English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ionstraim Reachtúil I.R. Uimh. 93 de 2023: Rialacháin Um Thacaíocht Do Mhic Léinn 2023


Déanaimse, SIMON HARRIS, Aire Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta, agus Eolaíochta, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le hailt 4, 7, 8 agus 14 den Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 (Uimh. 4 de 2011) agus Ordú um Breidoideachas, agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 2020, (I.R. Uimh. 451 de 2020), tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás um Ardoideachas, agus le toiliú an Aire Caiteachais Phoiblí Sheachadadh PFN agus Athchóirithe, leis seo na Rialacháin seo a leanas:


Lua agus tosú

1.

(1)

Féadfar na Rialacháin seo a lua mar na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn 2023.

(2)

Tiocfaidh na Rialacháin seo i bhfeidhm ar an 7 Márta 2023.


Léiriú

2.

(1)

Sna Rialacháin seo—

Ciallaíonn “Acht” an tAcht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 (Uimh. 4 de 2011);

Ciallaíonn “creat náisiúnta cáilíochtaí” an creat cáilíochtaí a bunaíodh agus a coimeádadh de bhun alt 7 d’Acht na gCáilíochtaí (Oideachas agus Oiliúint) 1999 (Uimh. 26 de 1999);

Is é is “cúrsa iarchéime” ann cúrsa as a dtiocfaidh mórcháiliúchán ardoideachais agus oiliúna ag Leibhéal 8 (Ard-Dioplóma), Leibhéal 9 (Dioplóma Iarchéime, Céim Mháistir), Leibhéal 10 (Céim Dhochtúra) ar an gcreat cáilíochtaí náisiúnta, nó cáiliúcháin chomhchosúla;

ciallaíonn “scéim roimhe seo” an Scéim um Dheontais Ardoideachais (HEG) a rinneadh de bhun na nAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais) 1968 go 1992 nó na scéimeanna arna riar ag Coiste Gairmoideachais, is é sin Scéim Scoláireachtaí na gCoistí Gairmoideachais (VEC), an Scéim um Dheontais Chothabhála Tríú Leibhéil d’Fhoghlaimeoirí (TLT) agus an Scéim um Dheontais Chothabhála do Mhic Léinn ag freastal ar chúrsaí Iar-Ardteistiméireachta (PLC);

ciallaíonn 'dlínse sonraithe ábhartha' an Ríocht Aontaithe maidir leis an aicme duine a bheidh forordaithe de bhua mhír (3) (ionsáite ag Rialachán 5 de na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn (leasú) 2021) de Rialachán 5;

ciallaíonn “cúrsa fochéime” cúrsa as a dtiocfaidh cáiliúchán ardoideachais agus oiliúna ag Leibhéal 6 (Ardteastas), Leibhéal 7 (Gnáthchéim Bhaitsiléara), Leibhéal 8 (Céim Onóracha Bhaitsiléara) ar an gcreat cáilíochtaí náisiúnta, nó cáiliúcháin chomhchosúla, seachas cúrsa a gcuirtear síos dó air faoi láthair gur cúrsa teastais iarArdteistiméireachta é.

(2)

Aon fhocal nó leagan cainte atá in úsáid sna Rialacháin seo agus atá in úsáid freisin san Acht, tá an chiall chéanna aige, mura bhfuil a mhalairt ag teastáil ón gcomhthéacs, agus atá aige san Acht.

(3)

(a) Is ionann tagairt sna Rialacháin seo do Rialachán agus tagairt do Rialachán de na Rialacháin seo, mura gcuirtear in iúl go bhfuil tagairt do Rialacháin éigin eile i gceist.

(b) Is ionann tagairt sna Rialacháin seo d’alt nó d’fho-alt agus tagairt do Rialachán d’alt nó d’fho-alt san fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl go bhfuil tagairt d’fhoráil éigin eile i gceist.

(c) Is ionann tagairt sna Rialacháin seo do Sceideal agus tagairt do Sceideal do na Rialacháin seo, mura gcuirtear in iúl go bhfuil tagairt do Rialacháin éigin eile i gceist.

Institiúidí faofa

3.

(1)

Is “institiúidí faofa” iad na hinstitiúidí a liostaítear i Sceideal 1 faoi alt 7(1)(a) go dtí (d) den Acht.

(2)

Tá na hinstitiúidí a liostaítear i Sceideal 2 forordaithe mar “institiúidí faofa” chun chríocha alt 7(1)(f) agus (2) den Acht.


Cúrsaí faofa

4.

Tá na cúrsaí seo a leanas forordaithe mar “chúrsaí faofa” chun chríocha alt 8(1)(c) den Acht—

(a)

cúrsaí lánaimseartha, ar a dtugtar “cúrsaí iar-ardteistiméireachta”—

i. nach nglacann níos mó ná aon bhliain amháin lena gcríochnú;

ii. atá á gcur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(d) den Acht agus liostaithe i gCuid C de Sceideal 1;

iii. atá faofa le haghaidh maoiniú ag SOLAS mar chúrsaí iar-ardteistiméireachta; agus

iv. nuair a chríochnaítear é, go mbronntar ar mhac léinn mórcháiliúchán oideachais agus oiliúna a aithnítear mar cháilíocht nach bhfuil ag leibhéal níos ísle ná Leibhéal 5 sa chreat cáilíochtaí;

(b)

na cúrsaí lánaimseartha fochéime seo a leanas ina mbronntar, nuair a chríochnaítear iad, mórcháiliúchán ardoideachais agus oiliúna a aithnítear mar cháilíocht de bhun an chreata cáilíochtaí—

(i) cúrsa a ghlacann tréimhse nach lú ná dhá bhliain lena chríochnú agus atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(a), (b) (ba) nó (c) den Acht agus a liostaítear i gCuid A, nó B de Sceideal 1;

(ii) cúrsa ag Leibhéal 6 sa chreat cáilíochtaí a ghlacann aon bhliain lena chríochnú atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(b) (ba) or (c) den Acht agus a liostaítear i gCuid B de Sceideal 1;

(iii) cúrsa a ghlacann tréimhse nach lú ná dhá bhliain lena chríochnú agus atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa liostaithe i gCuid A de Sceideal 2;

  • (iv)** cúrsa a ghlacann tréimhse nach lú ná dhá bhliain lena chríochnú agus a liostaítear i gCuid B de Sceideal 2, mar aon leis an institiúid fhaofa atá á chur ar fáil;

(v) cúrsa, ar a nglaoitear faoi láthair “cúrsa breise”, atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(a), (b) (ba) nó (c) den Acht agus a liostaítear i gCuid A nó B de Sceideal 1 agus a ghlacann—

  • (I) bliain amháin lena chríochnú agus a ligeann do dhaoine dul ar aghaidh chuig cúrsa fochéime as a dtiocfaidh cáilíocht ag Leibhéal 7 sa chreat cáilíochtaí, nó
  • (II) bliain amháin ar a laghad lena chríochnú agus a ligeann do dhaoine dul ar aghaidh chuig cúrsa fochéime as a dtiocfaidh cáilíocht ag Leibhéal 8 sa chreat cáilíochtaí;

(vi) cúrsa, ar a nglaoitear faoi láthair “cúrsa breise”, atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá liostaithe i gCuid A de Sceideal 2 agus a ghlacann—

  • (I) bliain amháin lena chríochnú agus a ligeann do dhaoine dul ar aghaidh chuig cúrsa fochéime as a dtiocfaidh cáilíocht ag Leibhéal 7 sa chreat cáilíochtaí, nó
  • (II) bliain amháin ar a laghad lena chríochnú agus a ligeann do dhaoine dul ar aghaidh chuig cúrsa fochéime as a dtiocfaidh cáilíocht ag Leibhéal 8 sa chreat cáilíochtaí;

(vii) cúrsa, ar a nglaoitear faoi láthair “cúrsa breise”, a liostaítear i gCuid B de Sceideal 2, chomh maith leis an institiúid fhaofa a chuireann ar fáil é, agus a ghlacann—

  • (I) bliain amháin lena chríochnú agus a ligeann do dhaoine dul ar aghaidh chuig cúrsa fochéime as a dtiocfaidh cáilíocht ag Leibhéal 7 sa chreat cáilíochtaí, nó
  • (II) bliain amháin ar a laghad lena chríochnú agus a ligeann do dhaoine dul ar aghaidh chuig cúrsa fochéime as a dtiocfaidh cáilíocht ag Leibhéal 8 sa chreat cáilíochtaí;

(vii) cúrsa, ar a nglaoitear faoi láthair “clár teicniúil brostaithe”, a ghlacann ocht mí dhéag lena chríochnú agus atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(b) den Acht agus a liostaítear i gCuid B de Sceideal 1;

(c)

cúrsa lánaimseartha fochéime—

i. a ghlacann tréimhse nach lú ná 2 bhliain lena chríochnú;

ii. atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa i mBallstát seachas an Stát, nó i ndlínse shonrach ábhartha eile atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(e) nó (f) den Acht; agus

iii. as a dtiocfaidh cáilíocht ardoideachais agus oiliúna a aithnítear—

  • (I) ar bhealach, a ndéantar foráil ina thaobh le dlíthe an Bhallstáit, nó dhlínse shonrach ábhartha eile, de réir mar a bheidh, a fhreagraíonn do shocruithe, nósanna imeachta agus córais creat cáilíochtaí, nó
  • (II) go bhfuil sé ag teacht ar bhealach eile le dlíthe an Bhallstáit, nó an dlínse shonrach ábhartha, mar a bheidh.

(d) na cúrsaí iarchéime lánaimseartha seo a leanas sa Stát ina mbronntar ar mhac léinn, nuair a chríochnaítear iad, mórcháiliúchán ardoideachais agus oiliúna, ar cáilíocht aitheanta é de bhun an chreata cáilíochtaí—

i. cúrsa a ghlacann tréimhse nach lú ná aon bhliain lena chríochnú agus atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(a), (b) (ba) nó (c) den Acht agus a liostaítear i gCuid A nó B de Sceideal 1;

ii. cúrsa a ghlacann tréimhse nach lú ná aon bhliain lena chríochnú agus atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa a liostaítear i gCuid A de Sceideal 2;

iii. cúrsa a ghlacann tréimhse nach lú ná aon bhliain lena chríochnú agus a liostaítear i gCuid B de Sceideal 2, mar aon leis an institiúid fhaofa atá á chur ar fáil;

(e) cúrsa iarchéime lánaimseartha—

i. a ghlacann tréimhse nach lú ná aon bhliain amháin lena chríochnú;

ii. atá á chur ar fáil ag institiúid fhaofa atá laistigh de théarmaí alt 7(1)(e) den Acht agus atá suite i dTuaisceart Éireann;

iii. a liostaítear i Sceideal 3; agus

iv. as a dtiocfaidh cáilíocht ardoideachais agus oiliúna a aithnítear—

  • (I) ar bhealach, a ndéantar foráil ina thaobh le dlíthe Thuaisceart Éireann, a fhreagraíonn do shocruithe, nósanna imeachta agus córais an chreata cáilíochtaí, nó
  • (II) go bhfuil sé ag teacht ar bhealach eile le dlíthe Thuaisceart Éireann; agus

(f) glacfar leis gurb ionann cúrsa atá faofa faoin alt seo a bhí ina chúrsa a bhí faofa faoi scéim roimhe seo don bhliain acadúil 2010/11 agus cúrsa ina mbronnfar, nuair a chríochnóidh mac léinn é, cáilíocht aitheanta air nó uirthi atá laistigh de chiall alt 4(a)(iv), (b) agus (d).


Mic léinn fhorordaithe

5.

(1)

Tá na baill teaghlaigh seo a leanas forordaithe chun chríocha alt 14(1)(d) den Acht—

a. duine ar ball teaghlaigh é nó í le duine dá dtagraítear in alt 14(1)(a) den Acht agus ag a bhfuil cead fanacht sa Stát mar bhall teaghlaigh duine mar seo faoi fhorálacha na Rialachán um Pobail Eorpacha (Saorghluaiseacht Daoine) 2006 agus 2008 agus Treoir 2004/38/EC de Pharlaimint na hEorpa agus den Chomhairle ar an 29 Aibreán 2004; agus

b. duine ag a bhfuil cead fanacht sa Stát—

  • i. de bhua é/í bheith pósta ar, nó bheith i bpáirtnéireacht shibhialta le saoránach Éireannach atá ina c(h)ónaí sa Stát, nó
  • ii. mar pháiste cleithiúnach le duine a thiteann faoi chlásal (i) nó
  • iii. mar pháiste cleithiúnach le duine a bhfuil saoránacht na hÉireann faighte aige nó aici, trí eadóirseacht, agus atá ina c(h)ónaí sa Stát.

(2)

Tá na haicmí daoine seo a leanas forordaithe chun chríocha alt 14(1)(e)(ii) den Acht—

(a) duine ar a bhfuil cead bronnta ar chúiseanna daonnachtúla ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais fanacht sa Stát faoi aon achtú atá i bhfeidhm faoi láthair

(b) duine ar a bhfuil cead bronnta cónaí sa Stát faoi Alt 49 den Acht um Chosaint Idirnáisiúnta 2015 (Uimh. 66 de 2015);

(c) duine ar a bhfuil cead bronnta ag an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais ina thaobh le fanacht tar éis cinnidh gan ordú díbeartha a dhéanamh faoi alt 3 den Acht Inimirce 1999 (Uimh. 22 de 1999); agus

(d) duine, de bhun Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Cosaint Choimhdeach) 2013 (I.R. Uimh. 426 de 2013)—

  • (i) ar duine é nó í atá incháilithe le haghaidh cosaint choimhdeach agus a bhfuil dearbhú cosanta coimhdí ina thaobh i bhfeidhm agus dár bronnadh cead cónaísa Stát de bhun na Rialachán sin; nó
  • (ii) dár bhronn an tAire Dlí agus Cirt cead dul isteach agus cónaí sa Stát de bhun Rialachán 25 de na Rialacháin sin; nó
  • (iii) dár bhronn an tAire Dlí agus Cirt cead cónaí sa Stát de bhun Rialachán 26 de na Rialacháin sin.

(e) Leanbh náisiúnaigh de chuid na Tuirce a bhfuil cead cónaithe tugtha ag an Aire Dlí agus Cirt ina leith agus atá, i gcomhréir le hAirteagal 9 de Chinneadh 1/80 ón gComhairle Comhlachais a rinneadh de bhun Chomhaontú Ankara 1963, ina chónaí nó ina cónaí lena thuismitheoirí nó lena tuismitheoirí, atá nó a bhí fostaithe go dleathach laistigh den Stát agus ar féidir leo na coinníollacha a bhaineann le fostaíocht arna leagan síos i Airteagal 6 agus in Airteagal 7 de Chinneadh 1/80 a shásamh.

(3)

Forordaítear an aicme daoine seo a leanas chun críocha mhír (aa) d'alt 14 (1) den Acht, is é sin duine is náisiúnach den Ríocht Aontaithe.


Ionstraim reachtúil le sceidil iomlána

I.R. Uimh. 93 de 2023: Rialacháin Um Thacaíocht Do Mhic Léinn 2023
Amharc amharc

Nóta míniúcháin

Ní cuid den Ionstraim é an nóta seo agus ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é.

Déantar na Rialacháin seo de bhun cumhachtaí arna dtabhairt don Aire Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus eolaíochta faoin Acht um Thacaíocht do Mhic Léinn 2011 agus an tOrdú um Breidoideachas, agus Ardoideachas, Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú) 2020, (I.R. Uimh. 451 de 2020). Forordaíonn siad “forais faofa”, “cúrsaí faofa” agus “aicmí daoine” chun chríocha an Achta sin.

Féadfar na Rialacháin seo a lua mar na Rialacháin um Thacaíocht do Mhic Léinn 2023.