Faigh do chéim nó do dhámhachtain stampáilte
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 5 Samhain 2019
- An t-eolas is déanaí: 23 Lúnasa 2021
Cur Síos
Is féidir leis an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta céimeanna agus dámhachtainí arna ndeonú ag institiúidí ardoideachais mar atá liostaithe thíos a stampáil nó a fhíordheimhniú. Ní féidir leis an roinn dámhachtainí a dhéanann coláistí príobháideacha a stampáil agus ba cheart iad sin a tharchur chuig an gcomhlacht creidiúnaithe ábhartha, e.g. Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann.
Liosta institiúidí ábhartha
- An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
- An Coláiste Ollscoile, Corcaigh
- Ollscoil na hÉireann, Gaillimh
- Ollscoil na hÉireann, Má Nuad
- Ollscoil Luimnigh
- Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
- Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
- Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Luain
- Institiúid Teicneolaíochta, Baile Bhlainséir
- Institiúid Teicneolaíochta, Ceatharlach
- Institiúid Teicneolaíochta Chorcaí
- Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
- Institiúid Teicneolaíochta Dhún Dealgan
- Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta Dhún Laoghaire
- Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe - Maigh Eo
- Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn
- Institiúid Teicneolaíochta Luimnigh
- Institiúid Teicneolaíochta Shligigh
- Institiúid Teicneolaíochta, Tamhlacht
- Institiúid Teicneolaíochta Thrá Lí
- Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge
- Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha
- Coláiste Mhuire gan Smál, Luimneach
Conas iarratas a dhéanamh
Ba cheart duit iarraidh ar an ollscoil / institiúid an fhaisnéis seo a leanas a sheoladh ar ríomhphost chuig an Roinn ag HEstampingAwards@education.gov.ie:
- ainm an chéimí
- uimhir an mhic léinn
- sonraí na dámhachtana
D’fhonn an reachtaíocht um chosaint sonraí a chomhlíonadh, ní féidir ach leis an ollscoil / institiúid an fhaisnéis sin a scaoileadh ach ar iarratas ón mhac léinn.
Nuair a fhaightear an fhaisnéis sin, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh leis an Roinn ar an bhfón nó ar ríomhphost chun am a shocrú le glaoch ar ár n-oifig ar Shráid Mhaoilbhríde chun an dámhachtain a fháil stampáilte.
Ba cheart duit an nós imeachta céanna a leanúint má theastaíonn litir uait (e.g. ráiteas torthaí) lena stampáil. Ní mór cóip den litir a sheoladh ar ríomhphost chuig an Roinn ón institiúid sular féidir an bunleagan a stampáil.
Níl aon táille ar an tseirbhís sin.
Déan teagmháil le
an tAonad Beartais Ardoideachais
Guthán- 00353 1 8892127 nó 00353 1 8892147
Ríomhphost – HEstampingAwards@education.gov.ie