An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 2 Eanáir 2014
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2024
Tacaíonn an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) le gníomhaíochtaí a infheistíonn i bpobail cois cósta agus iascaigh, agus cuirtear i bhfeidhm in Éirinn é faoin gClár Oibriúcháin d’Éirinn.
Infheistítear €5.7 billiún ar fud an Aontais Eorpaigh leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, chun:
- Cuidiú le hiascairí chun aistriú chuig an iascach inbhuanaithe
- Tacú le pobail cois cósta agus cuidiú lena ngeilleagair a éagsúlú
- Poist a chruthú agus cáilíocht na beatha a fheabhsú ar feadh cóstaí na hEorpa
- Éascú d’iarratasóirí chun rochtain a fháil ar an airgeadas
Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn
Is é an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus Rialtas na hÉireann a chomhchistíonn an Clár Oibriúcháin CEMI d’Éirinn.
Príomhaird an Chláir
- Tacú le forbairt an iascaigh inbhuanaithe.
- Tacú le hearnáil an uisceshaothraithe.
- Infheistiú i mbailiú sonraí agus i rialú iascach chun tacú leis an gcomhbheartas iascaigh
- Infheistiú i dtionscnaimh forbartha áitiúla
Déantar gnóthachan na gcuspóirí úd a thomhas i gcoinne na n-eochairspriocanna feidhmíochta thíos.
Faigh a thuilleadh mionsonraí amach faoi thionscadail arna gcistiú ag an gClár Oibriúcháin d’Éirinn agus faoi imeachtaí a teacht aníos ar Láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta.
Infheistíocht i do Thodhchaí
Tugtar aghaidh i gceann amháin de na limistéir infheistíochta thíos ar na cuspóirí a léirítear thuas. Cliceáil ar na tíleanna chun an chaoi ina dtacaíonn Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta eile na hEorpa le gach ceann de na limistéir úd a thaiscéaladh.