English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Ardoideachas


In Éirinn is iad ollscoileanna, ollscoileanna teicneolaíochta, institiúidí teicneolaíochta agus coláistí oideachais a chuireann ardoideachas ar fáil. Chomh maith leis sin, cuireann roinnt institiúidí tríú leibhéal eile oideachas speisialta ar fáil, i réimsí amhail ealaín agus dearadh, míochaine, staidéir ghnó, forbairt tuaithe, diagacht, ceol agus an dlí. Féach anseo le haghaidh liosta iomlán d’institiúidí tríú leibhéal atá maoinithe go poiblí.


An Lár-Oifig Iontrála

Is í an Lár-Oifig Iontrála (CAO) a phróiseálann an chuid is mó de na hiarratais ar iontráil san ardoideachas Is é de chuspóir ag an gcóras iarratais a phróiseáil go lárnach agus ar bhealach atá cóir agus éifeachtach agus coimeádann na hinstitiúidí rannpháirteacha an fheidhm de chinntí a dhéanamh faoi iontrálacha.


An tÚdarás Ardoideachais

Is é an tÚdarás Ardoideachais (ÚAO) an comhlacht pleanála agus forbartha reachtúil don ardoideachas agus do thaighde in Éirinn. Tá cumhachtaí comhairleacha leathana ag an Údarás ar fud earnáil an oideachais tríú leibhéal. Chomh maith leis sin, is é an t-údarás maoinithe maidir le hollscoileanna, institiúidí teicneolaíochta agus institiúidí ardoideachais ainmnithe eile.


An Creat Reachtaíochta

In Acht na nOllscoileanna, 1997 leagtar amach cuspóirí agus feidhmeanna ollscoile, struchtúr agus ról na gcomhlachtaí rialaithe, socruithe soláthair foirne, comhdhéanamh agus ról na gcomhairlí acadúla agus ailt a bhaineann le réadmhaoin, le hairgeadas agus le tuairisciú. Éilítear ar chomhlachtaí rialaithe ollscoileanna chun a chinntiú go mbíonn pleananna agus nósanna imeachta forbartha straitéisí i bhfeidhm le haghaidh teagasc agus taighde a mheasúnú. Tá ról maoirseachta ag an Údarás Ardoideachais maidir lena leithéid de phleananna agus de nósanna imeachta. Tríd an gcreat reachtaíochta déantar saoirse acadúil na n-ollscoileanna a chaomhnú agus tugtar meas leis do na traidisiúin éagsúla agus do neamhspleáchas institiúideach gach ollscoile.

Ollscoileanna Teicneolaíochta

In Acht na nOllscoileanna Teicneolaíochta 2018 cuirtear creat reachtaíochta analógach ar fáil d’Ollscoileanna Teicneolaíochta (TUnna) mar aon leis na critéir cháilitheachta agus próisis le haghaidh an cineál nua sin d’Institiúid Ardoideachais a chur ar bun.

San Acht um Institiúidí Teicneolaíochta, 2006 déantar foráil do chaidreamh cosúil idir na hInstitiúidí Ardoideachais agus an tÚdarás Ardoideachais agus atá ann idir an tÚdarás agus na hollscoileanna mar aon le méid níos mó de neamhspleáchas institiúideach, de rialachas feabhsaithe agus ráthaíocht reachtúil de shaoirse acadúil do na hinstitiúidí.