English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa

Cómhaoinítear le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa infheistíochtaí sna réigiúin le Rialtais ar fud an Aontais Eorpaigh, agus tacaítear le gníomhaíochtaí sna réigiúin a rannchuireann le leibhéal forbartha cothromaithe.

Cuirfidh an tAontas Eorpach €276.8 billiún ar fáil don fhorbairt réigiúnach ar fud an Aontais Eorpaigh idir na blianta 2014 agus 2020.

Is trí Chláir a sheachadtar Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa. Tá dhá Chlár in Éirinn arna gcomhchistiú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa:

  • Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir
  • Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair

Léirítear sa léarscáil thíos roinnt na hÉireann idir an dá chlár sin, agus léirítear inti na spriocanna feidhmíochta a bhfuiltear ag dúil go ngnóthóidh na cláir sin iad.

Chomh maith le cistiú don dá chlár infheistíochta réigiúnacha, baintear leas as Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa chun cláir chomhoibrithe a comhchistiú a n-infheistítear i níos mó ná tír amháin iad. Is féidir leat na cláir chomhoibrithe éagsúla a chuardach ar láithreán gréasáin saintiomanta an Aontais Eorpaigh (as Béarla)..