10ú Gradaim Barr agus Núalaíochta na Státseirbhíse
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 3 Nollaig 2024
- An t-eolas is déanaí: 9 Aibreán 2025

Forléargas
Seoladh an 10ú heagrán de Ghradaim Feabhais agus Nuálaíochta na Státseirbhíse ar an 26 Samhain 2024. Tá ainmniúcháin fógartha faoi 11 chatagóir, catagóirí atá ag teacht le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr - Straitéis Chlaochlaithe na Seirbhíse Poiblí. Reáchtálfar an searmanas bronnta Déardaoin, an 29 Bealtaine 2025 i Halla Naomh Pádraig, Caisleán Bhaile Átha Cliath.
Catagóirí gradam agus liosta na n-ainmnithe
DIGITEACH AR DTÚS
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Córas Faireacháin Limistéir Faoi Lán Seoil: Cur chuige nua i leith monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh CBT
An tSeirbhís Cúirteanna agus Seirbhís Phríosúin na hÉireann
Ag forbairt na teicneolaíochta físe a bhíonn ar fáil i seomra na cúirte agus ag cur le líon na ndaoine a thagann os comhair na cúirte ó chian
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Tionscadal ar Líne um Shochar Breoiteachta
AG LEABÚ NUÁLAÍOCHTA
An Coimisiún Toghcháin
“Is é do vóta do ghuth” 2024 Feachtas um Chlárú/Ghníomhachtú Vótálaithe
An Roinn Dlí agus Cirt
Clár Nuachóiriúcháin IPO: Ag Athrú Sholáthar na Cosanta ó Bhonn
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Scrúdú Tréidliachta agus Clár Iniúchta
LUCHT SAOTHAIR DON TODHCHAÍ
An Roinn Cosanta
Cúrsa Micridhintiúr sa Staidéar Cosanta
An Roinn Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Printíseacht sa Mhargaíocht Dhigiteach leis an Státseirbhís
Poist Phoiblí
Creat Cumais na Státseirbhíse
IONAD OIBRE AGUS EAGRAÍOCHT DON TODHCHAÍ
An Roinn Gnóthaí Eachtracha
10 Lá ICÉI– inscne, comhionannas, éagsúlacht agus ionchuimsiú
An Roinn Fiontar, Trádála & Fostaíochta
Réidh don Lá Amárach: Clár Píolótach Comhpháirtíochta Nuálaíochta na Roinne Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Athchóiriú Rialtais Áitiúil: Bunú Oifig Mhéara Dírthofa Luimnigh
FORBAIRT BEARTAIS STRAITÉISIGH
An Roinn Breisoideachais & Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Cláir Chéime Threasacha - Ag cur níos mó deiseanna ar fáil chun staidéar a dhéanamh i gcóras aontaithe tríú leibhéal
An Roinn Oideachais
Ag comhoibriú le heagraíochtaí an Lucht Siúil agus na Romach chun an chéad Straitéis Oideachais don Lucht Siúil agus Romaigh riamh a fhorbairt
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
Athbhreithniú ar an Reachtaíocht Pleanála & an tAcht um Pleanáil & Forbairt, 2024 a Ullmhú
CINNTEOIREACHT BUNAITHE AR LÉARGAIS
An Roinn Fiontar, Trádála agus Fostaíochta
Measúnú ar Thionchar Carnach na mBeart Molta chun Feabhas a Chur ar Choinníollacha Oibre in Éirinn
An Roinn Sláinte
Ag Feabhsú Táirgiúlachta in Ospidéil
An Phríomh Oifig Staidrimh
Bonneagar Sonraí Náisiúnta – ag forbairt sonraí mar acmhainn náisiúnta
BEART A DHÉANAMH DE RÉIR BRIATHAIR I DTIMPEALLACHT DHINIMICIÚIL
Na Coimisinéirí Ioncaim
An Scéim um Thrádstóráil Fiachais
An Roinn Iompair
Claochlú na Bainistíochta Éigeandála sa Roinn Iompair
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
P2P – Córas Nuálach ó Sholáthar go hÍoc
FEABHAS TRÍ CHOMHOIBRIÚ
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt & Meán i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Eachtracha, agus Turasóireacht Éireann
Zeitgeist Irland 24
Na Coimisinéirí Ioncaim
Ag cruthú na chéad Sceire Saorga in Éirinn
An Roinn Iompair
Soláthar Chonradh IRCG (Garda Cósta na hÉireann) agus SAR (Cuardach agus Tarrtháil) i gcomhair Seirbhísí Eitlíochta
TIONCHAR SAORÁNACH AGUS SEIRBHÍS DO CHUSTAIMÉIRÍ
An Roinn Dlí agus Cirt
Ag Athrú na Saoránachta ó bhonn
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
An Plean Náisiúnta Leathanbhanda
An Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige
Cinnteoireacht thacaithe, clár athchóirithe ilghníomhaireachtaí
STÁTSEIRBHÍS DEN SCOTH
Tithe an Oireachtais
Bunú Sheirbhís Costála na hOifige Buiséid Parlaimintí um Moltaí Beartais agus Toghcháin
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta
An 4ú Plean Gníomhaíochta Náisiúnta um Bithéagsúlacht
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Athchóiriú na bPinsean Stáit
GNÍOMHÚ AR SON NA HAERÁIDE AGUS RIALTAS INBHUANAITHE
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Scéim Náisiúnta Éarlaise agus Aisíoca na hÉireann
An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Plean Limistéir Mhuirí Ainmnithe an Chósta Theas d'Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara
Ag cur sraith uirlisí Spásanailíse le chéile chun cinnteoireacht Chliste agus Inbhuanaithe a chur chun cinn i Seirbhísí Poiblí don Fhoraoiseacht
Dátaí Tábhachtacha
- Dáta oscailte le haghaidh aighneachtaí: 26 Samhain 2024
- Dáta deiridh le haghaidh aighneachtaí: 14 Feabhra 2025
- Seimineár gréasáin ar conas foirm iarratais a chomhlíonadh: lár mhí na Nollag
- Gearrliosta fógartha: tús mhí Aibreáin 2025
- Seachtain na nAinmnithe: deireadh mhí Aibreáin 2025
- Searmanas Bronnta: 29 Bealtaine 2025