English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Comhairliúchán

Téacs suímh ghréasáin d’Earnáil Oideachais Threasaigh Aontaithe

Consultation is closed


Cúlra

Tá fís beartais do chóras oideachais threasaigh agus taighde níos aontaithe á stiúradh ag DFHERIS mar chuid dá misean chun córais ardoideachais agus breisoideachais, taighde agus nuálaíochta na hÉireann a fhorbairt, lena chinntiú go bhfuil siad in ann freastal ar riachtanais éagsúla gach duine.

Lena chois sin, tarraingíonn an creat um ardoideachas a mhaoiniú agus a athchóiriú, ‘An Todhchaí a Mhaoiniú’, aird ar conas mar atá tús áite tugtha do chóras eolais agus scileanna a chruthú atá aontaithe agus cothromaithe d’fhonn réimse de dheiseanna foghlama atá comhleanúnach agus cuimsitheach a chur ar fáil.


Cuspóirí

Maidir le cuspóirí an bheartais físe seo agus na torthaí a bhfuil sé de rún iad a chur i gcrích, tiocfaidh siad le chéile chun dlús a chur le córas oideachais threasaigh agus taighde níos aontaithe a fhorbairt.

Deiseanna foghlama agus forbartha

Deiseanna foghlama agus forbartha níos éagsúlaí agus níos comhtháite a chur ar fáil thar réimse leathan agus bealaí soiléire fairsinge d’fhoghlaimeoirí is do thaighdeoirí chomh maith le córas atá níos saoráidí le húsáid tríd is tríd.

Cuimsiú

A bheith níos dúthrachtaí ó thaobh cur chuige níos comhtháite i leith ionchuimsithe a chur i bhfeidhm ar fud an chórais threasaigh go léir d’fhonn feabhas a chur ar straitéisí chun aghaidh a thabhairt ar mhíbhuntáiste socheacnamaíoch agus grúpaí a bhfuil tearcionadaíocht acu.

Ag Dul in Oiriúint d’Athrú

Breisoideachas, oiliúint, ardoideachas, taighde agus nuálaíocht a athrú ó bhonn ar bhealach atá níos éifeachtaí agus níos freagraí, iad á gcur in oiriúint i dteannta a chéile d’athruithe agus do dhúshláin amach anseo.

Scileanna agus Daoine Cumasacha

Cur chuige níos lúfaire, níos solúbtha agus níos comhtháite a chur i bhfeidhm ar fud an chórais ar mhaithe le scileanna a thabhairt don lucht saothair agus don daonra iomlán chomh maith le cruthú eolais a chur chun cinn i margadh saothair agus i sochaí atá ag athrú go tapa agus é seo go léir a dhéanamh ar bhealach atá níos leithne ach níos comhtháite.

Athchothromú réigiúnach

Forbairt réigiúnach atá níos cothroime a chur ar bun agus ionaid bhreisoideachais agus taighde a chur i gcroílár an phróisis seo.

Go bunúsach, córas breisoideachas agus taighde níos aontaithe a chothú, córas a bhfuil naisc níos láidre agus níos doimhne mar chomhartha sóirt aige agus a bhfuil sé d’acmhainn aige a bheith níos freagrúla do riachtanais mac léinn, foghlaimeoirí agus taighdeoirí chomh maith le plé níos fearr a dhéanamh leis an ngeilleagar, leis an tionscal, agus leis an sochaí níos leithne.

Aithníonn an roinn na láidreachtaí atá ag na hearnálacha atá ann cheana féin laistigh den chóras oideachais tríú leibhéal agus aithnítear an obair leanúnach ina leith seo. Níl sé mar aidhm ag an mbeartas seo córas aonchineálach a fhorbairt: a mhalairt ghlan atá i gceist agus sinn ag iarraidh na láidreachtaí aonair seo a fhorbairt i dtreo córas níos comhleanúnaí agus níos comhoibríche.


Seisiún eolais do pháirtithe leasmhara

Féach ar an seisiún eolais a ndearna an tAire Simon Harris cathaoirleacht air an 20 Meitheamh 2022.


Clár Polasaí

Tá DFHERIS tar éis Ardán beartais a fhorbairt a tharraingíonn na comhpháirteanna d’earnálacha breisoideachais agus oiliúna, ardoideachais, taighde agus nuálaíochta in Éirinn le chéile agus, i gcomhthéacs Chlár ghealltanais an Rialtas, cuireann sé fís do chóras níos aontaithe in iúl chomh maith le sraith de chuspóirí uileghabhálacha agus tionchair na n-athruithe a tharlóidh de bharr seo.

Is é cuspóir an t-ardán beartais seo ná tógáil ar ghníomhartha ar cuireadh tús leo cheana féin trí Ráiteas Straitéise na Roinne agus chun ardán a thabhairt do rannpháirtíocht oscailte leanúnach le hearnálacha agus le páirtithe leasmhara chun Straitéis don Oideachas Treasach a chomhchruthú.

Ba mhaith le DFHERIS an beartas seo a phlé le páirtithe leasmhara agus fáiltíonn sé roimh a gcuid tuairimí faoi.

Clár Polasaí: Córas Treasach Aontaithe a chur chun cinn le haghaidh Foghlama, Scileanna agus Eolais
Amharc amharc

Gníomhaíochtaí Spotsolais

Baintear fís agus cuspóirí de chóras treasach atá níos aontaithe amach trí phróiseas oscailte dáilte de chomh-chruthaitheacht a chur i bhfeidhm i gcomhar le hearnálacha agus le páirtithe leasmhara ar fud an chórais le go mbeidh sé ar a gcumas díriú ar ghníomhaíochtaí a shainaithint agus a chur chun cinn chun an sprioc seo a bhaint amach.

Tá an Roinn agus a cuid gníomhaireachtaí i mbun torthaí idirspleácha a shainaithint agus a chomhordú cheana féin chomh maith le gníomhaíochtaí chun a gcuid pleananna oibre a athrú chun feabhais

Gach bliain, mar chuid d’fhorbairt na Straitéise, foilseoidh an Roinn spotsolas ar ghníomhaíochtaí lena chinntiú go bhfuil an chur chuige atriallach agus bríomhar.

Tá tús á chur le spotsolas ar ghníomhaíochtaí ar leith in 2022.

Spotsolas 2022 ar ghníomhaíochtaí a chuireann forbairt córas treasach níos aontaithe chun cinn
Amharc amharc

Foilsiú Aighneachtaí agus Saoráil Faisnéise

Déileálfar le haon fhaisnéis phearsanta, a thugann tú go deonach don Roinn seo, de réir na gcaighdeán is airde slándála agus rúndachta ag teacht leis an Acht um Chosaint Sonraí 1988 agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2003.

Mar sin féin tabhair faoi deara an méid seo a leanas:

Go bhféadfar an fhaisnéis a chuirtear ar fáil san fhoirm aighneachta a roinnt le Ranna Rialtais agus le heagraíochtaí Stáit ábhartha le linn an phróisis athbhreithnithe.

Go bhfuil sé beartaithe go gcuirfear gach aighneacht a gheofar ar fáil faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise agus mar sin go bhféadfar iad a fhoilsiú ar shuíomh Gréasáin DFHERIS.

toradh an chomhairliúcháin

Nuashonruithe

Úsáidfidh DFHERIS an suíomh gréasáin seo chun nuashonruithe maidir leis an Ardán Beartais agus foilseacháin Gníomhaíochtaí Spotsolais a fhoilsiú, agus an bealach á réiteach do Straitéis i leith Oideachais Treasach a chruthú.

Úsáidfidh DFHERIS an suíomh gréasáin seo freisin chun ailt ócáideacha bhreise a fhoilsiú chomh maith le himeachtaí dírithe ar fhorbairt na Straitéise a chur chun cinn.

Déan teagmháil le

strategicpolicyunit@dfheris.gov.ie