English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Ár ngealltanas maidir le seirbhís do chustaiméirí


Inár gCairt Custaiméirí leagtar amach caighdeán na seirbhíse ar féidir leat bheith ag súil leis ón Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.

Tabhair faoi deara nach dtéann an chairt i bhfeidhm ar do chearta dlíthiúla agus ní thugtar cearta dlíthiúla nua duit léi.


Ár n-aidhm

Is í ár n-aidhm seirbhís phroifisiúnta, éifeachtúil agus dhea-mhúinte a chur ar fáil duit. Déanfaimid ár ndícheall freisin chun caighdeáin ár seirbhíse a fheabhsú.


Ár ngealltanas duit

Tá do shástacht thar a bheith tábhachtach dúinn. Is sé ár n-aidhm sin a bhaint amach tríd an méid a leanas a dhéanamh:

  • an tseirbhís agus an chomhairle is fearr agus is féidir a thabhairt duit
  • déileáil leat ar bhealach atá ceart, cothrom, neamhchlaonta agus dea-mhúinte
  • ag cinntiú go gcosnaímid do chearta dlíthiúla i leith caitheamh cothrom, agus tusa ag baint úsáid as ár seirbhísí
  • ag freastal ar riachtanas speisialta ar bith a d’fhéadfadh a bheith agat, nuair is féidir

Conas a dhéanaimid cumarsáid

Cumarsáid ar an teileafón

Is féidir leat glao a chur orainn ar (01) 889 6400 nó ar (01) 889 2344.

Freagróimid do ghlao mar a leanas:

  • Luan go Déardaoin 9:00rn to 5:45in
  • Ar an Aoine: 9:00rn to 5:15in

Déanfaimid an méid a leanas:

  • déanfaimid iarracht do ghlao a fhreagairt go gasta
  • muid féin agus ár réimse oibre a chur in aithne duit
  • beimid dea-mhúinte agus cuiditheach, agus déanfaimid ár ndícheall eolas soiléir agus ceart a chur ar fáil duit
  • glacfaimid do chuid sonraí agus glaofaimid ar ais ort ag am a fheileann duit, mura mbeimid in ann freagra a thabhairt duit láithreach bonn
  • ní dhéanfaimid tú a nascadh le glórphost ach amháin nuair nach bhfuil an duine ar mian leat labhairt leis/léi ar fáil
  • déanfaimid ár ndícheall freagairt ar theachtaireachtaí glórphoist laistigh de lá oibre amháin

Cumarsáid i scríbhinn

Nuair a scríobhann tú chugainn, déanfaimid an méid a leanas:

  • déanfaimid iarracht do chumarsáid a admháil laistigh de chúig lá oibre óna fáil
  • cuirfimid freagra deiridh ar fáil laistigh de 20 lá oibre
  • tabharfaimid míniú duit maidir le moill ar bith sula gcríochnóidh an tréimhse 20 lá
  • cuirfimid sonraí teagmhála iomlána agus uimhir thagartha ar fáil duit, nuair is ábhartha é sin

Má bhaineann do chumarsáid le roinn nó comhlacht rialtais eile, cuirfimid í ar aghaidh chuig an roinn sin, agus inseoimid duit cad atá déanta againn léi

Tabhair cuairt orainn

Nuair is mian leat cuairt phearsanta a thabhairt orainn, déanfaimid an méid a leanas:

  • beimid ar fáil chun bualadh leat trí choinne, le linn gnáthuaireanta oifige
  • cuirfimid fáilte dhea-mhúinte romhat, beimid cothrom agus cuiditheach, agus pléifimid le do cheisteanna chomh gasta agus is féidir
  • cuirfimid saoráidí coinne oiriúnacha ar fáil agus cinnteoimid go mbeidh ár n-oifigí glan agus sábháilte
  • cinnteoimid go mbeidh ár n-oifigí inrochtana do dhaoine faoi mhíchumais

Oifigigh Rochtana

Is féidir le cuairteoirí ar ár gcoimpléasc ag Sráid Marlborough teagmháil a dhéanamh le:

John Kelly

Teileafón: (01) 889 3632

Ríomhphost: johnA_kelly@education.gov.ie

Is féidir le cuairteoirí ar ár gcoimpléasc ag Corr na Madadh, Baile Átha Luain, teagmháil a dhéanamh le:

Tom Flattery

Teileafón: (090) 648 3847

Ríomhphost Tom_flattery@education.gov.ie

Is féidir le cuairteoirí ar ár gCoimpléasc ag Tulach Mhór teagmháil a dhéanamh le:

Margaret Molloy

Teileafón: (057) 932 4330

Ríomhphost Margaret_Molloy@education.gov.ie


Beartas um Stádas Comhionann

Geallaimid chun seirbhís a chur ar fáil ar féidir le gach custaiméir dár gcuid í a úsáid agus trína gcaitear leo ar bhonn comhionann.

Déanfaimid an méid a leanas:

  • déanfaimid ár ndícheall chun a chinntiú go bhfreastalaíonn ár seirbhís ar riachtanais grúpaí áirithe custaiméirí
  • iarrfaimid comhairle ónár gcustaiméirí, chun a chinntiú go bhfreastalaímid ar riachtanais rochtana dá gcuid
  • cuirfimid oiliúint oiriúnach ar fáil dár bhfoireann chun tacú leis na gealltanais sin

Seirbhís i nGaeilge

Más mian leat déileáil leis an Roinn trí mheán na Gaeilge, déanfaimid ár ndícheall chun freastal ort.


Oiliúint

Déanfaimid infheistíocht in oiliúint ar sheirbhís do chustaiméirí dár bhfoireann, go háirithe maidir leis an bhfoireann a phléann leis an bpobal.


Aiseolas a thabhairt dúinn nó gearán a dhéanamh

Más mian leat gearán a dhéanamh, nó más mian leat moladh a thabhairt maidir le conas is féidir linn ár seirbhís a fheabhsú, nó má tá ceist agat, is féidir leat:

  • ríomhphost a sheoladh chuig ár nOifig um Sheirbhís do Chustaiméirí ag CustomerService@dfheris.gov.ie
  • scríobh chuig Seirbhísí Custaiméirí, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Sráid Marlborough, Baile Átha Cliath 1
  • glao a chur orainn ar (01) 889 6400 nó ar (01) 889 2344

Tá ár nósanna imeachta chun gearán a dhéanamh deartha againn chun cuidiú leat gearán a dhéanamh. Leo sin, ligtear dúinn freagairt a dhéanamh agus rudaí a réiteach, nuair is féidir.

Tá muid tiomanta freisin chun ár gcustaiméirí a cheistiú maidir le conas atá muid ag déanamh. Is féidir leat cuidiú linn tríd an méid a leanas a dhéanamh:

  • tuairimí a chur ar fáil, gearán a dhéanamh, nó moladh a thabhairt maidir lenár seirbhís
  • foirmeacha suirbhé ar chustaiméirí ar bith a chomhlánú agus a chur ar ais a sheolaimid chugat

Cad atá le déanamh tar éis gearán a dhéanamh linn

Má rinne tú gearán, ach tá tú míshásta lenár bhfreagra, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman, nó chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman ag:

Oifig an Ombudsman

18, Sráid Líosain Íochtarach, Baile Átha Cliath 2

Teileafón: (01) 639 5600

Glao Áitiúil: 1890 223 030

Facs: (01) 6395674

Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí ag:

Oifig an Ombudsman do Leanaí

Teach na Mílaoise, 52-56, Sráid Mór na Trá, Baile Átha Cliath 1

Teileafón: (01) 865 6800

Saorghlao 1800 20 20 40

Ríomhphost: oco@oco.ie


Conas cumarsáid a dhéanamh linne

Is féidir linn cuidiú leat ar an mbealach is fearr má dhéanann tú an méid a leanas:

  • cuir eolas ar bith ar fail dúinn atá ábhartha do do cheist
  • cuir doiciméid agus uimhreacha tagartha ar bith ar fáil atá ábhartha
  • lean seicliostaí nó treoirlínte ar bith a cuireadh ar fáil duit
  • caith lenár bhfoireann agus le custaiméirí eile le cúirtéis agus le meas

Pointí teagmhála/uimhreacha teileafóin

Is féidir leat liosta de phointí teagmhála a aimsiú ar an suíomh gréasáin Cé a Dhéanann Cén Rud.

Cairt Custaiméirí na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta - Bealtaine 2021
Cairt Custaiméirí na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta - Bealtaine 2021 (i mBéarla)
Amharc amharc