Comhairliúchán Poiblí ar Ráiteas Straitéise 2021 - 2023
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 2 Nollaig 2020
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 2 Nollaig 2020
- Dúnadh na haighneachtaí: 18 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2021
Consultation is closed
Tá an Ráiteas Straitéise uaithi don tréimhse 2021 - 2023 á ullmhú ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faoi láthair. Leagfar amach sa Ráiteas Straitéise an dóigh a gcuirfidh an Roinn a cuid oibre i gcrích thar an gcéad trí bliana eile agus na treoirphrionsabail a bheidh aici le linn na tréimhse sin.
Tá an Roinn freagrach as beartas, cistiú agus rialachas na n-earnálacha breisoideachais agus ardoideachais agus taighde agus as maoirseacht a dhéanamh ar obair na ngníomhaireachtaí Stáit agus na n-institiúidí poiblí a oibríonn sna réimsí sin.
Is é ról na Roinne a chinntiú go spreagfaidh na hearnálacha breisoideachais agus ardoideachais agus taighde forbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann agus go mbuntacóidh siad leis an bhforbairt sin agus a chinntiú go mbeidh teacht ag gach duine, lena n-áirítear na daoine is soghonta sa tsochaí, ar na deiseanna a thiocfaidh as an infheistíocht phoiblí a dhéanfar agus as an mbeartas poiblí a cheapfar sna hearnálacha sin.
Chun cabhrú linn an ról sin a chur i gcrích, ba mhaith linn do thuairimí a fháil ar na ceisteanna seo a leanas:
- cé chomh maith is a fhreastalaíonn beartais na Roinne ar riachtanais na hearnála Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus cén dóigh a bhféadfaí feabhas a chur ar na beartais sin?
- cé na dúshláin is gá dúinn a shárú agus an bhfuilimid ag díriú a dhóthain faoi láthair ar na dúshláin sin a shárú?
Ba mhór againn freagra a fháil uait ar na ceisteanna sin, mar aon le haon tuairimí ginearálta atá agat ar threo straitéiseach na Roinne agus ar an mbealach is fearr inar féidir linn ár sainchúram a chomhlíonadh.
Cuirfimid fáilte freisin roimh aon tuairimí eile a d’fhéadfadh cabhrú linn an Straitéis nua a fhorbairt.
Aighneachtaí
Ba cheart aighneachtaí a sheoladh le ríomhphost chuig Strategy_Statement@dfheris.gov.ie agus “Ráiteas Straitéise 2021 - 2023” luaite i líne an ábhair.
Is é an dáta deiridh a ghlacfar le haighneachtaí ná am scoir ar an 18 Nollaig 2020.
Saoráil Faisnéise
Tabhair faoi deara go bhfuil sé beartaithe na haighneachtaí uile a gheofar a chur ar fáil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Dá bhrí sin, is féidir go bhfoilseofar iad ar ár suíomh Gréasáin tar éis an Ráiteas Straitéise a fhoilsiú.