English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cúrsaí oiliúna ar líne saor in aisce le eCollege



Cad is eCollege ann

Is saoráid oiliúna ar líne atá maoinithe ag an Rialtas atá san eCollege a sholáthraíonn raon cúrsaí foghlama idirghníomhacha ar líne, atá ar fáil am ar bith trí rochtain ar an Idirlíon leathanbhanda dóibh siúd ar mian leo foghlaim ag a luas féin.


Cúrsaí ar fáil

Cuireann eCollege cúrsaí oiliúna ar líne ar fáil sna hábhair seo:

  • gnó
  • bainistíocht tionscadail
  • teicneolaíocht na faisnéise
  • dearadh grafach
  • dearadh gréasáin
  • forbairt bogearraí
  • inniúlacht bhunúsach ar ríomhairí

Tá cúrsaí eCollege á soláthar saor in aisce go sealadach mar thaca breise dóibh siúd a bhfuil tionchar ag bearta sláinte poiblí COVID-19 orthu. D’fhéadfadh na cúrsaí a bheith tairbheach dóibh siúd atá i mbun cúrsa cheana féin agus ar mhaith leo cur lena bhfoghlaim, dóibh siúd a bhfuil fostaíocht caillte acu le gairid nó ar laghdaíodh a gcuid uaireanta, agus dóibh siúd ar mian leo scilbhisiú nó athsciliú a dhéanamh.

Tá na cúrsaí deartha chun freastal go solúbtha ar riachtanais scileanna sonracha daoine a dteastaíonn oiliúint teistithe uathu chun cuidiú leo filleadh ar an margadh saothair nó scilbhisiú a dhéanamh ann.


Conas cáiliú

Tá cúrsaí eCollege saor in aisce faoi láthair do dhuine ar bith os cionn 18 mbliana d’aois ar mian leis nó léi cúrsa a dhéanamh. Mura bhfuil tú cinnte céard leis a bhfuil tú ag súil ó chúrsa eCollege, is féidir leat cúrsa tosaithe gearr a dhéanamh.


Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúrsa trí shuíomh gréasáin eCollege.