Scileanna chun Dul Chun Cinn - scilbhisiú agus athsciliú
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 18 Eanáir 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Cad is Scileanna chun Dul Chun Cinn ann
Soláthraíonn Scileanna chun Dul Chun Cinn deiseanna scilbhisithe agus athscilithe d’fhostaithe i jabanna atá ag athrú agus dóibh siúd atá fostaithe faoi láthair in earnálacha leochaileacha. Tá sé mar aidhm aige fostaithe a ullmhú leis na scileanna chun dul chun cinn ina jab reatha, nó chun buntáiste a bhaint as deiseanna nua fostaíochta.
Tá cúrsaí ar fáil sna réimsí seo a leanas:
- fáilteachas agus turasóireacht
- ceannasaíocht agus bainistíocht
- sláinte agus leas
- gnó agus riarachán
- seirbhísí
- teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna)
- innealtóireacht
- déantúsaíocht
- tógáil
Conas cáiliú
Tá deiseanna sa Scileanna chun Dul Chun Cinn do gach duine scilbhisiú nó athsciliú a dhéanamh, go háirithe má bhíonn tú:
- ag obair faoi láthair i jab a bhfuil scil níos ísle ag baint leis
- in aois 50 bliain nó os a chionn
- ag obair faoi láthair i jab atá i mbun athrú suntasach
Costais chúrsa
Tá fóirdheonú suntasach déanta ar chúrsaí Scileanna chun Dul Chun Cinn, ag brath ar do leibhéal scile. Déan teagmháil le do Bhord Oideachais agus Oiliúna áitiúilchun a fháil amach cad dó a bhfuil tú incháilithe.
Conas tuilleadh eolais a fháil
Tabhair cuairt ar www.skillstoadvance.ie.