English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 - Oifigigh Phoiblí Ainmnithe

Deartar an tAcht um Brústocaireacht a Rialáil 2015 chun eolas a chur ar fáil don phobal maidir le cé ar a bhfuil daoine áirithe ag déanamh brústocaireachta agus an t-ábhar atá i gceist. Bhunaigh an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí clár brústocaireachta ar líne.

Éilítear le hAlt 6(4) den Acht go bhfoilsíonn gach comhlacht poiblí liosta d’oifigigh phoiblí ainmnithe an chomhlachta. Tá dhá chuspóir i gceist leis an liosta:

  • chun ligean do bhaill an phobail na daoine sin a shainaithint atá ina n-oifigigh phoiblí ainmnithe
  • mar acmhainn don lucht brústocaireachta chun fillteán a chomhdú leis an gClár a bhféadfadh sé a bheith riachtanach dó sonraí oifigigh phoiblí ainmnithe a fhoinsiú

Is iad na hOifigigh Phoiblí Ainmnithe (DPOnna) laistigh den Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta faoin reachtaíocht seo mar a leanas:

  • Simon Harris – an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
  • Niall Collins – an tAire Stáit ag a bhfuil freagracht as Scileanna agus Breisoideachas
  • Sarah Bardon – Comhairleoir Speisialta don Aire Harris
  • Colm O'Reardon – Ard-Rúnaí
  • Keith Moynes, Rúnaí Cúnta, Ceann Taighde, Rochtana, Caipitil, AE agus Idirnáisiúnta
  • William Beausang, Rúnaí Cúnta, an Rannóg Beartais um Oideachas Tríú Leibhéal agus Scileanna
  • Paul Lemass, Rúnaí Cúnta, an Rannóg Chorparáideach
  • Deirdre Lillis, Rúnaí Cúnta, Ceann Taighde, Nuálaíochta, Fianaise do Bheartas agus Rannán AE/Idirnáisiúnta

Grúpaí/Coistí atá díolmhaithe faoin gCód Follasachta