English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Straitéis Náisiúnta Scileanna na hÉireann


Tá ‘Straitéis Náisiúnta Scileanna na hÉireann 2025 - Todhchaí na hÉireann’ deartha chun leas a dhéanamh do dhaoine uile a chónaíonn in Éirinn, do chuideachtaí a oibríonn anseo nó atá ag beartú chun iad féin a chur ar bun anseo, dóibh siúd atá ag obair anseo, agus dóibh siúd atá ag súil le bheith ag obair anseo. Aithnítear léi an ról a d’fhéadfadh a bheith ag scileanna maidir le gach duine a fheabhsú agus maidir le muintir na tíre seo a thacú chun fás mar shaoránaigh dhomhanda.


Cuspóirí

  • Fócas ar dheiseanna forbartha scileanna a sholáthar atá ábhartha do riachtanais foghlaimeoirí, na sochaí agus an gheilleagair
  • Rannpháirtíocht fostóirí i bhforbairt scileanna agus in úsáid éifeachtach scileanna sna heagraíochtaí dá gcuid, d’fhonn a bheith níos táirgiúla agus níos iomaíche
  • Feabhsú agus measúnú ar bhonn leanúnach ar cháilíocht an teagaisc agus na foghlama ag gach céim den oideachas
  • Níos mó daoine ar fud na hÉireann rannpháirteach i bhfoghlaim ar feadh an tsaoil
  • Fócas ar chuimsiú gníomhach, chun tacú le rannpháirtíocht san oideachas agus san oiliúint agus i margadh an tsaothair
  • Tacaíocht do mhéadú ar sholáthar scileanna do mhargadh an tsaothair

Fís

Trí chóras oideachais agus oiliúna na hÉireann soláthrófar scileanna níos solúbtha, níos nuálaí agus níos idirdhisciplíní.

Bainfear an úsáid is fearr as infheistíocht phoiblí in oideachas agus in oiliúint trí rannpháirtíocht ghníomhach fostóirí, agus tosaíochtaí soiléire á leagan síos bunaithe ar acmhainní atá ar fáil agus measúnú rialta á dhéanamh ar an tionchar agus ar an éifeachtúlacht dá gcuid.

Chun an fhís sin a bhaint amach, beidh foghlaimeoirí, fostóirí agus oideoirí rannpháirteach chomh maith le ranna agus gníomhaireachtaí stáit ábhartha.

Beidh clú ar Éirinn mar áit ina ndéantar buanna ár ndaoine á fhás trí na nithe a leanas:

  • cáilíocht agus ábharthacht ár gcórais oideachais agus oiliúna, a fhrithghníomhaíonn de réir riachtanais athraitheacha agus éagsúla ár ndaoine, ár sochaí agus an gheilleagair
  • láidreacht na gcaidreamh agus malartú eolais idir fostóirí, soláthraithe oideachais agus oiliúna, agus earnálacha uile na sochaí, agus an tionchar mar thoradh air sin ar an dóigh a ndéantar daoine a ullmhú don saol agus don obair
  • cáilíocht ár lucht oibre - náisiún de dhaoine ag a bhfuil eolas ábhartha, solúbthacht ghnó agus scileanna anailíseacha
  • úsáid scileanna chun tacú le rath eacnamaíoch agus sóisialta, agus chun folláine ár dtíre a fheabhsú
  • úsáid na teicneolaíochta chun buanna agus scileanna a sholáthar, chun gnólachtaí a fhás, agus chun saolta gach duine a fheabhsú

Cúlra na Straitéise

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais an Straitéis Náisiúnta Scileanna in 2016. D’fhoilsigh an Roinn an straitéis tar éis tuairimí an phobail a fháil trí chomhairliúchán. Soláthraítear struchtúr leis an straitéis le haghaidh scileanna a fhorbairt lena gcuideofar le fás eacnamaíoch agus sóisialta na hÉireann a chur chun cinn suas go dtí 2025.

Ireland's National Skills Strategy 2025 - Ireland's Future
Published by the then-Department of Education and Skills in 2016. The strategy runs to 2025.
Amharc amharc