Céard é An Plean Leathanbhanda Náisiúnta?
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 4 Nollaig 2019
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tacaítear leis an bPlean Leathanbhanda Náisiúnta faoin limistéar infheistíochta seo, agus is tionscadal náisiúnta é atá dírithe chun rochtain leathanbhanda ardluais a sholáthar do gach saoránach agus gnólacht. Ciallaíonn sé sin go mba cheart luas íosta 30Mbps a chur ar fáil do gach áitreabh sna codanna den tír gan seirbhís.
Léirítear sna staidéir idirnáisiúnta go dtagann fás níos tapa faoi dhó ar na Fiontair Bheaga agus Meánmhéide le láithreacht ar líne, go n-onnmhaíríonn siad dhá oiread an toirt agus go gcruthaíonn siad dhá líon na poist le hais na bhfiontar gan mórán láithreachta ar an idirlíon. Baineann ríthábhacht leis an nascacht leathanbhanda ardluais dá réir don fhás agus don fhorbairt gnólachtaí.
Bíonn an leathanbhanda éifeachtúil tábhacht don oideachas, don tsiamsaíocht, don ghnó, don ríomh-Shláinte agus don ríomh-Rialtas; agus baintear leas méadaitheach as mar bhealach cumarsáide simplí agus éifeachtach. Is bunriachtanas é freisin do phatrúin oibre níos solúbtha lenar féidir costais oibriúcháin a laghdú d’eagrais tráchtála agus san earnáil phoiblí.
Clár Oibríochta Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir | € 60 milliún |
Clár Oibríochta Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair | € 90 milliún |
Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa
Táthar ag cistiú an phlean náisiúnta le meascán foinsí idir na hearnálacha príobháideacha agus poiblí. Is cuid den chistiú poiblí arna leithdháileadh don phlean é an cistiú ó na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha.
Bainfear leas as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa seo chun tacú le codanna den phlean níos forleithne
Soláthróidh an dá Chlár Oibriúcháin Réigiúnacha cistiú, arna roinnt go cothrom idir cistiú ón Aontas Eorpach agus ó Rialtas na hÉireann, i gcomhair an Phlean Leathanbhanda Náisiúnta.
Cé hiad na Cistí a infheistítear sa Phlean Leathanbhanda Náisiúnta?
Infheistítear Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa sa Phlean Leathanbhanda Náisiúnta. Cliceáil ar na tíleanna seo chun na hinfheistíochtaí eile le gach ceann de na Cláir a fhaigheann tacaíocht ón gCiste a thaiscéaladh.