English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Acmhainní Intleacht Shaorga


Is teicneolaíocht í an Intleacht Shaorga (IS) atá ag cur athrú ar go leor de na bealaí a mhairimid, a oibrímid agus a bhímid páirteach sa domhan mórthimpeall orainn. Tá an cumas ag an Intleacht Shaorga athrú ó bhonn a chur ar an gcaoi a n-oibríonn, a bhforbraíonn agus a seachadann an tSeirbhís Phoiblí beartais agus seirbhísí, agus an chaoi a dtugann sí aghaidh ar na dúshláin atá os ár gcomhair mar thír.

Tá gealltanas i straitéis claochlaithe na seirbhíse poiblí de chuid an Rialtais, Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, chun seirbhísí agus feidhmeanna a bheidh cumasaithe go digiteach a sheachadadh, ag úsáid na teicneolaíochta chun dul i ngleic le mórcheisteanna na sochaí agus a bheith i gceannas ar athrú, agus eispéiris ionchuimsitheacha gan uaim a bhaint amach don úsáideoir.

Aithníonn an Rialtas an ról tábhachtach atá ag an Intleacht Shaorga ó thaobh na haidhmeanna sin a bhaint amach agus d’fhorbair sé Treoirlínte maidir le hÚsáid Fhreagrach IS sa tSeirbhís Phoiblí chun tacú le húsáid fhreagrach a bhaint as IS, ar bhealach a rachaidh i gcion ar dhaoine.


Treoirlínte maidir le hÚsáid Fhreagrach as IS

Dearadh na Treoirlínte chun an chumhacht a thabhairt d’Fhostaithe sa tSeirbhís Phoiblí IS a úsáid chun seirbhísí níos fearr a sheachadadh. Ach an duine féin a bheith rannpháirteach go stuama sa phróiseas, is é is aidhm dóibh feabhas a chur ar iontaoibh an phobail as an gcaoi a úsáideann an Rialtas IS.

Tá treoir ag na Treoirlínte ó na Seacht bPrionsabal maidir le IS Freagrach, is iad sin:

  • Gníomhú Daonna agus Maoirseacht
  • Stóinseacht agus Sábháilteacht Theicniúil
  • Príobháideacht agus Rialachas Sonraí
  • Trédhearcacht
  • Éagsúlacht, Neamh-Idirdhealú agus Cothroime
  • Folláine na sochaí agus an chomhshaoil
  • Cuntasacht

Acmhainní

Forbraíodh raon acmhainní agus uirlisí praiticiúla mar thaca chun IS a ghlacadh sa tSeirbhís Phoiblí, ina measc tá faisnéis shoiléir ar Phrionsabail an Rialtais le haghaidh IS Freagrach, Creat cinnidh maidir le húsáid ionchasach IS a mheas, Canbhás AI Freagrach a úsáidfear ag céim na pleanála, agus uirlis Treorach Saolré IS chun tacú le húsáideoirí ón bhforbairt go húsáid, agus nuair a bhreithnítear tionscadal i gcomhair athbhreithniú nó díchoimisiúnú.


Foghlaim agus Forbairt

Is féidir le heagraíochtaí na seirbhíse poiblí leas a bhaint freisin as ábhair foghlama agus forbartha agus as cúrsaí d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí. Sholáthair an Institiúid um Riarachán Poiblí (IPA) rang teagaisc agus oiliúint shaincheaptha atá tiomnaithe do na Treoirlínte IS chun tuilleadh cúnaimh a thabhairt do rannpháirtithe le linn dóibh na treoirlínte a chur i bhfeidhm ina n-ionaid oibre féin. Tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin IPA chun tuilleadh a fháil amach faoi dheiseanna oiliúna le IS.

Tacaíocht bhreise trí CeADAR

Is é CeADAR lárionad náisiúnta na hÉireann don IS. Feidhmíonn sé mar Mhol Nuálaíochta Digití Eorpaí na hÉireann don IS agus é mar aidhm aige tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí agus d’eagraíochtaí in Éirinn chun na buntáistí agus an fiúntas atá le IS agus le meaisín-fhoghlaim a thuiscint, a ghlacadh agus a úsáid chun a leasa féin i dtimpeallacht atá ag déanamh dul chun cinn agus ag athrú de shíor. Tacaíonn CeADAR le heagraíochtaí chun straitéisí, fréamhshamhlacha agus réitigh IS a shainaithint, a dhearadh agus a fhorbairt, a thabharfaidh a dtáirge nó a seirbhís chuig an gcéad leibhéal eile.

Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin CeADAR.


Líonraí

Chun clárú i gcomhair nuashonruithe maidir le claochlú na seirbhíse poiblí, is féidir leat iarratas a dhéanamh chun a bheith páirteach sa Líonra Claochlaithe.