Plean Gníomhaíochta don Phrintíseacht 2021 - 2025
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 19 Aibreán 2021
- An t-eolas is déanaí: 17 Feabhra 2022
D’fhonn a chinntiú go leanfaidh an córas printíseachta chun beart a dhéanamh d’fhoghlaimeoirí agus d’fhostóirí araon, tá Plean Gníomhaíochta do Phrintíseachtaí nua cruthaithe againn. Tríd an tionscnamh sin cinnteofar go mbeidh córas printíseachta nua-aimseartha againn lena léirítear sochaí na hÉireann agus lena dtacaítear le foghlaimeoirí agus le fostóirí ar an mbealach.
Tá 60 clár ann faoi láthair agus cáilíochtaí luachmhara ina dtoradh orthu i réimsí amhail airgeadas, cuntasaíocht, teicneoirí saotharlainne, innealtóireacht meicneoirí feithiclí tromshaothair agus cúram sláinte. Tá sé de chuspóir ag an bPlean Gníomhaíochta na cineálacha clár a leathnú atá ar fáil, agus líon na bprintíseachtaí a mhéadú go 10,000 in aghaidh na bliana faoi 2025.
Déanfar obair leis an bPlean chun cothromas rochtana a chinntiú ionas go mbeidh grúpaí faoi ghannionadaíochta in ann leas a bhaint as printíseachtaí trí bealaí simplithe chuig iontráil a chruthú, mar aon le solúbthacht laistigh den chóras a fheabhsú.
Beidh tacaíocht bhreise ar fáil dóibh siúd sa chóras printíseachta, lena n-áireofar fostóirí, agus spreagfar iad agus tabharfar tacaíocht dóibh chun printísigh a fhostú trí chúnamh airgeadais agus trí mheicníochtaí eile.
Tríd an bPlean tugtar na printíseachtaí uile le chéile faoin aon díon in oifig Phrintíseachta Náisiúnta nua. Déanfar an-chomhoibriú leanúnach le páirtithe leasmhara de réir mar a chuirfidh muid an plean ar aghaidh d’fhonn córas printíseachta spreagúil, nua-aimseartha agus tacúil a chinntiú.
Le haghaidh tuilleadh eolais a fháil maidir le printíseachtaí, cliceáil anseo, tabhair cuairt ar apprenticeship.ie nó déan teagmháil le d’oifig ETBI áitiúil.
Le haghaidh eolas a fháil faoi na deiseanna atá ar fáil faoi láthair tabhair cuairt ar apprenticeshipjobs.ie.
Seoladh an Phlean Ghníomhaíochta do Phrintíseachtaí, 19 Aibreán 2021
Seisiún eolais do Pháirtithe Leasmhara an Phlean Ghníomhaíochta do Phrintíseachtaí, 28 Aibreán 2021