English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Oideachas an Bhéarla: atosú soláthair phearsanta

Féadfar gníomhaíocht phearsanta theoranta, i ngrúpaí beaga, a atosú in oideachas an Bhéarla (ELE) ón 19 Iúil 2021, nuair atá sé sábháilte sin a dhéanamh. Déanfar é sin ar bhonn pleanála ag páirtithe leasmhara, agus beidh sé faoi réir ag coinníollacha an fhógra seo.

Rinne páirtithe leasmhara an ghrúpa oibre le haghaidh COVID-19 do ELE pleanáil fhairsing d’fhonn ullmhúchán a dhéanamh d’atosú sábhailte an tsoláthair phearsanta, chun freastal ar riachtanais mac léinn reatha.

Tagann na pleananna sin tar éis fhoilsiú ‘Teacht Aniar agus Téarnamh maidir le COVID-19: An Bealach Ar Aghaidh’, agus tá siad ar aon dul le cuspóir an rialtais chun filleadh ar sholáthar sábháilte ar an láthair i mbreisoideachas agus in ardoideachas.

Ba cheart do sholáthraithe oideachas an Bhéarla go háirithe a bheith ar an eolas maidir leis na príomhfhachtóirí a leanas chun gníomhaíocht phearsanta a atosú agus ba cheart dóibh iad a chur san áireamh:

  • níl aon mheathlúchán ann maidir le cás na sláinte poiblí ná athruithe ar bith ar chomhairle nó ar bhearta sláinte poiblí a rachadh i bhfeidhm ar an ngníomhaíocht seo
  • déantar an ghníomhaíocht seo a atosú go heisiach chun freastal ar riachtanais mhic léinn reatha oideachas an Bhéarla atá sa stát faoi láthair
  • ba cheart an chéim seo a ghlacadh i gcomhairliúchán le foireann gach soláthraí agus le mic léinn
  • faoi réir ag coinníollacha (atá sonraithe thíos), d’fhéadfadh soláthraithe roghnú chun fanacht dúnta, chun foghlaim chumaisc a sholáthar nó chun leanúint le hoibriú go hiomlán ar líne
  • níl aon chúis ann go fóill chun mic léinn idirnáisiúnta nua a earcú a d’fheadfadh a bheith ag iarraidh taisteal chun an stáit ag an am seo

Ní [external-link https://www.gov.ie/ga/feachtais/37ce61-none/ referrer=http://www.gov.ie/covid19/ | mór srianta agus treoir sláinte poiblí uile ] a chomhlíonadh, agus bearta cosanta iomchuí agus cruinniú teoranta san áireamh. Ba cheart na bearta sin a thacú ag na prótacail um athoscailt earnálacha agus ag an gcreat um oiriúnú. Cinnteofar filleadh sábhailte leis sin chuig roinnt gníomhaíochtaí sa rang don ghrúpa mac léinn sin.

Is céim aistir atosú gníomhaíochta pearsanta ar an mbealach chun téarnaimh don earnáil ELE in Éirinn. Tá an roinn ag tnúth le rannpháirtíocht tháirgiúil leanúnach le páirtithe leasmhara, chun tacú le pleananna breise maidir le filleadh ar deireadh thiar earcú na mac léinn idirnáisiúnta, agus athoscailt iomlán na hearnála.

Faoi réir ag an méid thuas, féadfar tús a chur le hatosú gníomhaíochta pearsanta teoranta ón 19 Iúil 2021.


Tuilleadh faisnéise

Prótacail agus creat um oiriúnú oideachas an Bhéarla maidir le COVID-19

D’fhorbair an earnáil ELE sraith prótacal agus creat um oiriúnú a ghabhann leo atá saincheaptha go speisialta do sholáthar ELE. Tagann siad sin tar éis comhairliúcháin leis na comhlachtaí ionadaíochta don fhoireann, do mhic léinn agus do sholáthraithe. Tá na prótacail agus an creat ar aon dul le treoirlínte sláinte poiblí, in éineacht le riachtanais Item was unpublished or removed an rialtais.

Ní mór do sholáthraí ar bith ar mian leis/léi soláthar pearsanta a atosú na prótacail agus creat um oiriúnú maidir le COVID-19 don earnáil ELE a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm. Tabhair faoi deara gur doiciméid bheo iad na doiciméid seo, agus ní mór iad a nuashonrú ar aon dul leis an gcomhairle sláinte poiblí a bhíonn ag athrú.

Tá ábhar maidir le taisteal idirnáisiúnta agus teacht isteach mac léinn nua á fhorbairt agus níl sé réidh le cur i bhfeidhm go fóill.

Nuair atá imní ann maidir le comhlíonadh riachtanais phrótacal ‘Oibrigh go Sábháilte’ an rialtais nach féidir a réiteach trí na próisis atá leagtha amach sna prótacail earnála, is féidir aird an external-link http://hsa.ie/ | Údaráis Sláinte agus Sábháilteachta ] (HSA) a dhíriú orthu.

Ról an tsoláthair ar líne

Nuair nach féidir le soláthraí gníomhaíocht phearsanta a atosú, agus nuair is mian leis/léi leanúint le ranganna a sholáthar ar bhonn páirteach nó go hiomlán ar líne, is féidir leis an soláthraí sin a dhéanamh faoi réir ag coinníollacha ábhartha.

Nuair a chinneann soláthraí chun leanúint le soláthar ar líne tar éis an 19 Iúil, ní mór don soláthraí a chuid/cuid pleananna a chur in iúl don ILEP (Liosta Eatramhach de Chláir Cháilithe) chun freastal ar a gcohórt reatha de mhic léinn le linn an ama sin. Ní mór an fógra sin a sholáthar tráth nach déanaí ná Dé hAoine, an 30 Iúil 2021.

Beidh critéir ILEP ábhartha maidir le híoschaighdeáin soláthair do mhic léinn fós infheidhme agus ranganna ar líne á soláthar. Áirítear leis sin:

  • tinreamh a éileamh agus taifid tinrimh a choinneáil
  • íoslíon de 15 huaire de theagmháil le mic léinn a sholáthar in aghaidh na seachtaine
  • líon nach mó ná 15 mhac léinn i rang ar bith, agus múinteoir ag a bhfuil cáilíochtaí iomchuí i gceannas ar an rang sin

Déanfar an tréimhse ina mbeidh soláthraithe in ann leanúint go hiomlán ar líne a theorannú agus coinneofar í faoi athbhreithniú, i bhfianaise na comhairle sláinte poiblí a bhíonn ag athrú agus forbairtí gaolmhara. Nuair nach féidir le soláthraí leibhéal áirithe de sholáthar pearsanta a chur ar fáil, níor cheart dó/di mic léinn nua a chlárú.

Tacaíochtaí gnó

Fuair an roinn roinnt fiosruithe ó sholáthraithe oideachas an Bhéarla agus ó ionadaithe na hearnála maidir le hiarmhairt atosú an tsoláthair phearsanta ar cháilitheacht leanúnach le haghaidh tacaíochtaí gnó, go príomha an Scéim Tacaíochta um Shrianta COVID-19 (CRSS).

D’ardaigh an Roinn na buarthaí sin le Roinn an Taoisigh agus leis na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh soiléiriú breise. Coinneoidh an roinn grúpa oibre COVID-19 don earnáil ELE ar an eolas maidir le forbairtí.

Ábhair thacaíochta