Gearán a dhéanamh faoin roinn
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 3 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 23 Meán Fómhair 2022
- Conas gearán a dhéanamh
- Ár ngealltanas maidir le seirbhís do chustaiméirí
- An méid nach féidir leat gearán a dhéanamh faoi
- Achomhairc
- Gearán a dhéanamh le hOmbudsman
Conas gearán a dhéanamh
Má tá tú míshásta le seirbhís a chuir an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ar fáil, seo an méid is féidir leat a dhéanamh chun iarracht a dhéanamh sin a réiteach.
Déan gearán go háitiúil
Sa chéad dul síos, cuir i bhfios don duine lena bhfuil tú ag déileáil maidir leis an bhfadhb. Más fearr leat, inis don duine sin gur mhaith leat labhairt le bainisteoir. Déanfaidh an bheirt acu iarracht cuidiú leat. Déanfaimid iarracht gach fadhb a réiteach ar leibhéal áitiúil, nuair is féidir.
Déan gearán le Seirbhísí Custaiméirí
Má tá tú fós míshásta agus más mian leat gearán a dhéanamh, is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Custaiméirí trí:
- ríomhphost a sheoladh chuig CustomerService@dfheris.gov.ie
- trí scríobh chuig Seirbhísí Custaiméirí, an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, Sráid Marlborough, Baile Átha Cliath 1
- trí ghlao a chur ar (01) 889 6400 nó ar (01) 889 2344
Conas gearán a dhéanamh
Is féidir leat gearán a dhéanamh ó bhéal nó i scríbhinn. Coinneoidh muid taifead i scríbhinn den ghearán ó bhéal.
Chun ár n-imscrúdú ar do ghearán a luathú, inis an méid a leanas dúinn:
- d’ainm, do sheoladh agus d’uimhir theileafóin
- sonraí iomlána do ghearáin
- ainmneacha na n-oifigeach nó na rannóg a bhí ag déileáil leat
- an méid a rinne tú cheana féin chun iarracht a dhéanamh d’fhadhb a réiteach ar leibhéal áitiúil
Más gearán casta atá agat, d’fhéadfadh sé a bheith níos fearr é a chur i scríbhinn. Ar an mbealach sin, ní fhágfaidh tú sonraí tábhachtacha ar bith ar lár.
Coinnigh cuimhne chun cóipeanna de gach doiciméad, litir nó ríomhphost ábhartha a sheoladh chugainn a d’fhéadfadh a bheith agat.
Má tá riachtanais speisialta agat a d’fhéadfadh cur isteach ar do chumas chun gearán a dhéanamh, cuir sin in iúl dúinn a luaithe is féidir. Déanfaimid ár ndícheall chun cuidiú leat.
Ár bpróiseas chun gearán a dhéanamh
Déanfaidh Seirbhísí Custaiméirí socrú chun go ndéanfaidh ceann na rannóige ábhartha imscrúdú ar do ghearán. D’fhéadfadh ceann na rannóige oifigeach eile a roghnú chun féachaint ar do ghearán.
Tabharfaimid freagra maidir le do ghearán laistigh de 20 lá oibre óna fháil. Mura mbeimid in ann freagra a thabhairt laistigh den tréimhse sin, cuirfimid sin in iúl duit. Coinneoimid ar an eolas tú maidir le cathain a bheidh muid ag súil le freagra a thabhairt.
Nuair a dhéanfaimid do ghearán a imscrúdú agus freagra a thabhairt ina leith, déanfaimid na nithe a leanas:
- caithfimid le do ghearán go cothrom agus gan chlaonadh
- leanfaimid le seirbhísí uile dár gcuid a chur ar fáil duit, beag beann ar do ghearán
- glacfaimid le botún ar bith a rinneamar
- tabharfaimid míniú maidir le cad a tharla
- déanfaimid é a réiteach, nuair is féidir
Má tá tú míshásta lenár bhfreagra i leith do ghearáin, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig Oifig an Ombudsman, nó chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí. Gheobhaidh tú na sonraí teagmhála d’oifigí an Ombudsman ag bun an leathanaigh seo.
Ár ngealltanas maidir le seirbhís do chustaiméirí
Inár gCairt Custaiméirí leagtar amach caighdeán na seirbhíse ar féidir leat bheith ag súil leis ónár bhfoireann.
An méid nach féidir leat gearán a dhéanamh faoi
Ní bhreithnímid gearáin a bhaineann leis na nithe a leanas:
- gnáth-iarratas céaduaire ar sheirbhís
- saincheisteanna tá á bplé trí chaingean dlí
- scoil, bord oideachais agus oiliúna, nó institiúid nó gníomhaireacht oideachais - déan teagmháil leis an ngníomhaireacht maidir le d’fhadhb
- iarratas um shaoráil faisnéis nó cosaint sonraí
- cinneadh a rinneadh roinn nó comhlacht rialtais eile
- athruithe ar an dlí arna ndéanamh ag an Oireachtas
- iarratas ar fhaisnéis, nó ar mhíniú ar bheartas nó ar chleachtas
- gearán dúnta a athoscailt, nó féachaint ar ghearán arís
- fadhb a bhfuil cinneadh deiridh dár gcuid ina leith tugtha duit cheana féin - má tá tú fós míshásta, is féidir leat achomharc a dhéanamh chuig an Ombudsman nó chuig an Ombudsman do Leanaí
Achomhairc
Má tá tú míshásta le cinneadh a rinne an roinn, agus má tá próiseas achomhairc ar fáil, is féidir leat achomharc a dhéanamh ina leith.
Is féidir leat achomharc a dhéanamh i leith cinntí a bhaineann leis na nithe a leanas:
- an dóigh a gcuireamar seirbhís ar fáil duit
- do cheart le haghaidh seirbhís a fháil
- gníomhaíochtaí arna rialú ag an roinn
Tá próiseas achomhairc ar fáil maidir le cinntí i leith deontais mac léinn.
Mura bhfuil próiseas achomhairc ar fáil, nó má dhéanann tú achomharc agus tá tú míshásta leis an toradh, is féidir leat gearán a dhéanamh leis an Ombudsman nó leis an Ombudsman do Leanaí.
Gearán a dhéanamh le hOmbudsman
Oifig an Ombudsman
Is oifig chothrom, neamhspleách agus saor in aisce le húsáid í Oifig an Ombudsman.
Iarrfaidh an tOmbudsman sonraí do ghearáin agus cóip dár bhfreagra deiridh ar do ghearán. Is í an dóigh is fearr chun teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman:
- trí chuairt a thabhairt ar an leathanach gearáin ar shuíomh gréasáin an Ombudsman
- trí scríobh chuig Oifig an Ombudsman, 6 Ardán Phort an Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773
- trí ghlao a chur ar 01 636 5600, má tá ceisteanna ar bith agat, nó má theastaíonn cúnamh uait chun do ghearán a dhéanamh
An tOmbudsman do Leanaí
Is féidir leat gearán a dhéanamh freisin leis an Ombudsman do Leanaí, má bhaineann an gearán le seirbhís a cuireadh ar fáil do leanbh. Is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Ombudsman do Leanaí:
- trí chuairt a thabhairt ar an leathanach gearáin ar shuíomh gréasáin an Ombudsman
- trí ríomhphost a sheoladh chuig oco@oco.ie
- trí scríobh chuig Oifig an Ombudsman do Leanaí, Teach na Mílaoise, 52-56 Sráid Mór na Trá, Baile Átha Cliath 1
- trí ghlao teileafóin a chur ar (01) 865 6800 nó ar shaorghlao 1800 20 20 40