Jack Chambers
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 2 Iúil 2020
- An t-eolas is déanaí: 31 Eanáir 2025

Is é Jack Chambers an tAire Caiteachais Phoiblí, Bonneagair, Athchóirithe na Seirbhíse Poiblí agus Digiteachú. Ceapadh sa ról seo é an 23 Eanáir 2025. Roimhe sin, bhí sé ina Aire Airgeadais.
Is TD Fhianna Fáil do Bhaile Átha Cliath Thiar é. Toghadh chuig Dáil Éireann é ar a chéad iarracht in olltoghchán Feabhra 2016 agus atoghadh é in olltoghchán 2020 .
Sula ndeachaigh sé isteach sa Dáil, bhí sé ina Chomhairleoir Contae i bhFine Gall agus mar Leas-Mhéara.
Bhí sé ina bhall gníomhach de roinnt coistí Oireachtais lena n-áirítear Gníomhú ar son na hAeráide, Dlí agus Cirt agus Comhionannas agus an Coiste um Athchóiriú an tSeanaid.
Rugadh Jack i nGaillimh, agus bhog sé go Baile Átha Cliath Thiar ag aois óg.
Is Dochtúir Leighis é, tar éis dó staidéar a dhéanamh ar an Leigheas ag an RCSI, agus tá céim onóracha aige sa Dlí agus san Eolaíocht Pholaitiúil ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.