English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An Comhairle Náisiúnta Scileanna


Is í an Chomhairle Náisiúnta Scileanna an t-ardán ardleibhéil do chomhpháirtíocht idir an córas oideachais agus oiliúna, agus ionadaithe an tionscail. Tá sí comhdhéanta d’oifigigh ó eagraíochtaí poiblí agus príobháideacha, a ghlacann páirt go deonach. Bunaíodh an chomhairle in 2017, faoi ‘Straitéis Náisiúnta Scileanna na hÉireann 2025’.

Tagann an chomhairle le chéile gach trí mhí agus déanann sí obair leanúnach.


An méid a dhéanann an Chomhairle Náisiúnta Scileanna

Maidir leis an gcomhairle:

  • tugann sí soláthraithe oideachais agus oiliúna le chéile le hionadaithe ón ngnó, chun freagairt go héifeachtach do riachtanais scileanna
  • tugann sí comhairle don Aire agus don roinn maidir le riachtanais scileanna tosaíochta, treo na forbartha scileanna agus eolais ar aon dul le treochtaí domhanda atá ag teacht chun cinn, agus na deiseanna agus na dúshláin maidir leis an bhfoghlaim agus leis an obair
  • déanann sí maoirseacht ar thaighde, agus faomhann sí tuarascálacha agus foilseacháin, a dhéanann an Grúpa Saineolaithe maidir le Riachtanais Scileanna Amach Anseo, agus Aonad Taighde um Scileanna agus Margaidh Saothair SOLAS

Téarmaí Tagartha

  • Tograí a ndearnadh costáil orthu a ghlacadh agus iad a mheas do chlár taighde/oibre bliantúil an EGFSN sula gcuirfear an clár isteach go foirmiúil chuig an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta d’fhonn maoiniú a fhaomhadh nó maoiniú ón Roinn Oideachais nó ón Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta de réir mar is iomchuí.
  • Pleananna gníomhaíochta comhaontaithe a ghlacadh, a mheas agus a fhaomhadh roimh fhoilsiú agus iad bunaithe ar thorthaí taighde an EGFSN
  • Taighde agus tuarascálacha a ghlacadh, a mheas agus a fhoilsiú maidir le sonraí i dtaca le scileanna agus margadh an tsaothair ó Aonad Taighde um Scileanna agus Margadh an tSaothair SOLAS
  • Tuarascálacha a ghlacadh maidir le hobair na bhFóram Réigiúnach um Scileanna agus breithniú a dhéanamh ar mheasúnachtaí ó na Fóraim Réigiúnacha maidir le forbairt scileanna sna réigiúin dá gcuid.
  • Tuarascálacha a ghlacadh ó SOLAS, ón ÚAO agus ó Chathaoirligh Chomhairle Uachtaráin na nOllscoileanna agus ó na hInstitiúidí Teicneolaíochta maidir le freagairtí a thabhairt ar na riachtanais scileanna arna sainaithint.
  • Tuarascálacha a ghlacadh ó DFHERIS, ón ÚAO agus ó SOLAS maidir le leithdháiltí maoinithe foriomlána le haghaidh oideachas agus oiliúint a sholáthar.
  • Nuashonruithe a chur ar fáil ar iarratas ó ranna rialtais eile maidir le straitéisí gaolmhara.
  • Nuashonruithe rialta a ghlacadh ó pháirtithe leasmhara ábhartha eile (GFT Éireann, Fiontraíocht Éireann, Fondúireacht Eolaíochta Éireann) maidir le deiseanna earnála agus réimsí sprice ionchasacha a fhorbairt le haghaidh Infheistíocht Dhíreach Eachtrach agus breithniú a dhéanamh ar shaincheisteanna chomh maith le comhairle a thabhairt ina leith a bhaineann le hinfhaighteacht scileanna chun tacú lena leithéid de dheiseanna fostaíochta.
  • Beartú tosaíochta bliantúil a ullmhú maidir le riachtanais scileanna arna sainaithint chun eolas a thabhairt le haghaidh cinntí ar leithdháileadh maoinithe ar fud Breisoideachais agus Oiliúna (FET), Ardoideachais (HE) agus na Skillnet-anna. Sa bheartú tosaíochta sin ba cheart go mbeadh tagairt do leibhéil agus do réimsí disciplíní agus meicníochtaí soláthair san áireamh leis, mar shampla, soláthar príomhshrutha/cistí sprioctha
  • Cuirfear ráiteas bliantúil maidir le hobair na Comhairle faoi bhráid an Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta agus foilseofar é tráth nach déanaí ná deireadh mhí Mhárta na bliana dár gcionn.

Ballraíocht

Ainm Teideal agus eagraíocht
An tUasal Bob Savage Cathaoirleach agus Leas-Uachtarán, CIO Réigiúnach do EMEA agus Ceannaire Láithreán Chorcaí Dell Technologies
An tUasal Jim Breslin* Ard-Rúnaí, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
An tUasal William Beausang Rúnaí Cúnta, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
An tUasal Dalton Tattan Ard-Rúnaí Cúnta, an Roinn Oideachais
An Dr Alan Wall POF, an tÚdarás Ardoideachais
An Dr Padraig Walsh POF, Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI)
An tUasal Andrew Brownlee POF, SOLAS
An tUasal Martin Shanahan POF, GFT
An tUasal Leo Clancy POF, Fiontraíocht Éireann
An tOllamh Mark Ferguson Ard-Stiúrthóir, Fondúireacht Eolaíochta Éireann
An tUasal Paddy Lavelle Ard-Stiúrthóir, Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann
An Dr Orlaigh Quinn Ard-Rúnaí, an Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
An tUasal John McKeon Ard-Rúnaí, an Roinn Coimirce Sóisialta
An tUasal Patricia Coleman Ard-Rúnaí Cúnta, an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
An tOllamh David FitzPatrick Cumann Ollscoileanna Éireann Uachtarán, OT Bhaile Átha Cliath
An Dr Brendan McCormack Cathaoirleach Bhord na nUachtarán, an Comhlachas um Ardoideachas Teicneolaíochta
An tUasal Liam Ryan Stiúrthóir Bainistíochta, SAP Labs Ireland
An tUasal Martin McVicar Stiúrthóir Bainistíochta, Combilift
An tUasal Peter Mulrine Úinéir, Stiúrthóir, P Mulrine & Sons Sales
Paul Healy Príomhfheidhmeannach, Skillnet Ireland
Patricia Roberts Úinéir

Doiciméid na gcruinnithe


Sonraí teagmhála

Ríomhphost: secretariat_nsc@dfheris.gov.ie

Seoladh: An tAonad um Pleanáil Scileanna agus Teagmháil le Fiontraíocht, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Sráid Marlborough, Baile Átha Cliath 1, D01 RC96