Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Cláir oiliúna saor in aisce - Skills Connect


Cad is Skills Connect ann

Is é Skills Connect ann sraith clár oiliúna agus scilbhisithe saor in aisce ar féidir leo socruithe oibre bunaithe ar thionsclaíocht a chur san áireamh chun tacú le daoine a bhfuil a jabanna caillte acu. Is féidir leat scileanna nua nó breise a fhoghlaim a chuideoidh leat ról nua san earnáil a raibh tú inti a fháil nó ról nua in earnáil nua a aimsiú.

Tá cláir Skills Connect saor in aisce, cuirtear ar fáil ar líne iad agus tairgeann siad tacaíocht struchtúrtha i gcomhair forbairt gairme.

Trí pháirt a ghlacadh i gclár oiliúna saor in aisce de chuid Skills Connect, beidh tú ábalta:

  • scileanna nua a fhorbairt
  • d’fhéinmhuinín a neartú
  • d’infhostaitheacht a fheabhsú
  • teacht ar shocruithe praiticiúla bunaithe i dtionscal

Soláthraíonn Gréasáin Ghnó Skillnet cláir Skills Connect ar feadh go leor earnálacha tionsclaíochta mar a mbíonn cumas maith fostaíochta agus éileamh ar thallann, lena n-áirítear:

  • teicneolaíocht
  • gnó agraibhia
  • teicneolaíocht leighis
  • cibearshlándáil
  • lóistíocht
  • éifeachtúlacht fuinnimh
  • eispéireas an chustaiméara
  • dlí
  • margaíocht dhigiteach

Conas cáiliú

Tá daoine atá i dteideal íocaíochtaí Liúntais Cuardaitheora PoistSochair Cuardaitheora Poist ón Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) incháilithe do chúrsaí Skills Connect, agus is ceadmhach dóibh a n-íocaíochtaí a choimeád de réir chritéir na scéime um Fhilleadh ar an Oideachas de chuid an RCS.

Beidh cead ag daoine a bhfuil cineálacha eile tacaíochta ioncaim á bhfáil acu ó RCS, an PUP, san áireamh, a gcuid íocaíochtaí a choimeád de réir chritéir na scéime um Fhilleadh ar an Oideachas de chuid na Roinne sin.

Ba cheart duit d’incháilitheacht maidir le d’íocaíocht a choimeád a sheiceáil i gcónaí le d’oifig Intreo.

Léigh na critéir incháilithe iomlána i dtaca le Skills Connect.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh go díreach chuig an nGréasán Gnó Skillnet atá ag cur an chláir a bhfuil suim agat ann ar fáil.

Féach ar liosta iomlán na nGréasán Gnó Skillnet atá ag cur clár Skills Connect ar fáil faoi láthair.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat