English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cuir oiliúint ar fáil don fhoireann de do chuid ionas go bhforbróidh siad scileanna nua



Oiriúnú don Athrú Aeráide

Le Réidh don Athrú Aeráide tugtar na scileanna do do ghnólacht a theastaíonn uait chun freagairt ar an athrú aeráide agus chun déanamh go maith i ngeilleagar ísealcharbóin.

Áirítear na nithe a leanas le Réidh don Athrú Aeráide:

  • oiliúint do do ghnólacht maidir le conas cur amú fuinnimh a laghdú, coigilteas costais a uasmhéadú, agus an comhshaol a chosaint
  • cúrsaí ar líne don fhoireann ar gach leibhéal d’fhonn feasacht ar inbhuanaitheacht, eolas agus dea-chleachtas a fhorbairt maidir le príomh-ábhair gníomhaithe ar son na haeráide, agus iarmhairt an athraithe aeráide ar ghnólachtaí Éireannacha san áireamh
  • sraith ceardlann duit féin mar cheannaire gnó, arna soláthar ag saineolaithe in earnáil na tionsclaíochta, lena gcumhdaítear dea-chleachtas maidir le réimsí a bhaineann le hinbhuanaitheacht

Cáilitheacht

Tá Réidh don Athrú Aeráide agus an tAcadamh Réidh don Athrú Aeráide deartha do bhainisteoirí is úinéirí, d’fhoirne ceannasaíochta agus d’fhostaithe i ngnólachtaí na hearnála príobháidí agus i ngach tionscal in Éirinn.

Conas is féidir le do ghnólacht tacaíochtaí Réidh don Athrú Aeráide a aimsiú

Foghlaim níos mó faoin fhoghlaim agus faoin tacaíocht atá ar fáil do ghnólachtaí trí Réidh don Athrú Aeráide.


Scileanna chun Dul Chun Cinn

Is tionscnamh arna mhaoiniú ag an Rialtas Scileanna chun Dul Chun Cinn lena soláthraítear deiseanna uasoiliúna agus chun scileanna nua a fhoghlaim d’fhostaithe i bpoist atá ag athrú agus dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair in earnálacha leochaileacha.

Trí obair dhlúth a dhéanamh le fiontair bheaga agus mheánmhéide, cuidíonn Scileanna Chun Dul Chun Cinn le fostóirí riachtanais scileanna a shainaithint agus infheistíocht a dhéanamh ina lucht saothair trí oideachas agus oiliúint atá fóirdheonaithe a sholáthar.

D’fhostóirí

Tugtar cúnamh d’fhostóirí le Scileanna Chun Dul Chun Cinn trí bhearnaí ionchasacha i scileanna ina ngnólacht a shainaithint agus trí chuidiú leo dul in oiriúint le hathruithe sa mhargadh. Cuireann muid roghanna fóirdheonaithe ar fáil maidir le huasoiliúint agus scileanna nua do bhaill foirne, agus dóigh shimplí á cruthú chun táirgiúlacht agus iomaíochas a mhéadú in earnáil gnó atá ag athrú go mear.

Le Scileanna Chun Dul Chun Cinn cuirtear roghanna oiliúna ar fáil do do bhaill foirne:

  • atá solúbtha chun oireann d’uaireanta gnó agus do sceidil oibre
  • lena bhforbraítear scileanna atá ábhartha do riachtanais do ghnólachta
  • a fhreagraíonn ar nádúr athraithe post agus scileanna

Tá cúrsaí ar fáil sna réimsí seo a leanas:

  • ceannasaíocht agus bainistíocht
  • sláinte agus leas
  • gnó agus riarachán
  • seirbhísí
  • teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna)
  • innealtóireacht
  • déantúsaíocht
  • tógáil

Costais

Tá cúrsaí Scileanna chun Dul Chun Cinn fóirdheonaithe ar bhonn substaintiúil. Déan teagmháil le do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúilchun a fháil amach cad dó a bhfuil tú incháilithe.

Tá raon tionscnamh oiliúna nua á bhforbairt ag Scileanna Chun Dul Chun Conn faoi láthair d’fhonn tacú le fostóirí agus le fostaithe.

Faigh níos mó amach anseo, lena n-áirítear samplaí ón bhfíorshaol maidir le fostóirí a bhain úsáid as an gclár, agus an dóigh a raibh sé ina chuidiú leo.

Conas tuilleadh eolais a fháil

Tabhair cuairt ar skillstoadvance.ie.


Skillnet Ireland

Is gníomhaireacht tacaíochta gnó náisiúnta Skillnet Ireland a thacaíonn le níos mó ná 18,000 gnólacht ar fud na tíre agus a sholáthraíonn raon d’eispéiris foghlama luachmhara do níos mó ná 70,000 duine.

Cuidíonn Skillnet Ireland agus na 70 Líonra Gnó Skillnet dá chuid le gnólachtaí chun a gcumas a fhorbairt d’fhonn dul i ngleic le príomhdhúshláin ghnó agus digitiú méadaithe agus athrú aeráide san áireamh. Is é misean Skillnet Ireland cuidiú le gnólachtaí in Éirinn barr a gcumais a bhaint amach, trí dhaoine a fhorbairt ar bhonn nuálach atá spreagtha ag fiontraíocht.

Is cnuasach iad gach Líonra Gnó Skillnet de ghnólachtaí na hearnála príobháidí a chomhoibríonn chun tabhairt faoi riachtanais ghnó laistigh den earnáil nó réigiún dá gcuid trí chumas a fhorbairt. Tá Líonraí Gnó Skillnet bunaithe i ngach réigiún sa tír agus i mórchuid na n-earnálacha, agus TFC, miondíol, agraibhia, teicneolaíocht mhíochaine, teicneolaíocht, déantúsaíocht, dearadh, innealtóireacht, seirbhísí airgeadais, fóillíocht, beochan, cúram sláinte príobháideach, na meáin, eitlíocht, tógáil agus a lán réimsí eile san áireamh

Na tairbhí a bhaineann le páirt a ghlacadh i Líonra Gnó Skillnet

Le tacaíocht ó Skillnet Ireland agus ó na comhpháirtithe dá chuid in earnáil na tionsclaíochta, oibríonn Líonraí Gnó Skillnet le húinéirí agus le bainisteoirí gnólachtaí d’fhonn oiliúint shaincheaptha a fhorbairt do do ghnólacht san áit agus ag an am nuair a theastaíonn sí uait.

Critéir cháilitheachta

Tá gach gnólacht san earnáil phríobháideach, beag beann ar a mhéid, agus trádálaithe aonair san áireamh atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann cáilithe chun dul faoi oiliúint pháirtmhaoinithe le Skillnet Ireland.

Ní mór d’iarratasóirí na critéir iontrála ar leith a chomhlíonadh don chlár ar a bhfuil iarratas curtha isteach acu. Tá na critéir cháilitheachta maidir le gach clár oiliúna sainiúil ar fáil ar shuíomh gréasáin ábhartha an Líonra Gnó Skillnet.

Tá a shuíomh gréasáin féin ag gach Líonra Gnó Skillnet ina bhfuil liosta de na cláir oiliúna shainiúla agus de na tacaíochtaí a chuireann an líonra ar fáil.

Féach ar liosta iomlán de Líonraí Gnó Skillnet.


Meantóireacht d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide

Is tionscnamh de chuid Skillnet Ireland é MentorsWork agus cuimsítear leis clár tacaíochta gnó ar líne a mhaireann ocht seachtain agus atá saor in aisce atá deartha chun meantóireacht ó shaineolaithe, scileanna agus tacaíocht a sholáthar do chuideachtaí beaga agus meánmhéide (FBManna) lena gcuideofar leo déanamh go maith trí thabhairt faoina riachtanais ghnó shainiúla. Cuirtear MentorsWork ar fáil i gcomhpháirtíocht le Comhlachas na nGnólachtaí Beaga (SFA) agus le comhpháirtithe eile in earnáil na tionsclaíochta.

Cuirtear gnólachtaí rannpháirteacha ina mbeirteanna le meantóir a bhaineann go sainiúil leis an earnáil ag tús báire an chláir, a oibreoidh leo ar bhonn duine le duine ar feadh na n-ocht seachtain.

Déanfaidh na meantóirí saineolaíocha sin na nithe a leanas:

  • treoir, comhairle agus meantóireacht shaincheaptha a sholáthar
  • obair a dhéanamh le cuideachtaí d’fhonn plean saincheaptha um fhorbairt an ghnólachta a chruthú chun an gnólacht a threorú tríd an gcéad sé mhí eile
  • cuidiú leis an ngnólacht chun ceardlanna agus máistir-ranganna ábhartha agus tairbhiúla a roghnú ó raon roghanna arna ngrúpáil faoi cheithre cholún théamúla amhail daoine, airgeadas agus fás, digitiú agus uathoibriú, agus próisis ghnó

Critéir cháilitheachta

Tá MentorsWork ar fáil d’úinéirí agus do bhainisteoirí FBManna agus d’fhoirne ceannasaíochta i ngnólachtaí san earnáil phríobháideach, atá bunaithe i bPoblacht na hÉireann, agus idir 5 fhostaí agus 250 fostaí acu.

Conas is féidir le do ghnólacht iarratas a chur isteach ar MentorsWork

Chun níos mó eolais a fháil faoi MentorsWork agus chun d’iarratas a chur isteach ar líne tabhair cuairt ar mentorswork.ie.


Printíseach a fhostú

Tá síneadh ama go dtí deireadh mhí na Nollag 2021 curtha leis an Scéim Spreagtha Printíseachta.

Leis an Scéim Spreagtha Printíseachta cuirtear tacaíocht airgeadais ar fáil d’fhostóirí a chláraíonn printísigh i bprintíseacht náisiúnta.

Tá fostóirí atá faofa ag SOLAS chun printísigh a fhostú incháilithe d’íocaíocht €3,000 i dtaca le gach printíseach nua a chláraítear. Íoctar €2,000 le fostóirí incháilithe in aghaidh an phrintísigh tar éis chlárú don phrintíseach agus íoctar €1,000 sa bhreis tar éis bliana i leith gach aon phrintísigh má choimeádtar sa phrintíseacht é nó í.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Scéim anseo.


Fiontraíocht a Nascadh leis an Earnáil Oideachais agus Oiliúna

Fóraim Réigiúnacha Scileanna

Is líonra náisiúnta é sin de naoi bhFóram Réigiúnacha Scileanna a dhéanann iarracht naisc níos láidre a chothú idir fostóirí agus an earnáil oideachais agus oiliúna. Faigh níos mó eolais faoin dóigh a n-oibríonn siad: regionalskills.ie.

Tríd na Fóraim tugtar daoine le chéile ó na hearnálacha gnó agus oideachais ar leibhéal áitiúil agus réigiúnach d’fhonn riachtanais fostóirí a shainaithint, chun a chinntiú go nasctar fostóirí agus gnólachtaí leis na hacmhainní oideachais a oireann dóibh ionas go mbeidh siad in ann an oiliúint scileanna agus tacaíochtaí a rochtain a theastaíonn uathu.

Tá gach Fóram treoraithe ag Bainisteoir Fóraim Réigiúnaigh Scileanna atá bunaithe sa réigiún.

D’fhonn cúnamh a fháil chun tabhairt faoi riachtanais scileanna do ghnólachta agus na bhfostaithe de do chuid déan teagmháil leis an mBainisteoir Fóraim Réigiúnaigh Scileanna i do cheantar ag regionalskills.ie/contact-us.