Ag Bogadh i dTreo Seirbhís Phoiblí Dhátheangach
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 20 Eanáir 2025
- An t-eolas is déanaí: 24 Aibreán 2025

Mar chuid de Sheachtain Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí 2024, d’óstáil an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, i gcomhar le comhpháirtithe ábhartha, seimineár gréasáin ar an téama Ag Bogadh i dTreo Seirbhís Phoiblí Dhátheangach. Dhírigh an seimineár gréasáin seo ar na nithe seo a leanas:
- An Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge;
- Dul Chun Cinn faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021;
- Plean Digiteach don Ghaeilge agus Forbairtí Teicneolaíochta; agus
- Taithí na Breataine Bige.
Is féidir teacht ar thaifead den seimineár gréasáin, mar aon le hacmhainní eile, ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Eagraíodh an seimineár gréasáin seo tar éis don Rialtas an Plean Náisiúnta um Sheirbhísí Poiblí Gaeilge a cheadú agus a fhoilsiú – an chéad straitéis náisiúnta rialtais i stair an Stáit do sholáthar seirbhísí poiblí Gaeilge. Tugadh faoi thaighde cuimsitheach i leith ullmhú an Phlean seo agus déantar torthaí luachmhara an taighde seo a leagann amach ann.
Féachann an Plean Náisiúnta le treochlár a sholáthar do chomhlachtaí poiblí maidir le conas is féidir cuspóirí foriomlána Achtanna na dTeangacha Oifigiúla a bhaint amach; leibhéal na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a fheabhsú, go háirithe sna ceantair Ghaeltachta, agus a chinntiú go bhfuil soláthar dóthanach foirne inniúil ag comhlachtaí poiblí chun é sin a dhéanamh, agus muid ag bogadh i dtreo seirbhís phoiblí dhátheangach.
Díríonn an Plean Náisiúnta ar chúig mhórthéama straitéiseacha sna réimsí seo a leanas:
1. Tionscnaimh Leathana agus Neartú Struchtúir Reatha;
2. Soláthar Seirbhísí Poiblí trí Ghaeilge;
3. Teicneolaíocht;
4. Oiliúint, Earcaíocht agus Inniúlacht Teanga; agus
5. Bailiúchán Sonraí,
- le gach téama ag neartú a chéile agus iad ag teacht le straitéisí athchóirithe eile de chuid an Rialtais ar nós Seirbhísí Poiblí Níos Fearr agus Straitéis Athnuachana na Státseirbhíse. Féachann na 25 gníomh ardleibhéil atá molta sa phlean leis an mbealach ina gcuirtear seirbhísí poiblí Gaeilge ar fáil don phobal a athrú ó bhonn.
Trí mhí tar éis don Rialtas an Plean Náisiúnta a cheadú, tá dátaí le socrú faoina mbeidh oifigí poiblí sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil trí Ghaeilge – bearta atá á lorg ag pobal na Gaeltachta agus na Gaeilge le fada an lá.
Bheadh cuid de na tionscnaimh fhéideartha atá leagtha amach sa phlean, mar shampla bunú mol chun seirbhísí lárnacha poiblí a sholáthar trí Ghaeilge, nó bunú seirbhís chomhroinnte aistriúcháin, réabhlóideach ó thaobh deireadh a chur le bacainní ar sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha. Chomh maith céanna, déanfar an bealach a réiteach do sholáthar seirbhísí poiblí dátheangacha trína chinntiú go mbeidh an Ghaeilge chun tosaigh ó thaobh dul chun cinn teicneolaíochta de - go háirithe i réimse na hIS - agus muid ag iarraidh spriocanna atá leagtha amach ag an Rialtas a bhaint amach, go háirithe go n-ídítear 90% de na seirbhísí is infheidhme ar líne faoi 2030 agus go mbeidh 80% de shaoránaigh incháilithe ag úsáid MyGovID faoi 2030 (Leas a Bhaint as Digitiú – Creat Digiteach na hÉireann).
Féachann tograí eile freisin lena chinntiú go mbeidh ár seirbhís phoiblí oilte don todhchaí, i gcomhréir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, trí bhearta a mholadh atá dírithe ar earcú daoine atá inniúil i nGaeilge, chomh maith le breisoiliúint a chur ar sheirbhísigh phoiblí reatha chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar. Feictear go mbeidh tábhacht ar leith ag baint le forbairt na Printíseachta do Speisialtóir Gaeilge (Ginearálaí ag leibhéal Oifigeach Feidhmiúcháin le hinniúlacht sa Ghaeilge) sa chomhthéacs seo, le gealltanas sonrach tugtha ina leith i bPlean Printíseachta na Seirbhíse Poiblí 2023.
Beidh dhá Phlean Gníomhaíochta 3 bliana ag tacú leis an bPlean Náisiúnta, a leagfaidh amach na gníomhaíochtaí sonracha chun cuspóirí straitéiseacha ardleibhéil na dtéamaí seo a bhaint amach. Clúdóidh an chéad phlean gníomhaíochta an tréimhse 2025-2027 agus beidh sé le ceadú agus le foilsiú go luath san athbhliain.
Chun tuilleadh eolas a fháil ar an obair chlaochlaitheach seo, coinnigh súil ar shuíomh gréasáin na roinne. Cuirtear fáilte roimh cheisteanna ábhartha i gcónaí chomh maith ag ATO@tcagsm.gov.ie