Kevin 'Boxer' Moran
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe; Oifig Na nOibreacha Poiblí
- Foilsithe: 15 Samhain 2018
- An t-eolas is déanaí: 29 Eanáir 2025

Tá Kevin ‘Boxer’ Moran ina Aire Stáit ag an Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta agus Athchóirithe PFN le freagracht as Oifig na nOibreacha Poiblí. Ceapadh sa ról seo é an 29 Eanáir 2025.
Roimhe seo bhí sé ina Aire Stáit d’Oifig na nOibreacha Poiblí agus um Fhóirithint Tuilte ó 2017 go 2020.
Is TD é do dháilcheantar an Longfoirt & na hIarmhí. Bhí an tAire Moran ina bhall de Chomhairle Contae na hIarmhí ó 1999 go dtí gur toghadh chun Dáil Éireann é in 2016.
Ar feadh a ghairm bheatha pholaitiúil, bhí an tAire Moran páirteach in eagrú go leor imeachtaí pobail áitiúla agus idirnáisiúnta thar na blianta, lena n-áirítear Paráid Lá Fhéile Pádraig Bhaile Átha Luain, Féilte an tSamhraidh, TriAthlone agus Féile an Phobail Eorpaigh. Is mór an díograiseoir spóirt é, a bhfuil spéis aige sa tslatiascaireacht, agus tá sé ag tacú le fada le Cumann Peile Bhaile Átha Luain, le CLG agus le himeachtaí rugbaí.
Is féidir dul i dteagmháil leis an Uasal Moran ag kevin.moran@oireachtas.ie