English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Seirbhís

Scileanna Comhshaoil agus Scileanna Glasa

Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú eolas ar scileanna comhshaoil agus scileanna glasa, agus ar na cúrsaí atá ar fáil in Institiúidí Breisoideachais agus Ardoideachais.


Scileanna Fuinnimh Gaoithe

Cursaí

Tá raon cúrsaí ar fáil le haghaidh uas-sciliú agus athsciliú i réimse an fhuinnimh gaoithe.

Ina measc seo tá:

HCI (An infheistíocht i gcaipiteal daonna) agus Springboard+

Tá an Tionscnamh maidir le hInfheistíocht i gCaipiteal Daonna agus Springboard+ ina gcomhlánú ar an gcroíchóras oideachais agus oiliúna Státmaoinithe agus cuirtear deiseanna maidir le huas-sciliú agus athsciliú saor in aisce agus fóirdheonaithe ar fáil leo i réimsí ina bhfuil gá le scileanna sainaitheanta. I measc na gcúrsaí a thairgtear a bhaineann le gaoth amach ón gcósta tá:

Coláiste na hOllscoile, Corcaigh

Tiontú Fuinnimh Gaoithe Amach ón gCósta agus Fuinnimh Aigéin

Teastas Iarchéime i bhFuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

Teastas Iarchéime i Nuálaíocht Fuinnimh le haghaidh táirgeadh fuinnimh saor ó charbón

Ollscoil Teicneolaíochta na Sionainne: Lár Tíre, An tIarthar Láir

Teastas i gCeannaireacht maidir le Fuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta

Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath

Dioplóma Iarchéime i gCórais Fuinnimh Inbhuanaithe

Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na cúrsaí anseo.

Printíseacht

Is é Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí an soláthraí comhordaithe don Chlár le haghaidh Teicneoirí Cothabhála Tuirbíní Gaoithe

Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann

Cuireann Coláiste Náisiúnta Mara na hÉireann raon cúrsaí ábhartha ar fáil lena n-áirítear oiliúint sábháilteachta amach ón gcósta, agus cláir acadúla i réimsí na hnnealtóireachta muirí, an tslabhra soláthair, agus na lóistíochta. Féach Cúrsaí Fuinnimh Amach ón gCósta agus In-athnuaite

Greentech Skillnet

Tacaíonn Greentech Skillnet, líonra gnó arna chomhchistiú ag lucht tionscail agus ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, trí Skillnet Ireland, le riachtanais forbartha lucht saothair na ngnólachtaí laistigh den earnáil fuinnimh in-athnuaite. Cuireann sé raon cúrsaí maidir le huas-sciliú agus athsciliú ar fáil a bhaineann go díreach le gaoth amach ón gcósta. Féach Cúrsaí maidir le huas-sciliú agus athsciliú ar ghairmithe in earnáil an fhuinnimh gaoithe.

Wind Energy Ireland

Tá cúpla suíomh Gréasáin ag Wind Energy Ireland ar a gcuirtear gairmeacha san fhuinneamh gaoithe i láthair.

Is ardán gairmeacha é Work in Wind a chuidíonn leo siúd ar spéis leo oibriú sa réimse sin an post a oireann dóibh a aimsiú.

Is suíomh Gréasáin idirghníomhach é Building Offshore Wind in Ireland a churieann ar chumas daoine foghlaim faoin obair agus faoi na poist atá ar fáil in earnáil an fhuinnimh gaoithe.


NZEB agus Iarfheistiú

Iarfheistiú

Tá raon de ghearrchúrsaí ann chun uas-sciliú a dhéanamh i réimse an iarfheistithe, rud ar a dtugtar foirgneamh nach mór neodrach ó thaobh fuinnimh (NZEB) freisin.

Más oibrí tógála thú cheana féin, mairfidh na cúrsaí idir lá amháin agus ceithre lá. Más beag an taithí atá agat ar an tógáil, tá cúrsaí ní ba faide de thrí seachtaine ar fáil.

Tá níos mó ná 50 clár á reachtáil ar fud Ionaid Barr Feabhais NZEB, iad faoi stiúir ag:

  • BOO Phort Láirge agus Loch Garman
  • BOO Laoise agus Uíbh Fhailí
  • BOO Luimnigh agus an Chláir
  • BOO Chorcaí
  • BOO Mhaigh Eo, Shligigh agus. Liatroma
  • BOO Chathair Bhaile Átha Cliath

Aimsigh cúrsa iarfheistithe duit on fetchcourses.ie.

Cúrsaí scileanna glasa

Tá go leor roghanna ar fáil ar fud réimsí amhail:

  • an fhoirgníocht
  • an talmhaíocht
  • an teicneolaíocht
  • faisean
  • éiceolaíocht

Rinneadh go leor cúrsaí breisoideachais reatha a nuashonrú chun modúil scileanna glasa a áireamh. Cuardaigh cúrsaí scileanna glasa agus cuir isteach orthu.

Is féidir leat dul i dteagmháil le do bhord oideachais agus oiliúna áitiúil freisin chun teacht ar chúrsaí scileanna glasa in aice leat.