English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Gealltanais agus bearta maidir le Filleadh Sábháilte ar bhreisoideachas agus ar ardoideachas ar an láthair



Oscailt chúramach agus shábháilte ar an láthair

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • pleananna a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm chun méadú suntasach a dhéanamh ar theagasc, ar fhoghlaim, ar mheasúnú agus ar thaighde ar an láthair
  • filleadh ar eispéireas iomlánaíoch a chumasú lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus seirbhísí do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí agus don fhoireann
  • foghlaimeoirí uile a chumasú chun páirt a ghlacadh, go speisialta foghlaimeoirí leochaileacha
  • ag cinntiú go mbeidh tréimhse sceidealaithe shuntasach d’fhoghlaim ar an láthair ag foghlaimeoirí uile ar fud na réimsí uile
  • go mbeidh soláthar imleor i bhfeidhm don fhoireann, do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí atá leochaileach agus nach bhfuil oiriúnach ó thaobh na míochaine de don vacsaíniú i gcomhréir le treoir sláinte poiblí
  • go leanfar le cáilíocht na gníomhaíochta oideachasúla agus taighde a chinntiú
  • go leanfar le bearta maolaithe iomchuí a dhéanamh
  • go dtabharfar faoi riaráistí agus torthaí foghlama iarchurtha

Tugann QQI gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • cáilíocht an tsoláthair a dhearbhú lena n-áirítear na méaduithe suntasacha ar sholáthar ar an láthair

Tugann SOLAS/ÚAO gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • obair a dhéanamh leis na hearnálacha chun acmhainní a shainaithint agus tacú lena n-aimsiú

Tugann comhlachtaí na bpáirtithe leasmhara gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • chun dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus le soláthraithe d’fhonn méaduithe suntasacha a bhaint amach ar theagasc, ar fhoghlaim, ar mheasúnú agus ar thaighde ar an láthair, chun bearta maolaithe a chur chun cinn agus chun tabhairt faoi riaráistí
  • chun dul i dteagmháil le hinstitiúidí d’fhonn comhsheasmhacht a chinntiú i ngníomhaíocht ar an láthair laistigh dá n-earnáil

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • chun dul i dteagmháil leis an Rialtas d’fhonn riachtanais na hearnála a ionadú
  • togra maoinithe a fhorbairt le comhaontú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun tacú leis an earnáil freagairt a dhéanamh ar chostais ar leith agus ar shaincheisteanna sainiúla a tháinig chun cinn mar thoradh ar iarmhairt na paindéime ar an earnáil tríú leibhéal agus ar mhic léinn. Tá an togra, lena ndéantar forbairt ar an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2020 faoi phacáiste tacaíochta COVID-19, beartaithe chun cuidiú le filleadh ar ghníomhaíocht shubstaintiúil ar an láthair faoin bPlean seo
  • chun tacú leis an earnáil treoirlínte a fhorbairt
  • chun obair a dhéanamh le páirtithe leasmhara d’fhonn an próiseas aistrithe a shoiléiriú maidir le hiontráil na chéad bliana chun pleanáil a chumasú

Bainistíocht agus monatóireacht leanúnach ar ghníomhaíochtaí ar an láthair

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

Creat Discréideach leathnaithe, ar an láthair ar bhonn suntasach, lena ndéantar foráil do na nithe a leanas:

  • méaduithe a dhéantar a bhainistiú go cúramach ar sholáthar agus ar ghníomhaíochtaí taighde ar an láthair do thréimhse an tsamhraidh
  • filleadh céimnithe agus de réir a chéile i Meán Fómhair 2021
  • roghanna foghlama cumaisc iomchuí a sholáthar a dhéanfar a shocrú trí theagmhálacha
  • leanúint leis an gCreat Oiriúnaithe a úsáid
  • measúnuithe riosca leanúnacha
  • an úsáid is fearr a bhaint as neamhspleáchas agus as inoiriúnaitheacht d’fhonn riachtanais foghlaimeoirí a chomhlíonadh
  • comhsheasmhacht á coimeád leis na prionsabail agus leis an gcreat atá leagtha amach sa Phlean seo, agus an difríocht shuntasach maidir le scála, castacht agus éagsúlacht na n-institiúidí ar fud breisoideachais agus ardoideachais á tabhairt faoi deara
  • dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara trí fhóraim na bpáirtithe leasmhara agus institiúidí eile agus trí struchtúir na soláthraithe
  • chun leanúint le struchtúir rialachais speisialta na n-institiúidí agus na soláthraithe maidir le COVID-19
  • chun páirt a ghlacadh i struchtúr DFHERIS maidir le COVID-19

Tugann comhlachtaí na bpáirtithe leasmhara gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • chun dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus le soláthraithe maidir leis an gCreat Discréideach agus an Creat Oiriúnaithe a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm
  • chun teagmháil a dhéanamh trí ghrúpaí páirtithe leasmhara agus trí struchtúir teagmhála eile
  • chun páirt a ghlacadh i struchtúr DFHERIS maidir le COVID-19

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • chun leanúint le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúr rialachais COVID-19 d’fhonn a chinntiú go bhfuil sé ábhartha
  • tacaíocht a thabhairt d’fhóraim na bpáirtithe leasmhara
  • tacaíocht a thabhairt don earnáil chun Creat Discréideach leathnaithe a fhorbairt

Sláinte phoiblí a chur chun cinn

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • treoirlínte earnála a nuashonrú
  • riachtanais sláinte poiblí ghinearálta a chomhlíonadh
  • plean freagartha i leith COVID-19 a fhorbairt agus a choimeád cothrom le dáta
  • obair na n-údarás sláinte poiblí a thacú ar bhonn áitiúil agus náisiúnta

riachtanais sláinte poiblí a bhaineann go sainiúil le hearnáil agus riachtanais sláinte poiblí áitiúla a chomhlíonadh

  • tinreamh ar an láthair a choigeartú más gá mar gheall ar athruithe ar chomhairle sláinte poiblí

Tugann SOLAS/ÚAO gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • obair a dhéanamh leis na hearnálacha chun acmhainní a shainaithint agus tacú lena n-aimsiú

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • teagmháil a dhéanamh le hÚdaráis Sláinte Poiblí don earnáil
  • obair a dhéanamh leis an earnáil agus leis na húdaráis sláinte poiblí chun treoir phraiticiúil a nuashonrú
  • togra maoinithe a fhorbairt le comhaontú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun tacú leis an earnáil freagairt a dhéanamh ar chostais ar leith agus ar shaincheisteanna sainiúla a tháinig chun cinn mar thoradh ar iarmhairt na paindéime ar an earnáil tríú leibhéal agus ar mhic léinn. Tá an togra, lena ndéantar forbairt ar an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2020 faoi phacáiste tacaíochta COVID-19, beartaithe chun cuidiú le filleadh ar ghníomhaíocht shubstaintiúil ar an láthair faoin bPlean seo

Ag déileáil le ráigeanna

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • prótacail na hearnála maidir le ráigeanna a bhainistiú a leathnú
  • dul i dteagmháil go láidir le húdaráis sláinte poiblí áitiúla
  • dul i dteagmháil go láidir le húdaráis phoiblí eile
  • comhoibriú dlúth a dhéanamh leis an bhfoireann, le mic léinn agus le foghlaimeoirí

Tugann comhlachtaí na bpáirtithe leasmhara gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus le soláthraithe chun déileáil le ráigeanna

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • an earnáil agus na húdaráis sláinte poiblí a chumasú chun an bunús le haghaidh prótacal um ráigeanna a nuashonrú

Córas faireachais nua

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

Scéim earnála a fhorbairt maidir le faireachas COVID-19 don fhoireann, do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí ar an láthair agus ar líne lena n-áireofar:

Bearta sláinte poiblí caighdeánacha a chur chun cinn agus a chur i bhfeidhm i gcomhréir le comhairle sláinte poiblí lena n-áirítear:

  • sláinteachas na lámh agus dáileoirí
  • sláinteachas sláintíochta
  • sláinteachas riospráide
  • glanadh
  • spásanna laistigh a aerú
  • caitheamh masc aghaidhe i gcónaí i suíomhanna laistigh ar an láthair agus i suíomhanna coiteanna
  • vacsaíniú a chur chun cinn feidhmiú céimneach an chláir vacsaínithe a thacú
  • gluaiseacht bhainistithe ar an láthair lena n-áirítear iontráil agus éalú i dtaca le foirgnimh agus suíomhanna móra laistigh agus teacht le chéile mac léinn agus foghlaimeoirí a íoslaghdú roimh gníomhaíochtaí sceidealaithe ar an láthair, lena linn agus ina ndiaidh.
  • athruithe ar amchláir más gá d’fhonn líon na ndaoine a laghdú ar an láthair ag am áirithe ar bith
  • tacaíocht a thabhairt do chonairí do mhic léinn, d’fhoghlaimeoirí agus don fhoireann ag a bhfuil siomptóim chuig tástáil PCR
  • mic léinn, foghlaimeoirí nó foireann a bhfuil siomptóim acu nó a raibh toradh tástála deimhneach acu a spreagadh chun iad féin a fhéinleithlisiú agus é sin a chinntiú
  • tacaíocht le haghaidh meicníochtaí lorgtha agus rianaithe
  • mar thoradh ar Prótacail agus staidéir indéantachta an ÚAO a foilsíodh le déanaí agus atá ar siúl, cuirfidh na hearnálacha tús le hullmhúchán a dhéanamh do scéime le haghaidh mearthástáil antaiginí a oibriú
  • dul i dteagmháil maidir le comhairle agus treoir sláinte poiblí áitiúil agus náisiúnta

Tugann SOLAS/ÚAO gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • obair a dhéanamh leis na hearnálacha chun acmhainní a shainaithint agus tacú lena n-aimsiú

Tugann comhlachtaí na bpáirtithe leasmhara gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • dul i dteagmháil le hinstitiúidí agus le gníomhaireachtaí d’fhonn tacú le faireachas

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • an earnáil agus údaráis sláinte poiblí a chumasú an bunús a fhorbairt do scéimeanna faireachais earnála

Cumarsáidí rialta agus follasacha

Prionsabail Threoracha

  • “Nuair is eol dúinne, is eol duitse” Cuirfear pleananna, treoir agus beartais in iúl chomh fada roimh ré agus is féidir, agus aitheantas á thabhairt don fhíric go mbíonn comhairle sláinte poiblí faoi réir ag athruithe agus go mbeidh neamhchinnteacht de chineál éigin ann i gcónaí
  • tá sábháilteacht ár bhfoirne, ár mac léinn agus ár bhfoghlaimeoir ríthábhachtach

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • cumarsáidí tráthúla leis an bhfoireann, le mic léinn agus le foghlaimeoirí. Má tá cúis ann le moill nó le neamhchinnteacht, cuirfear an chúis sin in iúl
  • dul i dteagmháil ar bhonn dlúth lena chéile agus le sláinte phoiblí chun a chinntiú go mbíonn cumarsáidí comhsheasmhach agus bunaithe ar fhianaise
  • dul i dteagmháil ar bhonn dlúth le DHFERIS d’fhonn tacú le cumarsáidí náisiúnta agus chun eolas a dhéanamh dóibh
  • cumarsáidí soiléire do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí maidir leis na méaduithe ar ghníomhaíochtaí ar an láthair a bhféadfadh siad bheith ag súil leo

Tugann comhlachtaí na bpáirtithe leasmhara gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • dul i dteagmháil ar bhonn dlúth chun a chinntiú go mbíonn cumarsáidí comhsheasmhach agus bunaithe ar fhianaise
  • teachtaireachtaí sainiúla a fhorbairt do bhaill atá ailínithe ag an am céanna

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • cumarsáid thráthúil le páirtithe leasmhara agus le hinstitiúidí
  • tacaíocht a thabhairt d’institiúidí chun ábhair chumarsáide a fhorbairt
  • an plean a chur in iúl ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus mar thaca le hinstitiúidí

Bearta agus gealltanais ar leith maidir le príomhréimsí

Mic Léinn agus Taighdeoirí Idirnáisiúnta

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

Prótacal comhaontaithe uile-earnála a fhorbairt lena mbaineann príomh-phrionsabail dearbhaithe don Rialtas go ndéanfar teacht isteach mac léinn agus taighdeoirí idirnáisiúnta don chéad bhliain acadúil eile a bhainistiú ar bhealach sábháilte i gcomhréir leis an gcomhairle sláinte poiblí is úire. San áireamh leis an bprótacal sin beidh bearta amhail oiliúint roimh imeacht agus tar éis an teachta isteach agus seiceáil nó tástáil i leith siomptóm, bearta chun riachtanais chóiríochta um shláinte phoiblí a chur i bhfeidhm, agus seirbhísí míochaine agus tréadchúraim a sholáthar do mhic léinn agus do thaighdeoirí idirnáisiúnta.

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

Obair a dhéanamh leis an earnáil agus ar fud ranna an rialtais chun iarracht a dhéanamh tabhairt faoi na dúshláin a bheidh os comhair mic léinn idirnáisiúnta agus taighdeoirí idirnáisiúnta nuair a dhéanann siad a dturas staidéir/taighde a phleanáil agus ar theacht isteach in Éirinn. Áirítear leis na dúshláin sin, ach níl siad teoranta dóibh, saincheisteanna inimirce agus na himpleachtaí a bhaineann le bearta sláinte poiblí do mhic léinn idirnáisiúnta.

Cóiríocht do mhic léinn

Tugann institiúidí agus soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • cumarsáid thráthúil a dhéanamh le mic léinn agus le foghlaimeoirí maidir le socrú amchlár agus tinreamh ar an láthair d’fhonn cinnteoireacht a chumasú i dtaca le cóiríocht
  • dul i dteagmháil go dlúth le cheile agus le hearnáil na sláinte poiblí d’fhonn a chinntiú go mbíonn sábháilteacht ina rud is tábhachtaí agus cóiríocht á bainistiú
  • nuair is féidir cineálacha cóiríochta a chur ar fáil atá ar aon dul leis an gcur chuige socraithe amchlár (is é sin, solúbthacht maidir leis an gcóiríocht a chuirtear ar fáil)
  • aisíocaíochtaí a chur ar fáil do mhic léinn agus d’fhoghlaimeoirí sa chás nach mór cóiríocht faoi úinéireacht na hinstitiúide a fhágáil folamh ar fhorais sláinte poiblí

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • obair a dhéanamh leis an earnáil agus le húdaráis sláinte poiblí d’fhonn méadú sábháilte a chumasú ar líon na ndaoine a úsáideann cóiríocht mac léinn
  • cumarsáid thráthúil le hinstitiúidí
  • togra maoinithe a fhorbairt le comhaontú leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun tacú leis an earnáil freagairt a dhéanamh ar chostais ar leith agus ar shaincheisteanna sainiúla a tháinig chun cinn mar thoradh ar iarmhairt na paindéime ar an earnáil tríú leibhéal agus ar mhic léinn. Tá an togra, lena ndéantar forbairt ar an maoiniú a cuireadh ar fáil in 2020 faoi phacáiste tacaíochta COVID-19, beartaithe chun cuidiú le filleadh ar ghníomhaíocht shubstaintiúil ar an láthair faoin bPlean seo

Taighde

Tugann Institiúidí agus Soláthraithe gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • rochtain iomlán a chumasú ar shaoráidí taighde ar an láthair agus ar sheirbhísí tacaíochta
  • saotharlanna taighde agus spásanna oibre ag oibriú suas le háitiú uasta nuair a dhearbhaítear le measúnú riosca áitiúil go gcuirtear na leibhéil iomchuí aeraithe agus cosanta ar fáil
  • ag tabhairt faoi riaráistí
  • na freagairtí ar cheisteanna ó StudentSurvey.ie PGR COVID-19 a úsáid chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá os comhair mic léinn taighde
  • folláine taighdeoirí agus mac léinn taighde a thacú

Tugann DFHERIS gealltanas chun na nithe a leanas a dhéanamh:

  • chun dul i dteagmháil leis an Rialtas d’fhonn cúrsaí taighde na hearnála a ionadú
  • obair a dhéanamh leis an Roinn Sláinte chun tabhairt faoi dhúshláin taighde ar leith, mar shampla, trealamh taighde a sheirbhísiú
  • obair a dhéanamh leis na hearnálacha chun saincheisteanna maidir le soláthar acmhainní a shainaithint