English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ráiteas Straitéise 2024-2026



Ár bhFís

Sochaí chuimsitheach foghlama agus nuálaíochta ina bhfuil gach duine in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach.


Ár Misean

Forbróimid oideachas, oiliúint, agus taighde treasach na hÉireann chun tacú le daoine a lánacmhainneacht a bhaint amach agus sochaí rathúil, inbhuanaithe, agus bhríomhar a chruthú, réidh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le domhan atá ag athrú.


Ár gCuspóirí Straitéiseacha

Tóg Scileanna agus Tallann

Oibreoimid chun cur ar chumas gach duine ar fud na sochaí a n-acmhainneacht a bhaint amach agus na buanna, na scileanna agus an t-eolas is gá a fhorbairt chun go n-éireoidh leo i ngeilleagar na hÉireann sa lá atá inniu ann agus chun freastal ar riachtanais ár bpáirtithe leasmhara, ár bhfostóirí agus ár dtionscal.

Taighde, Nuálaíocht agus Eolaíocht a Chur Chun Cinn

Cur chuige uile-Rialtais a threorú maidir le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn, trí straitéisí comhaontaithe a chur i bhfeidhm agus trí rannpháirtíocht a chur chun cinn idir na hearnálacha fiontraíochta, institiúidí ardoideachais agus comhlachtaí taighde in Éirinn, san earnáil phoiblí, sa phobal i gcoitinne agus go hidirnáisiúnta.

Tacú le Cuimsiú

Iarracht a dhéanamh chun cinntiú go gcuirtear ar chumas foghlaimeoirí ar fud an chórais threasach rochtain a fháil ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu, go háirithe chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí leochaileacha, daoine faoi mhíchumas agus iad siúd ó chúlra míbhuntáiste chun rannpháirtíocht fhorleathan leis na córais oideachais agus scileanna a chur chun cinn agus, dá réir sin, cur le fás agus rathúnas aonair, pobail agus náisiúnta.

Rannpháirtíocht Dhomhanda

Éire a shuíomh mar phríomhionad idirnáisiúnta do thaighdeoirí, do mhic léinn agus d'iarchéimithe, agus mar gheilleagar ard-eolais le fócas ceannródaíoch taighde agus nuálaíochta, áit a bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ar fud Oileán na hÉireann agus trí phríomh-chomhpháirtíochtaí leis an Ríocht Aontaithe, laistigh den AE, Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar agus ar fud an domhain, chun leanúint de dhaoine aonair ardghnóthachtála a tharraingt ó thar lear go córas oideachais idirnáisiúnta na hÉireann agus chun cur ar chumas na hÉireann dul san iomaíocht ar stáitse an domhain.

Feidhmíocht agus Athchóiriú an Chórais

Dul chun cinn leanúnach na gcóras Breisoideachais agus Ardoideachais a chur chun cinn, comhoibriú le páirtithe leasmhara i bhforbairt Córas Treasach Aontaithe, claochlú cur chuige i leith Printíseachtaí agus glacadh leis an tábhacht a bhaineann le forbairt Scileanna.

Cumais

A chinntiú go bhfuil an Roinn in ann a Misean, a Spriocanna agus a Straitéis a chur i gcrích trí thacú lenár bhfoireann, aghaidh a thabhairt ar ár riachtanais foghlama agus forbartha, agus rannpháirtíocht leanúnach a choinneáil ar fud an Rialtais agus lenár bpáirtithe leasmhara.

An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta Ráiteas Straitéise 2024-2026
Amharc amharc