Dr. Tom O'Connell
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 20 Nollaig 2018
- An t-eolas is déanaí: 28 Márta 2024

Soláthraíonn Oifig an Phríomhoifigigh Míochaine (CMO) a chuimsíonn Roinn Sláinte Ceirde na Státseirbhíse (CSOHD) seirbhís sláinte ceirde agus ionchur beartais don Státseirbhís ar fud 53 Roinn / Gníomhaireacht Rialtais agus 14 príosún ar fud na tíre. Áirítear leis seo scrúduithe leighis réamhfhostaíochta, cabhrú le bainistiú neamhláithreachta breoiteachta, measúnuithe scoir de bharr drochshláinte, saincheisteanna sláinte san ionad oibre, comhairle um Pá Breoiteachta Criticiúil, lascaine ar shaoire bhreoiteachta agus measúnuithe riosca COVID. Príomhréimse oibre is ea cláir um fhaireachas sláinte coisctheach ar nós seiceálacha éisteachta agus cláir imdhíonta choisctheacha.
Soláthraíonn an CEM comhairle/ionchur beartais ar gach saincheist oibre agus sláinte don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, Líonra Bhainisteoirí Daoine na Státseirbhíse, Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit, an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát, an Oifig um Sholáthar Rialtais agus réimsí eile den earnáil phoiblí de réir mar is gá. Cuirtear comhairle ar fáil freisin don Roinn Oideachais agus Eolaíochta ar Sheirbhís Sláinte Ceirde Múinteoirí.
Ríomhphost: Tom.O'Connell@cmo.gov.ie