Straitéis Náisiúnta um Thaighde agus Nuálaíochta - comhairliúchán poiblí
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 11 Meitheamh 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 10 Meitheamh 2021
- dúnadh na haighneachtaí: 9 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 25 Lúnasa 2021
Tá an Comhairliúchán dúnta
- Cúlra
- Páipéar comhairliúcháin
- Treoracha maidir le haighneachtaí a chur isteach ar líne chuig comhairliúchán poiblí
- Foilsiú Aighneachtaí agus Saoráil Faisnéise
- Comhairliúchán seachtrach
Cúlra
Píomhthiomantas i bPlean Téarnaimh Eacnamaíoch 2021 an Rialtais is ea straitéis náisiúnta nua a fhorbairt le haghaidh taighde agus nuálaíocht (T&N), ina leagtar amach an “dé-uaillmhian chun taighde, forbairt agus nuálaíocht a chur i gcroílár iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha agus shochaíocha na hÉireann, agus cumas agus acmhainneacht a thógáil ar fud an chórais taighde agus nuálaíochta chun áit níos airde a thabhairt do T&N sa slabhra luacha.”
Tógfar an straitéis ar na ceachtanna a foghlaimíodh nuair a bhí an straitéis náisiúnta roimhe seo, Nuálaíocht 2020, á cur i bhfeidhm. Ba í an fhís uileghabhálach a bhí i Nuálaíocht 2020, ná go mbeadh Éire ar Thús Cadhnaíochta maidir le Nuálaíocht Dhomhanda agus geilleagar láidir inbhuanaithe agus sochaí níos fearr á dtiomáint chun cinn. Díríodh laistigh de sin ar fheabhas, tallann agus tionchar. Fuarthas amach san Athbhreithniú Lár Téarma ar Nuálaíocht 2020, cé go raibh sé dúshlánach cuid de phríomhspriocanna Nuálaíocht 2020 a bhaint amach, go raibh go leor dul chun cinn déanta agus go raibh an fhís fhoriomlán maidir le bheith ar thús Cadhnaíochta maidir le Nuálaíocht Dhomhanda bailí fós. Cé go gcaithfear spriocanna athnuaite a shainaithint agus teacht ar chomhaontú fúthu le linn fhorbairt na chéad straitéise eile, níor tháinig laghdú ar uaillmhian an Rialtais go mbeadh Éire ar Thús Cadhnaíochta maidir le Nuálaíocht Dhomhanda.
Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta i gceannas ar fhorbairt na straitéise náisiúnta nua seo, i gcomhairle le Príomhranna agus Príomhghníomhaireachtaí Rialtais.
Beidh comhairliúchán poiblí ríthábhachtach chun bonn eolais a sholáthar le haghaidh cur chuige straitéiseach an Rialtais i leith na chéad Straitéise eile a fhéachfaidh freisin le hailíniú go dlúth le príomhthosaíochtaí Rialtais, sochaíocha agus eacnamaíocha.
Tá an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta anois ag lorg moltaí agus aighneachtaí ó dhaoine agus eagraíochtaí leasmhara ar na rudaí a mheasann siad gur cheart a bheith mar chuid den chéad Straitéis Náisiúnta um Thaighde agus Nuálaíochta eile a leanfaidh ar aghaidh go 2027.
Páipéar comhairliúcháin
D’fhonn cabhrú le daoine nó le heagraíochtaí ar mian leo aighneacht a dhéanamh, tá páipéar comhairliúcháin ullmhaithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DFHERIS) ina leagtar amach an cúlra náisiúnta a bhaineann le taighde agus nuálaíocht, agus tá ceisteanna ag gabháil leis atá le breithniú.
Tá sé mar aidhm ag an bpáipéar comhairliúcháin seo cuid de na príomhcheisteanna a léiriú a tháinig chun cinn i gcomhairliúcháin níos luaithe le príomhpháirtithe leasmhara. Léiríonn sé freisin an rún soiléir atá ar leibhéal an AE go gcuideoidh T&N lenár sochaithe téarnamh ón bpaindéim agus an Eoraip a ullmhú do dhúshláin na ndeich mbliana atá romhainn agus níos faide anonn.
Tá dhá chuid sa pháipéar comhairliúcháin. Déantar iniúchadh sa chéad chuid ar ár dtosaíochtaí straitéiseacha féideartha a d’fhéadfadh ár gcóras taighde agus nuálaíochta aghaidh a thabhairt orthu faoi 2027, agus dírítear sa dara chuid ar an gcaoi a bhféadfaí tacú leis na tosaíochtaí sin agus iad a chur ar fáil thar sé cholún lárnacha.
Molaimid duit an doiciméad comhairliúcháin a léamh agus a mheas sula ndéanann tú d’aighneacht a chomhlánú.
Treoracha maidir le haighneachtaí a chur isteach ar líne chuig comhairliúchán poiblí
Táimid ag iarraidh ar gach páirtí leasmhar cnaipe seachtrach an chomhairliúcháin atá ag bun an leathanaigh seo a úsáid chun aighneacht a chur faoi bhráid an chomhairliúcháin faoin gcéad Straitéis Náisiúnta eile um Thaighde agus Nuálaíocht. Tá na ceisteanna go léir a chuirtear sa doiciméad Comhairliúcháin leagtha amach againn agus tugaimid cuireadh duit freagra a thabhairt ar chuid acu nó orthu go léir. Cuirfear spás ar fáil ag deireadh gach coda le haghaidh aon trácht breise. Is é an líon focal a mholtar do gach freagra ná 300 focal (1,500 carachtar).
Más mian leat tagairt a dhéanamh dóibh, tá liosta iomlán na gceisteanna le fáil in Aguisín 4 den doiciméad comhairliúcháin.
Tabhair faoi deara go gcaithfidh tú brabhsálaí gréasáin reatha mar Google Chrome, Microsoft Edge, nó a leithéid a úsáid leis an uirlis seo.
Is é an dáta deiridh chun aighneachtaí a fháil ná am scoir Dé hAoine, 9 Iúil 2021.
Má tá aon fhadhb agat leis an uirlis aighneachta ar líne seol ríomhphost chuig Innovation_Strategy@dfheris.gov.ie.
Foilsiú Aighneachtaí agus Saoráil Faisnéise
Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta, a thugann tú go deonach don Roinn seo, de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta ag teacht leis an Acht um Chosaint Sonraí 1988 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2003.
Mar sin féin tabhair faoi deara an méid seo a leanas:
Go bhféadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm aighneachta a roinnt le Ranna Rialtais agus le heagraíochtaí Stáit ábhartha le linn an phróisis athbhreithnithe.
Go bhfuil sé beartaithe go gcuirfear gach aighneacht a gheofar ar fáil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus mar sin go bhféadfar iad a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin DFHERIS tar éis fhoilsiú na Straitéise.
Tá sonraí iomlána faoi bheartas cosanta sonraí na Roinne ina leagtar amach conas a úsáidfimid do chuid sonraí pearsanta chomh maith le faisnéis maidir le do chearta mar ábhar sonraí ar fáil ag https://www.education.ie/en/The-Department/Data-Protection.
Comhairliúchán seachtrach
Cliceáil ar an gcnaipe thíos chun breathnú ar an gcomhairliúchán.