English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ionstraim Reachtúil I.R. Uimh. 655 de 2022: Scéim Um Dheontas Do Mhic Léinn (Leasú) (Uimh. 2), 2022


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn, 2011 (Uimh. 4 de 2011), agus an tOrdú um Breisoideachas agus Ardoideachas, Thaighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aireachta a Aistriú), 2020 (I.R. Uimh. 451 de 2020) agus, le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, déanaimse, SIMON HARRIS, an tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, an scéim deontas seo a leanas:—


1

Féadfar Scéim um Dheontas do Mhic Léinn (Leasú) (Uimh.2), 2022 a ghairm den Scéim seo.


2

Tiocfaidh an Scéim seo i ngníomh an 13 Nollaig 2022.


3

Sa Scéim seo, ciallaíonn “Príomh-Scéim” an Scéim um Dheontas do Mhic Léinn, 2022 (S.I. Uimh.118 de 2022).


4

Leasaítear Airteagal 27 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

“(2) Beidh luach na rátaí speisialta agus caighdeánacha den deontas cothabhála i leith cúrsa ceadaithe de réir na rátaí bliantúla arna sonrú ag an Aire. Tá na rátaí arna sonrú don bhliain airgeadais leagtha amach i Sceidil 3 agus 3A.”


5

Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Airteagal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Airteagal 27 (5):

“(6). Déanfar luach iomlán an Deontais Chothabhála a bheadh iníoctha, ina ainneoin sin, le hiarratasóir faoin Airteagal seo agus faoi Sceideal 3 i leith na tréimhse Eanáir go Bealtaine 2023 a mhéadú faoin méid iomlán a shonraítear i Sceideal 3A. Déanfar an méid breise sin a íoc ar bhonn pro rata i leith tinreamh iarratasóra ar chúrsa ceadaithe agus i bhforas ceadaithe le linn na tréimhse seo.”


6

Leasaítear an Phríomh-Scéim tríd an Sceideal seo a leanas a chur isteach i ndiaidh Sceideal 3:

Sceideal 3A: Méid breise an deontais chothabhála i leith na tréimhse Eanáir – Bealtaine 2023

Ráta Neamh-Chóngarach Ráta Cóngarach
Ráta speisialta cothabhála € 476 € 201
Ráta caighdeánach— Cothabháil Iomlán Banda 1 € 251 € 110
Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 2 € 137 € 62
Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 3 € 96 € 45
Ráta caighdeánach— Cothabháil Pháirteach Banda 4 € 53 € 28

7

Leasaítear Airteagal 37 den Phríomh-Scéim tríd an méid seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

“(2) Déanfaidh an t-údarás dámhachtana, nó údarás íocaíochta iomchuí eile dá dtagraítear i mír (1), deontais chothabhála a íoc i naoi dtráthchuid, de réir na rátaí bliantúla a shonraítear i Sceideal 3 agus na méideanna breise a shonraítear i Sceideal 3A.”

Toilíonn an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an Scéim roimhe seo a dhéanamh.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 13 Nollaig 2022.

MICHAEL MCGRATH,

An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 13 Nollaig 2022.

SIMON HARRIS,

An tAire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta.


Íoslódáil an ionstraim reachtúil

Ionstraim Reachtúil I.R. Uimh. 655 de 2022: Scéim Um Dheontas Do Mhic Léinn (Leasú) (Uimh. 2), 2022
Amharc amharc