English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann

Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann
Amharc amharc

Leagtar amach in Cónascadh Rialtais 2030: Straitéis Dhigiteach agus TFC do Sheirbhís Phoiblí na hÉireann cur chuige chun rialtas digiteach a sheachadadh do chách, rud a rachaidh chun tairbhe don tsochaí agus don gheilleagar i gcoitinne araon. Ní mór don tSeirbhís Phoiblí in Éirinn leas a bhaint as an digiteáil chun athrú ó bhonn a thionscnamh sa chaoi a mbíonn daoine, gnólachtaí agus lucht déanta beartas ag idirghníomhú, agus chun idir-inoibritheacht a chinntiú ar gach leibhéal rialtais agus ar fud na seirbhísí poiblí. Ní mór dúinn a chinntiú, agus ár seirbhísí poiblí á ndigitiú againn, go nglacfaimid cur chuige "tús áite d'úsáideoirí" agus "tús áite don ghnó". Mar phríomhthionscnamh athchóirithe de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe, cuideoidh seachadadh Cónascadh Rialtais 2030 leis na huaillmhianta sin a bhaint amach. Spreagfaidh sé freisin tosaíochtaí níos leithne GovTech chomh maith le buntáistí suntasacha luach poiblí a thabhairt.

Trí Cónascadh Rialtais 2030 leagtar amach creat inar féidir le gach eagraíocht seirbhís phoiblí a ngealltanais dhigiteacha féin a sheachadadh atá dírithe ar na spriocanna atá leagtha amach sa straitéis dhigiteach náisiúnta, Leas a Bhaint as Cúrsaí Digiteacha – An Creat d’Éirinn Dhigiteach. Tá sé ag teacht freisin leis na spriocanna atá leagtha amach in Athnuachan na Státseirbhíse 2030. Leis an straitéis, tabharfar Plean Gníomhaíochta Tosaíochta GovTech 2019 ar aghaidh agus cuimsítear ann gníomhaíochtaí sonracha ó Chlár an Rialtais chomh maith le haghaidh a thabhairt ar spriocanna digiteacha arna leagan síos ag an AE.