English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe

Tacaíonn Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe le bearta tíortha an AE chun cúnamh nithiúil a sholáthar (lena n-áirítear bia agus éadaí) dóibh siúd is díothaithe.

Cuirfidh an tAontas Eorpach €3.8 billiún ar fáil trí mheán Chiste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe idir na blianta 2014 agus 2020. Caithfidh na tíortha a gcóimhéid sin a sholáthar le híosmhéid 15% den chistiú náisiúnta.

Tacaíonn Ciste na Cabhrach Eorpaí dóibh siúd is Díothaithe in Éirinn le gníomhaíochtaí chun cabhair a thabhairt do na daoine is boichte agus is díothaithe inár sochaíne. Cistítear na gníomhaíochtaí úd tríd an gClár Oibriúcháin náisiúnta um Chúnamh Bia agus/nó Bunábhar.

Forfheidhmíonn agus seachadann na tíortha cláir le heagrais is comhpháirtithe le gach aon tír a thagann ar chinneadh i leith an chineáil chúnaimh a sholáthrófar leo (bia nó ábhair eile nó meascán den dá cheann). Is féidir leis na tíortha bia agus earraí a cheannach iad féin agus iad siúd a sholáthar go díreach chuig carthanachtaí, nó chun cistí a sholáthar do na carthanachtaí chun é a dhéanamh iad féin.


Clár Oibriúcháin na hÉireann um Chúnamh Bia nó Bunábhar

Is í An Roinn Coimirce Sóisialaí a bhíonn freagrach as forfheidhmiú an Chláir Oibriúcháin um Chúnamh Bia agus/nó Bunábhar in Éirinn agus a phróiseálann gach iarratas ó na heagrais ‘seachbhrabúsacha’ a shaothraíonn leo siúd a dteastaíonn cúnamh uathu.

Cuideoidh an tacaíocht le daoine chun glacadh lena gcéad chéimeanna as an mbochtanas agus as an eisiamh sóisialta. Cuideoidh an Clár Oibriúcháin um Chúnamh Bia agus/nó Bunábhar leis na daoine is díothaithe ach aghaidh a thabhairt ar cheann de na héilimh is bunúsaí acu.

Ciste leis an Aontais Eorpach € 22.7 milliún
Cistiú le Rialtas na hÉireann € 4 milliún
Cistiú Iomlán € 26.7 milliún

Infheistíocht i do Thodhchaí