English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Ráiteas um Chosaint Leanaí



Teagmhálaí Ainmnithe / Leas-Teagmhálaí Ainmnithe Teagmhálaí (Leas-Teagmhálaí)

Tá Teagmhálaí Ainmnithe agus Leas-Teagmhálaí Ainmnithe ceaptha ag Rannán Corparáideach na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, chun críocha aon ábhair imní um chosaint leanaí a ardaítear i dtaca le baill foirne na Roinne agus lena chinntiú go leanfar na nósanna imeachta um thuairisciú laistigh den Roinn, ionas go ndéantar ábhair imní um leas agus cosaint leanaí a chur ar aghaidh láithreach chuig na húdaráis ábhartha.

I gcás go bhfaigheann ball foirne den Roinn ábhar imní/líomhain um chosaint leanaí faoi dhrochúsáid linbh i gcoinne ball foirne reatha nó iarbhall foirne den Roinn, ní mór dóibh an glaoiteoir nó an comhfhreagras a chur ar aghaidh chuig an Teagmhálaí Ainmnithe nó chuig an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe.

  • Is é David Keating, an Rannán Corparáideacha, Baile Átha Cliath, an Duine Teagmhálaí ag Teileafón: 087 367 7748 Ríomhphost: David_Keating@dfheris.gov.ie
  • Is í Anne Ribault-O’Reilly, an Rannán Corparáideach, Baile Átha Cliath, an Leas-Teagmhálaí Ainmnithe, ag Teileafón: 087 1972090 Ríomhphost: Anne_Ribault@dfheris.gov.ie
  • Le haghaidh fiosrúcháin i ndáil leis an Ráiteas um Chosaint Leanaí seo, déan teagmháil le do thoil le Eileen Guiney, an Duine Ábhartha faoin An tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015, ag Teileafón: 01 - 8892130 nó ríomhphost: Eileen_Guiney@education.gov.ie

Tiomantas do leanaí a choinneáil slán ó dhíobháil

Tá an Roinn tiomanta go hiomlán do na caighdeáin is airde maidir le cosaint leanaí a choimeád, ar aon dul leis an reachtaíocht ábhartha lena n-áirítear an tAcht um Thús Áite do Leanaí 2015 agus le heolas ón dea-chleachtas lena n-áirítear Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí (eagrán 2017) arna foilsiú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige mar a thugtaí air an tráth sin (An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige anois) chomh maith le Cosaint Leanaí: Treoir maidir le Polasaí, Nós imeachta agus Cleachtas de chuid Tusla.

Tá sábháilteacht, leas agus forbairt leanaí agus daoine óga ina bpríomhchuspóir agus ina bpríomhthosaíocht ag an Roinn. Cé go mbaineann daoine fásta leas as bulc na seirbhísí ar a ndéanann an Roinn maoirseacht, bíodh is mar atá, tá freagracht agus dualgas cúraim ar gach ball foirne de chuid na Roinne as a chinntiú go mbeidh gach leanbh/duine óg a bhaineann leas as ár seirbhísí sábháilte agus go gcosnófar iad ar dhíobháil (díobháil choirp/mhothúchánach/mí-úsáid ghnéasach nó faillí). Baineann na polasaithe agus na nósanna imeachta atá léirithe sa Ráiteas um Chosaint Leanaí seo le baill foirne uile na Roinne.

Príomhphrionsabail um chosaint leanaí

  • Tá sábháilteacht agus cosaint leanaí a bhíonn i dteagmháil le hoifigigh na Roinne fíorthábhachtach.
  • Thug an Roinn bearta isteach agus leanfaidh sí le bearta a chur i bhfeidhm chun feasacht i measc na foirne uile maidir le prionsabail um chosaint leanaí agus an dea-chleachtas a spreagadh
  • Déantar baill foirne a nochtann eolas faoi amhras faoi dhrochúsáid leanaí nó faillí leanaí a chosaint leis an reachtaíocht chuí, lena n-áirítear an tAcht um Chosaintí do Dhaoine a Thuairisceoidh Drochúsáid Leanaí 1998 lena ndéantar foráil i leith cosaint a thabhairt do dhliteanas sibhialta daoine a chuir in iúl do Tusla agus/nó don Garda Síochána ‘go réasúnta agus de mheon macánta’ go raibh drochúsáid leanaí nó faillí ar bun. Ba chóir go mbeadh baill foirne ar an eolas go bhfuil an ceart acu i gcónaí ábhair imní réasúnta a ardú fiú mura ndéantar iad sin a dheimhniú i measúnú de chuid Tusla nó i bhfiosrúchán a dhéanann na Gardaí ina dhiaidh sin agus molann an Roinn seo go mór go ngníomhaítear go freagrach i gcónaí
  • I gcomhréir leis an dea-chleachtas faoi Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta, ceapadh Teagmhálaí Ainmnithe agus Leas-Teagmhálaí Ainmnithe
  • Tugann na baill foirne ar fad faoi oiliúint maidir leis na nósanna Imeachta chun freagairt ar ábhair imní faoi chosaint leanaí ar a ndírítear aird orthu.
  • Cuirfear gach beartas agus nós imeachta is infheidhme de chuid na Roinne ar fáil d’aon leanbh nó dá dtuismitheoirí/caomhnóirí nó, ar iarratas.

Seirbhísí Ábhartha

Sainaithníodh na réimsí seo a leanas mar réimsí ina soláthraítear ‘seirbhís ábhartha’ laistigh de bhrí Sceideal 1 den Acht um Thús Áite do Leanaí 2015.

  • Tá freagracht ag Aonad do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas (HEEA) na Roinne as líon scéimeanna scoláireachta agus sparánachta san earnáil ardoideachais. Tá formhór na scoláirí os cionn 18 mbliana d’aois ach d’fhéadfadh cuid díobh a bheith faoi 18 mbliana d’aois. Déanfaidh baill foirne na Roinne idirchaidreamh leis na scoláire tríd an ríomhphost. Is é an t-aon chás a bhféadfadh ball foirne buaileadh le scoláire faoi 18 mbliana d’aois (go pearsanta) ag imeacht poiblí uair amháin in aghaidh na bliana, nuair a fhreastalaíonn faighteoirí Scoláireachtaí na hÉireann ar shearmanas bronnta.
  • Tá Aonad HEEA freagrach chomh maith as rialachas a dhéanamh ar aonad gnó na Tacaíochta Comhchoitinne do Mhic Léinn (SUSI) in Éirinn de chuid Bhord Oideachais agus Oiliúna Chathair Bhaile Átha Cliath (BOOCAB), a dhéanann an scéim deontais do mhic léinn a riar chomh maith thar ceann an Aire. Tá bord neamhspleách reachtúil achomharc ann a éisteann achomhairc ó mhic léinn maidir le cinntí a dhéanamh SUSI. Déanann baill foirne na Roinne caidreamh leis na hachomharcóirí ar an nguthán nó ar an ríomhphost. Cé go bhfuil formhór na scoláirí sin os cionn 18 mbliana d’aois, d’fhéadfadh sé go bhfuil cuid acu níos óige.
  • Lena chois sin, tá Aonad HEEA freagrach as an Scéim Tacaíochta do Mhic Léinn ar scéim riaracháin í agus tairgeann sí tacaíochtaí deontais ar nós scéim deontas SUSI ar scéim reachtúil í le haghaidh mic léinn ionchasacha atá sa chóras idirnáisiúnta leathan um chosaint. Déanann na baill foirne caidreamh leis na hiarrthóirí agus na sealbhóirí deontais ar an nguthán nó ar an ríomhphost, agus d’fhéadfadh cuid díobh sin a bheith faoi 18 mbliana d’aois. Níl ról ar bith ann maidir le custaiméirí san oifig, áfach, mar sin ní bhíonn na scoláirí i dteagmháil le baill foirne Aonad HEEA go pearsanta.
  • Soláthar tréimhsiúil socrúchán taithí oibre do scoláirí, lena n-áirítear scoláirí na hidirbhliana atá faoi bhun 18 mbliana d’aois. Ní thagann fostaíocht oifigeach cléireachais sealadach (OCTanna) atá faoi bhun 18 mbliana d’aois laistigh den sainmhíniú ar sholáthar seirbhíse ábhartha faoin Acht um Tús Áite do Leanaí 2015, ach tá an Roinn tiomanta don dea-chleachtas agus measann sí go mbaineann na rioscaí céanna leo agus a bhaineann leis na cinn atá i bhfeidhm ar scoláirí a oibríonn ar shocrúcháin oibre atá faoi bhun 18 mbliana d’aois.
  • Bíonn an Roinn nó baill foirne Aireachta ag caidreamh le daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois chomh maith, i suíomhanna eile, ar mhaithe le roinnt cuspóirí, lena n-áirítear, freastal ar sheoltaí, comórtais, taispeántais; mar chuid de phróisis um chomhairliúcháin ar cheisteanna a bhaineann le breisoideachas nó ardoideachas nó chun críocha cur chun cinn/spreagadh feasachta faoi chúrsaí breisoideachais nó ardoideachais.

Cuireadh na gníomhaireachtaí/comhlachtaí atá faoi choimirce na Roinne seo a thagann laistigh den sainmhíniú ar sholáthraí ‘seirbhíse ábhartha’ faoin reachtaíocht, ar an eolas faoin oibleagáid reachtúil atá orthu a gcuid Ráiteas um Chosaint Leanaí a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfuil na nósanna imeachta oiriúnacha um thuairisciú i bhfeidhm chun riachtanais an Achta um thuairisciú a léiriú i dtaca le haon duine faoi shainordú atá ag obair sna heagraíochtaí sin agus na dualgais um thuairisciú dea-chleachtais do gach duine mar atá leagtha amach faoi Tús Áite do Leanaí: An Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí 2017.


Measúnú Riosca

Rinne Roinn measúnú riosca lenar cuireadh bonn eolais faoin Ráiteas um Chosaint Leanaí seo ina ndearnadh measúnú ar aon díobháil a d’fhéadfadh oifigigh na Roinne a dhéanamh do leanbh agus é/ í ag baint leas as seirbhísí na Roinne, lena n-áirítear seirbhísí ar líne. Ullmhaíodh é i gcomhréir le hAlt 11(1)(a) den Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 chomh maith, ina sainmhínítear riosca mar ‘aon fhéidearthacht go ndéanfaí díobháil do leanbh agus an tseirbhís á húsáid aige/aici’. Tá liosta de na réimsí riosca a sainaithníodh agus achoimre ar na nósanna imeachta tá i bhfeidhm chun na rioscaí sin a bhainistiú/a mhaoiniú ar fáil thíos.

Aonad do Chothromas Rochtana ar an Ardoideachas (HEEA)

Riosca(í) a Sainaithníodh

  • An fhéidearthacht go ndéanfadh ball foirne díobháil do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois, le linn caidrimh ar a nguthán nó ar an ríomhphost agus scoláire faoi 18 mbliana d’aois i riarachán scéimeanna scoláireachta, na Scéime Tacaíochta do Mhic Léinn agus achomharc maidir le cinntí faoi dheontais mac léinn ag SUSI
  • An bhféidearthacht go ndéanfadh ball foirne díobháil do dhuine faoi 18 mbliana d’aois, le linn freastal ar Shearmanas Bronnta Scoláireachtaí na hÉireann

Nósanna imeachta atá bhfeidhm chun na riosca(í) sin a bhainistiú/a mhaolú

  • Tá formhór na scoláirí a mbíonn foireann Aonad HEEA ag caidreamh leo os cionn 18 mbliana d’aois, ach d’fhéadfadh sé corruair go ndéanfadh leanaí faoi bhun 18 mbliana d’aois teagmháil leis an tseirbhís
  • Ní bhíonn foireann HEEA ag caidreamh le scoláirí ach ar an nguthán nó ar an ríomhphost amháin
  • Tá na nósanna imeachta atá i bhfeidhm, maidir le baill foirne uile na Roinne, chun rioscaí a shainaithnítear a bhainistiú/a mhaolú leagtha amach thíos, agus tá feidhm acu freisin maidir le baill foirne Aonad HEEA

Fostaíocht/socrúcháin Oibre daoine faoi bhun 18 mbliana d’aois sa Roinn

Riosca(í) a Sainaithníodh

  • An fhéidearthacht go ndéanfadh ball foirne díobháil do dhuine atá faoi bhun 18 mbliana d’aois agus é nó í fostaithe ag an Roinn nó é nó í rannpháirteach i socrúchán taithí oibre na hidirbhliana nó i socrúchán taithí oibre eile leis an Roinn
  • Go mbeadh cineál na hoibre leis an duine faoi bhun 18 mbliana d’aois, míchuí agus go bhféadfadh sé a bheith díobhálach nó go dtiocfadh an duine sin ar acmhainní ar líne a bheadh míchuí, le linn a bhfostaíochta/socrúcháin
  • Go dtarlódh sé nach ndéanfaí líomhain díobhála (cé acu ar tharla nó nár tharla sé i rith an tsocrúcháin) a nochtann an duine óg nó atá feicthe ag ball foirne/a bhfuil ball foirne in amhras faoi, a thuairisciú go hiomchuí don Teagmhálaí Ainmnithe/Leas-Teagmhálaí Ainmnithe agus/ nó do na húdaráis reachtúla iomchuí

Nósanna imeachta atá bhfeidhm chun na riosca(í) sin a bhainistiú/a mhaolú

  • D’fhorbair Aonad na nAcmhainní Daonna (AD) nósanna imeachta maidir le socrúcháin oibre do scoláirí, lena n-áirítear scoláirí na hidirbhliana agus fostaíocht ball foirne faoi bhun 18 mbliana d’aois, lena n-áirítear oifigigh chléireachais shealadacha a sholáthraítear do na baill foirne sin ag a n-ionduchtú agus do bhainisteoirí na réimsí gnó dá bhfuil na baill foirne shealadacha sin sannta
  • Cuirfear ball foirne in aithne go pearsanta do bhaill foirne nó do scoláirí ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois a bheidh ina theagmhálaí breise dóibh – lasmuigh den aonad gnó dá bhfuil siad sannta – chun aon fhadhbanna nó ábhair imní maidir le drochúsáid, bulaíocht/ciapadh, iompraíocht mhíchuí, nó aon ábhar imní eile a ardú leo. Beidh an teagmhálaí sin ina (h)Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin ón Aonad AD
  • Agus sannacháin oibre á socrú, bíonn Aonad AD cúramach nach gcuirfidh siad scoláirí na hidirbhliana/oifigigh chléireachais shealadacha, faoi bhun 18 mbliana d’aois, isteach i réimsí gnó i gcás go bhféadfadh nochtadh d’obair áirithe a bheith anacrach nó míchuí do dhuine óg
  • Cuirtear cóip de pholasaí na Roinne maidir le Teicneolaíocht Faisnéise agus Cumarsáide ar fáil do na baill foirne uile lena n-áirítear scoláirí na hidirbhliana agus oifigigh chléireachais shealadacha, faoi bhun 18 mbliana d’aois. Déantar breac-chuntas soiléir sa pholasaí ar úsáid chuí/mhíchuí agus údaraithe/neamhúdaraithe acmhainní TF na Roinne. Lena chois sin, cuireann na bogearraí atá in úsáid sa Roinn bac uathoibríoch ar chatagóirí áirithe suíomhanna gréasáin míchuí, mar shampla, pornagrafaíocht, cearrbhachas agus cluichí ríomhaireachta

Baill foirne uile na Roinne

Riosca(í) a Sainaithníodh

  • Mainneachtain ag ball foirne ar bith de chuid na Roinne ábhar imní faoi leanbh a díríodh ar a aird nó ar a haird le linn a chuid nó a cuid oibre a thuairisciú i gceart
  • An fhéidearthacht go ndéanfadh ball foirne den Roinn díobháil do leanbh le linn cuairteanna oifigiúla, na Roinne nó Aire, ar shuíomhanna breisoideachais nó ardoideachais nó trí chineálacha eile rannpháirtíochta/comhairliúcháin le leanaí
  • An fhéidearthacht go ndéanfadh an Roinn díobháil do leanbh, trí úsáid neamhúdaraithe sonraí maidir le leanbh

Nósanna imeachta atá bhfeidhm chun na riosca(í) sin a bhainistiú/a mhaolú

  • Nósanna Imeachta chun freagairt ar ábhair imní faoi chosaint leanaí ar a ndírítear aird na mball foirne
  • Cuirtear seimineáir ghréasáin oiliúna maidir le freagairt ar ábhair imní um chosaint leanaí ar fáil do na baill foirne, a gheobhaidh deimhniúchán chomh maith lena dhearbhú gur chuir siad an oiliúint i gcrích
  • Déantar cuairteanna ar shuíomhanna breisoideachais agus ardoideachais ag oifigigh ón Roinn agus caidreamh ar bith eile acu le scoláirí i láthair ionadaí ón institiúid ábhartha
  • Táthar ag súil go gcloífidh na baill foirne go léir leis na cóid agus polasaithe ábhartha Roinne agus Státseirbhíse ina gcaidreamh le leanaí agus le daoine óga. D’fhéadfadh gníomh smachtaithe foirmiúil, suas go dtí briseadh, agus briseadh san áireamh, a bheith i mar thoradh neamhchomhlíonadh na bpolasaithe sin agus ar mhainneachtain seasamh leis na caighdeáin iompair a mbítear ag súil leo
  • Coinníoll reatha den cheapachán ná go bhfuil na hiarrthóirí a cheaptar i bpoist bhuana sa Roinn faoi réir ghrinnfhiosrúchán an Gharda Síochána atá á bhainistiú go príomha ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (SCP)
  • Ceanglaítear ar na baill foirne oiliúint maidir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a dhéanamh agus deimhniúchán a fháil lena dhearbhú gur éirigh leo sa chúrsa RGCS sin
  • Éilíonn an Roinn foirmeacha um thoiliú a bheidh sínithe ag tuismitheoir/caomhnóir maidir le hainmneacha/íomhánna/sonraí eile leanaí a úsáid chun críocha cur chun cinn nó spreagadh feasachta a d’fhéadfaí a fheiceáil i bhfíseáin, sna meán shóisialta, i bhfoilseacháin, agus ag imeachtaí poiblí
  • I bPolasaí na Roinne maidir le Cosaint Sonraí cumhdaítear úsáid, stóráil agus scriosadh sonraí
  • Ar an leibhéal náisiúnta, tá an Roinn ina comhalta tiomanta de Ghrúpa Cur chun Feidhme Idir-Roinne um Thús Áite do Leanaí (CFIDIG), atá faoi chathaoirleacht na Roinne Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige. Bunaíodh an Grúpa Idir-Roinne faoi Chuid 4 den Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 chun athbhreithniú leanúnach a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta agus na treorach um Thús Áite do Leanaí ar fud na hearnála poiblí

Cur chun feidhme agus athbhreithniú

Aithníonn an Roinn gur próiseas leanúnach atá i gceist le cur i bhfeidhm an Ráitis seo agus tá sí tiomanta dá chur i bhfeidhm chomh maith leis na polasaithe agus nósanna imeachta um chosaint leanaí atá in éineacht leis a thacaíonn le rún na Roinne chun leanaí a choinneáil sábháilte ó dhíobháil agus úsáid á baint acu as ár seirbhísí.

Déanfar athbhreithniú ar an ráiteas seo gach 2 bhliain, agus beidh an chéad athbhreithniú ar siúl in 2023, nó chomh luath agus is féidir nuair a dhéanfar athrú ábhartha ar bith aon ábhar dá ndéantar tagairt sa ráiteas.

Cuireann an ráiteas ar fáil do gach ball foirne úr ag a n-ionduchtú, idir bhaill foirne bhuana agus shealadacha, agus seoladh ar an ríomhphost é chuig baill foirne uile na Roinn, postáladh é ar inlíon bhaill foirne na Roinne agus tá cóipeanna de ar taispeáint i láithreacha fáilteachais shuíomhanna phríomhoifigí na Roinne. Foilsíodh an ráiteas ar shuíomh gréasáin na Roinne chomh maith.


Cúlra

Ceanglaítear leis an Acht um Thús Áite do Leanaí 2015 ar eagraíochtaí ar soláthraithe ‘seirbhísí ábhartha’ iad faoin Acht Ráiteas um Chosaint Leanaí a fhoilsiú. Sa Ráiteas seo tugtar eolas faoi na seirbhísí ábhartha a chuireann foireann na Roinne Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta ar fáil do leanaí chomh maith leis na prionsabail agus nósanna imeachta atá i bhfeidhm chun leanaí a chosaint ó dhíobháil agus úsáid á baint acu as na seirbhísí sin. Ullmhaíodh an ráiteas seo i gcomhréir le Treoir Náisiúnta um Chosaint agus Leas Leanaí Tusla, An Treoir Náisiúnta um Thús Áite do Leanaí maidir le Cosaint agus Leas Leanaí chomh maith leis an Aguisín le Tús Áite do Leanaí: Treoir Náisiúnta maidir le Cosaint agus Leas Leanaí ina ndéileáiltear le sábháilteacht ar líne.


An Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta

Bunaíodh an Roinn Ardoideachais agus Breisoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta in 2020 agus tá sí freagrach as beartas, maoiniú agus rialacha na n-earnálacha ardoideachais agus breisoideachais agus taighde agus as maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaireachtaí Stáit agus ar institiúidí poiblí a fheidhmíonn sna réimsí sin. Is é ról na Roinne a chinntiú go gcuirfidh na hearnálacha sin taca faoi fhorbairt shóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann agus go spreagfaidh siad í agus go gcuirfear na deiseanna a sholáthraítear le hinfheistíocht agus beartas poiblí agus sna hearnálacha ar fáil ar bhonn níos fairsinge do gach duine lena n-áirítear na daoine is leochailí sa tsochaí.

Fostaíonn an Roinn thart ar 160 oifigeach, ina gcuimsítear go príomha gráid riaracháin. Tá na baill foirne sin bunaithe in oifigí na Roinne i mBaile Átha Cliath, i mBaile Átha Luain agus sa Tulach Mhór.

Tá ard-rúnaí i gceannas ar fhoireann bainistíochta sinsearaí na Roinne agus tá sí comhdhéanta de 3 ard-rúnaí chúnta, a bhfuil an fhreagracht ag gach duine acu as Rannán faoi mar a leanas:

  • Rannán Corparáideach
  • Rannán an Bheartais um Oideachas Treasach agus Scileanna Treasacha
  • An Rannán Taighde, Rochtana, Caipitil, AE agus Idirnáisiúnta

Príomhreachtaíocht, príomhpholasaithe agus príomhnósanna imeachta lena ndéantar eolas do Chosaint Leanaí

Chomh maith leis na nósanna imeachta atá liostaithe sa mheasúnú riosca thuasluaite, cuirtear bonn eolais faoi rún na Roinn leanaí a chosaint agus iad ag caidreamh le hoifigigh na Roinne agus tacaítear leis leis an reachtaíocht, na polasaithe, nósanna imeachta agus cóid seo a leanas:

Ráiteas um Chosaint Leanaí RBATNE
Bealtaine 2021
Amharc amharc