Comhairliúchán poiblí maidir le hInfheistíocht ón Státchiste-ó Fhostóirí in Ardoideachas agus i mBreisoideachas agus Oiliúint (FET)
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 31 Márta 2017
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 31 Márta 2017
- Dúnadh na haighneachtaí: 28 Aibreán 2017
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Consultation is closed
Ba é tátal thuarascáil 2016 an Ghrúpa Saineolaithe maidir le Maoiniú Amach Anseo Ardoideachais “Investing in National Ambition: A Strategy for Funding Higher Education” (“Infheistíocht san Uaillmhian Náisiúnta: Straitéis le haghaidh Ardoideachas a Mhaoiniú”) go bhfuil fostóirí ina bpríomhthairbhithe den ardoideachas agus mhol siad tabhairt isteach ranníocaíochta struchtúraithe ó fhostóirí mar phríomhghné de mhaoiniú amach anseo don ardoideachas. Tá cóip den tuarascáil ón nGrúpa Saineolaithe ar fáil:
D’fhonn an uaillmhian sin a chur i gcrích, chomhaontaigh an tAire Oideachais agus Scileanna agus an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe gur cheart méadú molta ar an gCiste Náisiúnta Oiliúna a bhreithniú maidir le riachtanais na n-earnálacha ardoideachais agus breisoideachais agus oiliúna maidir le maoiniú.
Is iad na haidhmeanna lucht saothair oilte a bhfuil oideachas maith orthu a chur ar fáil d’fhostóirí, chun poitéinseal fáis an gheilleagair a choimeád agus a neartú agus chun tairbhí a sholáthar don tsochaí ina hiomláine.
Sheol na hAirí próiseas comhairliúcháin phoiblí maidir leis an moladh tar éis gealltanas a thabhairt chun sin a dhéanamh mar chuid de Bhuiséad 2017. Is féidir féachaint ar an bpáipéar comhairliúcháin chomhpháirtigh anseo:
Tá an próiseas comhairliúcháin seo ina chuid de shraith beart atá beartaithe chun samhail fhadtéarma inbhuanaithe maidir le maoiniú a fhorbairt do na hearnálacha ardoideachais agus breisoideachais agus oiliúna a bheidh ina chuidiú le hathchóiriú leanúnach, cáilíocht agus feabhsú feidhmíochta a spreagadh:
- fógraíodh maoiniú méadaithe don ardoideachas dar luach €160 milliún i mBuiséad 2017
- tá Coiste an Oireachtais maidir le hOideachas agus Scileanna ag déanamh machnaimh ar thuarascáil na Saineolaithe faoi láthair lena n-áirítear éisteacht le tuairimí na bpríomhpháirtithe leasmhara
- tá obair á cur chun cinn ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar ghnéithe teicniúla scéime iasachta ionchasaí do mhic léinn
- tá athbhreithniú á dhéanamh ag painéal saineolaithe neamhspleách ar shamhail leithdháilte maoinithe reatha don ardoideachas. Táthar ag súil go gcuirfidh an painéal torthaí eatramhacha i láthair faoi dheireadh Aibreán 2017
Fuarthas líon iomlán de 28 n-aighneacht i scríbhinn mar fhreagairt ar an bpáipéar comhairliúcháin chomhpháirtigh.
Is féidir féachaint ar na haighneachtaí thíos.