Ciste Sóisialta na hEorpa
-
Ó: An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
- Foilsithe: 1 Nollaig 2014
- An t-eolas is déanaí: 18 Samhain 2024
- An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama
- Príomhaird an Chláir
- Ciste Sóisialta na hEorpa: Infheistíocht i do Thodhchaí
Soláthraíonn Ciste Sóisialta na hEorpa €10 billiún go bliantúil ar fud an Aontais Eorpaigh. Tapaíonn gach tír san Aontas Eorpach an cistiú sin chun ionchais phoist a fheabhsú do na milliúin daoine agus chun sochaí níos cuimisithí a chruthú. Comhchistítear leis tionscadail áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta maidir leis an bhfostaíocht ar fud an Aontais Eorpaigh.
Is i gcomhpháirt leis an gCoimisiún Eorpach a fhorbraíonn gach tír san Aontas Eorpach Clár amháin nó níos mó do chomhchistiú CSE ar feadh tréimhse seacht mbliana, idir na blianta 2014-2020 faoi láthair.
An Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama
Comhchistíonn Ciste Sóisialta na hEorpa in éineacht leis an Rialtas in Éirinn an Clár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama 2014-2020. Faigheann Éire leithdháileadh speisialta freisin ar fiú €68 milliún é ón Tionscnamh Fostaíochta don Óige.
Is éard is aidhm leis an Tionscnamh Fostaíochta don Óige ná chun dul i ngleic leis an bhfostaíocht i measc na hóige agus chun an Ráthaíocht Óige a chur i bhfeidhm ach poist, oideachas agus deiseanna oiliúna a sholáthar do dhaoine aonair faoi bhun 25 bliain d’aois nach bhfuil san Fhostaíocht, san Oideachas ná faoi Oiliúint.
Baineann na heochairlimistéir don infheistíocht faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama 2014-2020 le cuidiú le daoine chun filleadh ar an oideachas, an oiliúint nó an obair, le cuidiú leo siúd i mbaol a n-eisiaimh go sóisialta nó ó mhargadh an tsaothair, agus spreagadh don fhostaíocht óige agus an rochtain ar an oideachas a fheabhsú.
Soláthraítear €1.157 billiún um chistiú leis an gClár chuig os cionn 20 beart náisiúnta.
Príomhaird an Chláir
Dírítear na bearta náisiúnta arna gcistiú ag an gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama 2014-2020 ar cheithre limistéar infheistíochta faoi leith:
- Cuidiú le daoine dífhostaithe chun filleadh ar mhargadh an tsaothair
- Cothú sochaí agus margaidh shaothair chuimsithigh
- Rochtain níos fearr ar an oideachas a thabhairt do dhaoine
- Comhrac i gcoinne na dífhostaíochta óige
Is í aidhm an Chláir ná chun cuidiú le beagnach leathmhilliún duine thar a thréimhse seacht mbliana, agus táthar tar éis é a fhorbairt le heochairspriocanna chun a chinntiú go ngnóthaíonn sé a chuid cuspóirí.
Is féidir leat a thuilleadh a fhoghlaim faoi Chiste Sóisialta na hEorpa agus faoin gClár Infhostaitheachta, Cuimsithe agus Foghlama ar láithreán gréasáin CSE na hÉireann.
Ciste Sóisialta na hEorpa: Infheistíocht i do Thodhchaí
Cliceáil ar na tíleanna thíos chun gach ceann de na limistéir infheistíochta a thaiscéaladh arna gcomhchistiú ag Ciste Sóisialta na hEorpa. Soláthraítear le gach cuid samplaí den chaoi ina n-infheistítear tacaíocht ó Chiste Sóisialta na hEorpa agus ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa.