Comhchomhairliúchán Poiblí maidir le Straitéis Náisiúnta ar Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe (OFI) go 2030
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta; An Roinn Oideachais
- Foilsithe: 22 Aibreán 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 22 Aibreán 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 30 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2021
Consultation is closed
Lá Domhanda na Cruinne, 22 Aibreán 2021, sheol an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Simon Harris TD agus an tAire Oideachais Norma Foley TD i gcomhar lena chéile comhairliúchán poiblí maidir leis an bhforbairt ar an dara Straitéis Náisiúnta ar Oideachas um Fhorbairt Inbhuanaithe go 2030, ag an dá Roinn.
Ba mhaith linn do thuairimí a chloisteáil maidir leis an gcaoi inar féidir linn foghlaimeoirí de gach aois a spreagadh le gabháil don oideachas um fhorbairt inbhuanaithe, mar chuid de phróiseas foghlama ar feadh an tsaoil. B’fhéidir go n-áireofaí leis seo foghlaim trí oideachas foirmiúil, oideachas nach bhfuil foirmiúil nó oideachas neamhfhoirmiúil, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí leis na hearnálacha óige, aosach agus pobail, pobail áitiúla nó eile.
Tugtar cuireadh don phobal i gcoitinne agus do phríomhpháirtithe leasmhara eile suirbhé ar líne a dhéanamh agus/nó aighneacht níos mionsonraithe a dhéanamh, ina leagtar amach do thuairimí. Tá páipéar comhairliúcháin do pháirtithe leasmhara forbartha chun eolas cúlra maidir le ESD agus treoir faoin bhformáid d’aighneachtaí a thabhairt. Níor chóir d’aighneachtaí a bheith níos faide ná 2,000 focal agus ba chóir iad a chur isteach le r-phost chuig ESD@dfheris.gov.ie / ESD@education.gov.ie faoi am scoir gnó Dé Céadaoin, 30 Meitheamh 2021.
An Straitéis Náisiúnta ar Oideachas don Fhorbairt Inbhuanaithe in Éirinn 2030
Tabhair faoi deara go bhféadfar gach aighneacht a fhoilsiú, agus go mbeidh na haighneachtaí go léir faoi réir ag forálacha na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise. Má tá aon ráiteas ann ina bhfuil líomhaintí de chineál ar bith i gcoinne duine nó eagraíocht a ainmnítear nó duine nó eagraíocht is féidir a aithint ar shlí eile, féadfaidh an té is ábhar do na ráitis a mheas go bhfuil siad clúmhillteach. Daoine a dhéanann aighneacht, is féidir an dlí a chur orthu go díreach as aon líomhaintí clúmhillteacha in aighneacht agus ba chóir dóibh líomhaintí dá leithéid a sheachaint
Comhairliúchán seachtrach
To view the consultation click the button below.