháilitheachta reatha SUSI, tacaíocht an deontais cothabhála, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag méadú luachanna an deontais agus/ nó athruithe a dhéanamh ar na tairseacha ioncaim agus an tionchar agus na costais ghaolmhara a eascródh ó na tacaíochtaí a leathnú chun soláthar páirtaimseartha a chur san áireamh.
Téarmaí Tagartha
Tabharfar aghaidh sa staidéar taighde ar na téarmaí tagartha seo a leanas:
1. Athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir cháilitheachta SUSI seo a leanas:
“Cúrsa ceadaithe in institiúid cheadaithe: Le bheith ina chúrsa fochéime ceadaithe lasmuigh den Stát, caithfidh an cúrsa na critéir seo a leanas a chomhlíonadh:
- a bheith á chur ar fáil ag institiúid oideachais i mBallstát eile den AE a sholáthraíonn ardoideachas agus oiliúint agus a fhaigheann deontais athfhillteacha ó chistí poiblí
- AGUS a bheith ina chúrsa lánaimseartha a mhaireann dhá bhliain ar a laghad.
- AGUS dámhachtain mhór oideachais agus oiliúna a bheith mar thoradh air a bheidh ag teacht leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí (nfq.ie) nó a choibhéis
Mar chuid d’athbhreithniú a dhéanamh ar chritéir an chúrsa cheadaithe, fiosróidh an t-athbhreithniú an tionchar agus an tionchar fadtéarmach is dócha a bheidh ag leathnú an tsainmhínithe reatha ar chúrsa ceadaithe agus na costais bhainteacha dá mbeadh soláthar cumaiscthe/ar líne agus páirtaimseartha san áireamh sa scéim.
2. D’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha reatha maidir le hioncam:
Tá foráil sa Scéim Deontais do Mhic Léinn go mbeidh leibhéil éagsúla tairseacha ioncaim ann ó thaobh tacaíocht deontais lena n-áirítear i gcás ina bhfuil (i) níos lú ná 4 leanaí cleithiúnacha ag teaghlaigh (ii) idir 4 agus 7 leanaí cleithiúnacha acu agus (iii) 8 leanaí cleithiúnacha nó níos mó acu. Déanfar fiosrú san athbhreithniú ar an tionchar a bheadh ag athruithe ar thairseacha ioncaim agus ar na himpleachtaí costais a bheadh aige sin don Státchiste.
3. Athbhreithniú a dhéanamh ar an deontas cothabhála reatha a chabhraíonn chun íoc as costais mhaireachtála an mhic léinn ó lá go lá agus a íoctar i naoi dtráthchuid mhíosúla. Déanfar fiosrú san athbhreithniú ar an tionchar a bheadh ag méadú luacha an deontais agus ar na himpleachtaí costais a bheadh aige sin don Státchiste.
4. Athbhreithniú a dhéanamh ar rátaí reatha na ndeontas do mhic léinn atá ina gcónaí in aice láimhe agus ar rátaí do mhic léinn atá ina gcónaí níos faide amach agus ar na impleachtaí costais a bheadh ag aon athruithe a dhéanfaí ar na rátaí reatha. Féachaint an toradh a bheadh ar an ráta deontais dá n-athrófaí an critéar maidir le fad cáilitheach ón mbaile go hinstitiúid ardoideachais ó 24 chiliméadar (15 mhíle) go 45 chiliméadar (28 míle). tugadh éifeacht don bheart seo i gcás na mac léinn go léir, idir mhic léinn nua agus mhic léinn a bhí ag filleadh arís sa bhliain acadúil 2011/2012.
5. Na bearta tacaíochta reatha i ndlínsí eile a aithint agus machnamh a dhéanamh orthu agus córas na ndeontas do mhic léinn in Éirinn a thagarmharcáil i bhfianaise a bhfuil i stáit eile AE. Ba cheart iomlán na dtacaíochtaí atá ar fáil sa Stát agus i ndlínsí eile a chur san áireamh chun go bhfeadfar comparáidí a dhéanamh idir córais tacaíochta éagsúla. Ba cheart tagairt a dhéanamh do dhea-chleachtas agus ba cheart go gcabhródh sé chun bonn eolais a sholáthar le haghaidh moltaí na tuarascála.
6. D’fhonn a chinntiú go ndéantar iniúchadh ar chritéir incháilitheachta SUSI thuasluaite sa chomhthéacs go ngealltar sa Chlár don Rialtas go gcuirfear samhail mhaoinithe inbhuanaithe fadtéarmach ar fáil don ardoideachas agus go bhfuil taighde ar an ábhar seo ar siúl cheana féin. Ba cheart costálacha mionsonraithe a sholáthar nuair a bhíonn moltaí maidir le haon athbhreithnithe á moladh ar na critéir incháilitheachta.
7. Breithniú a dhéanamh ar na tacaíochtaí reatha atá ar fáil d’fhoghlaimeoirí sna córais Breisoideachais agus Oiliúna (FET) atá ag tabhairt faoi chúrsaí oiliúna, printíseachtaí agus cláir leibhéal 5 & 6 (.i. cúrsaí nach cúrsaí PLC iad) d’fhonn féachaint an féidir córas comónta tacaíochta airgeadais tras-FET do mhic léinn a ionchorprú sa scéim deontas do mhic léinn.
8. Breithniú a dhéanamh ar na thacaíochtaí reatha do mhic léinn iarchéime agus iniúchadh a dhéanamh ar an tionchar a bheadh aige dá ndéanfaí na dtacaíochtaí sin a leathnú go mbeadh siad ar an leibhéal céanna leis na tacaíochtaí reatha d’fochéimithe. Déanfar fiosrú san athbhreithniú ar an tionchar a bheadh ag méadú luachanna na ndeontas d’iarchéimithe agus ar na himpleachtaí costais a bheadh aige sin don Státchiste.
9. Fáil amach go hoibiachtúil an costas dáiríre a bhaineann le freastal ar bhreisoideachas agus an costas dáiríre a bhaineann le freastal ar ardoideachais sa Stát; agus fáil amach cé mhéad den chostas a íoctar tríd an córas deontais in Éirinn.
10. Torthaí an taighde ó na Téarmaí Tagartha thuas a aistriú go moltaí ar thionscnaimh bheartais amach anseo le tacú le rochtain ar bhreisoideachas agus ardoideachas. Caithfidh na moltaí a bheith mionsonraithe, dea-fhorbartha, spriocdhírithe agus costáil a bheith déanta orthu.
Aighneachtaí
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh trí ríomhphost chuig studentgrantschemereview@dfheris.gov.ie agus “Aighneacht chuig Athbhreithniú SUSI” a bheith sa líne faoin ábhar. Is é Dé hAoine 16 Aibreáin 2021 an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil.
Tabhair faoi deara nach bhfuil sa phróiseas comhairliúcháin ach bealach amháin ina n-iarrfar dearcthaí faoin Scéim Deontas do Mhic Léinn. Déanfaidh Indecon International Economic Consultants staidéar ar mhic léinn fochéime, ar mhic léinn iarchéime agus ar fhoghlaimeoirí Breisoideachais agus Oiliúna mar chuid dá modheolaíocht taighde.
Saoráil Faisnéise
Tabhair faoi deara go bhfuil súil againn gach aighneacht a gheobhaimid a chur ar fáil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus go bhféadfar iad a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na roinne nuair a bheidh an t-athbhreithniú thart. Mar sin féin, más mian le haon páirtí leasmhar faisnéis a chur isteach a mheasann siad a bheith íogair ó thaobh tráchtála de, ba cheart dóibh an fhaisnéis sin a aithint ina n-aighneacht agus cúiseanna a thabhairt le go measfar go bhfuil sé íogair ó thaobh tráchtála de. Rachaidh an roinn i gcomhairle leo maidir lena leithéid d’fhaisnéis sula ndéanfar cinneadh í a nochtadh.