English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Poist Pholasaí

Breisoideachas


Cumhdaítear oideachas agus oiliúint le réimse an Bhreisoideachas a tharlaíonn tar éis scolaíocht dara leibhéal, ach nach bhfuil ina chuid den chóras tríú leibhéal. Tá roinnt soláthraithe Breisoideachais agus Ardoideachais agus Oiliúna ann mar aon le héagsúlacht leathan de scoileanna, d’eagraíochtaí agus d’institiúidí atá rannpháirteach i soláthar oideachais leanúnaigh agus oiliúna do dhaoine óga a fhágann an scoil agus d’aosaigh.


Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOnna)

Tá na 16 Bhord Oideachais agus Oiliúna freagrach as bunoideachas, iar-bhunoideachas agus breisoideachas a chur ar fáil agus tá scéimeanna oiliúna acu freisin a bhí faoi cheannas FÁS lá den saol.

Is féidir leat do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúil a aimsiú anseo.


Solas

Oibríonn SOLAS leis na Boird Oideachais agus Oiliúna chun tacú le forbairt clár breisoideachais agus oiliúna agus curaclaim iomchuí agus le foinsiú idirghabhálacha breisoideachais agus oiliúna ón earnáil phríobháideach, ón earnáil phoiblí agus ón earnáil sheachbhrabúsach.


Oideachas d’Aosaigh

Tá Oideachas d’Aosaigh leagtha amach i bhFoghlaim don SaolCuirtear raon oideachais agus oiliúna ar fáil ag eagraíochtaí éagsúla a bhfuil sé d’aidhm acu daoine dífhostaithe a uasoiliúint agus scileanna nua a thabhairt dóibh Is tosaíocht í scileanna a sholáthar don obair.


An Creat Náisiúnta Cáilíochtaí

De ghnáth bíonn deimhniú san Earnáil Breisoideachais agus Ardoideachais agus Oiliúna ar aon dul leis an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí- creat duaiseanna de 10 leibhéal atá ar aon dul leis an gCreat Eorpach Cáilíochtaí.

Déanann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann

Déanann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) dearbhú cáilíochta maidir le hinstitiúidí breisoideachais agus ardoideachais agus oiliúna, agus déanann sé cláir oideachasúla a bhailíochtú agus bronnann sé dámhachtainí ar fhoghlaimeoirí.


Cláir Lánaimseartha sa Bhreisoideachas

  • Cúrsaí Dheimhniú iar-Ardteistiméireachta (PLC)
  • An Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS)
  • Ógtheagmháil

Cláir Pháirtaimseartha sa Bhreisoideachas

  • An Tionscnamh um Fhilleadh ar an Oideachas (BTEI)
  • Litearthacht d’Aosaigh
  • Oideachas Pobail