Scileanna chun Dul in Iomaíocht - athsciliú agus oiliúint
-
Ó: An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
- Foilsithe: 5 Márta 2020
- An t-eolas is déanaí: 20 Lúnasa 2021
- Cad is Scileanna chun Dul in Iomaíocht ann
- Conas cáiliú
- Tá na cúrsaí saor in aisce
- Conas iarratas a dhéanamh
Cad is Scileanna chun Dul in Iomaíocht ann
Tairgeann Scileanna chun Dul in Iomaíocht deiseanna athscilithe agus athoiliúna saor in aisce do dhaoine a bhfuil a jab caillte acu, b’fhéidir, nó daoine atá ag iarraidh scilbhisiú a dhéanamh. Díríonn na cúrsaí sin ar an infhostaitheacht agus ar chumas duine dul in iomaíocht le haghaidh deiseanna fostaíochta a fheabhsú.
Cuimsíonn na cúrsaí comhairle shaincheaptha agus tacaíocht agus béim ar:
- forbairt scileanna chun cuidiú leis an infhostaitheacht
- na hacmhainní digiteacha a bhíonn riachtanach do gach jab anois, a bheag nó a mhór, a thógáil
- cúrsaí ar leibhéal 4-6 hdírithe ar earnálacha agus gairmeacha fáis
Soláthraíonn Boird Oideachais agus Oiliúna na cúrsaí ar fud na tíre, agus bíonn cláir oideachais agus oiliúna ar líne lánaimseartha agus pháirtaimseartha ar fáil
Conas cáiliú
- de ghnáth ní bhíonn aon oideachas ná cáilíocht fhoirmeálta de dhíth chun cúrsaí Scileanna le Dul in Iomaíocht a dhéanamh
- ní mór duit 18 mbliana a bheith bainte amach agat chun cur isteach ar chúrsa Scileanna chun Dul in Iomaíocht
Tá na cúrsaí saor in aisce
Tá na cúrsaí sin maoinithe ag an Rialtas agus iad saor in aisce.
Conas iarratas a dhéanamh
Cuardaigh cúrsaí ‘Scileanna chun Dul in Iomaíocht’ ar fetchcourses.ie. Roghnaigh cúrsa chun tuilleadh eolais a fháil ar mhodúil cúrsa, ionad, dáta tosaithe agus sonraí teagmhála an tsoláthraí cúrsa. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chúrsaí tríd an suíomh gréasáin.
Conas tuilleadh eolais a fháil
Tabhair cuairt ar fetchcourses.ie nó déan teagmháil le do Bhord Oideachais agus Oiliúnaáitiúil.