Cosaint Shóisialta agus tacaíochtaí eile
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 18 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Bealtaine 2024
Deontais agus liúntais
Tá roinnt bealaí ag Intreo (Seirbhísí Fostaíochta Poiblí na hÉireann) chun tacú leat scileanna nua a fhoghlaim nó chun filleadh ar oideachas. Ba chóir go ndéanfaí d’ionchais fostaíochta a fheabhsú leo sin agus cuidiú leat dul isteach san áit oibre arís. Faigh tuilleadh eolais anseo Faigh Tacaíocht Airgeadais maidir le hOideachas nó le hOiliúint.
Tacaíochtaí eile
SUSI - Tacaíocht Chomhchoiteann do Mhic Léinn in Éirinn
Má tá ag súil le freastal ar chúrsa Dheimhniú iar-Ardteistiméireachta (PLC), tá seans ann gur féidir leat deontas mic léinn a fháil chun cuidiú le costais mhaireachtála agus tusa rannpháirteach san oideachas. Déan seiceáil ar susi.ie chun tuilleadh eolais a fháil.
Tacaíocht do dhaoine faoi mhíchumais
Is féidir eolas a fháil maidir le tacaíochtaí sainiúla do dhaoine faoi mhíchumais ar studentfinance.ie.
An Ciste do Mhic Léinn faoi Mhíchumais
Cuirtear maoiniú ar fáil do d’áit staidéir agus ní gá duit iarratas díreach a dhéanamh - ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le seirbhís mhíchumais i d’ollscoil nó i do choláiste agus déanfaidh siad measúnú riachtanas bunaithe ar do chuid riachtanas ar leith.
Tá tacaíochtaí eile ar fáil ar shuíomh gréasáin AHEAD: ahead.ie/student.
Gheobhaidh eolas freisin anseo maidir le teicneolaíocht chuiditheach: ahead.ie/ATHive.