Cúrsaí oiliúna saor in aisce - Scileanna le haghaidh na hOibre
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 3 Meitheamh 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cad is Scileanna le haghaidh na hOibre ann
Is clár náisiúnta chun cuidiú le fostaithe déileáil le héilimh scileanna sa láthair oibre atá sa Scileanna le haghaidh na hOibre.
Maireann na cláir ar feadh 35 uair an chloig agus iad deartha ar shlí sholúbtha chun freastal ar do riachtanais féin agus ar riachtanais an fhostóra.
D’fhéadfadh go mbeadh ábhair éagsúla sa chúrsa a thacaíonn le riachtanais oideachasúla na bhfostaithe.
Cuimsítear gnéithe litearthachta agus uimhearthachta sna cúrsaí go léir agus bíonn raon iontu ón gcumarsáid, an ríomhaireacht agus scileanna pearsanta go réiteach fadhbanna agus scríobh tuarascálacha. D’fhéadfaí cláir a sholáthar ar áitreabh an chomhlachta nó in ionad oideachais BOO.
Tá na cúrsaí saor in aisce
Tá na cúrsaí sin maoinithe ag an Rialtas agus iad saor in aisce.
Conas iarratas a dhéanamh
Is féidir leat cúrsaí oiriúnacha a lorg i ngar duit ar [external-link https://www.fetchcourses.ie/ fetchcourses.ie ].