Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Mic Léinn Erasmus+: íocfar costas coraintín ar bhur son

Más mac léinn Erasmus+ tú atá external-link https://www.gov.ie/en/publication/b4020-travelling-to-ireland-during-the-covid-19-pandemic/#designated-states-mandatory-hotel-quarantine | ag filleadh ó thír ar an liosta coraintín ], íocfaidh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (DHFERIS), costas an choraintín éigeantaigh in óstán nuair a thiocfaidh tú chun na hÉireann.

Cumhdaítear mic léinn Erasmus+, ar gach leibhéal, atá ag teacht ar ais chun na hÉireann go díreach ón tír ina bhfuil siad ag staidéar. Áirítear leis mic léinn Erasmus+ atá cláraithe i gcoláistí sa Stát, beag beann ar a náisiúntacht.

Más mac léinn Erasmus+ tú atá ag staidéar i dtír ar an liosta coraintín, agus má tá tú gar do dheireadh do thréimhse thar lear, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le do choláiste baile sula dtiocfaidh tú ar ais. Déanfaidh do choláiste do stádas mar mhac léinn Erasmus+ a dhearbhú agus déanfaidh siad áirithint go díreach leis an tsaoráid choraintín ar do shon.

Is féidir go n-athraíonn liosta na dtíortha, agus dá bhrí sin ba cheart duit an liosta is déanaí a sheiceáil sula dtaistealóidh tú chun na hÉireann.

D’oibrigh DFHERIS go dlúth le hoifigigh sa Roinn Sláinte chun na socruithe riachtanacha a chur i bhfeidhm.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat