English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Imeachtaí a bhí ann cheana



Seachtain Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí 2023

Bhí Seachtain Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí 2023 ar siúl idir an 23 - 27 Deireadh Fómhair. Le linn na seachtaine d’óstáil eagraíochtaí Seirbhíse Poiblí ar fud na tíre níos mó ná 30 imeacht aonair dá bhfoireann agus do spriocphobail níos leithne na Seirbhíse Poiblí. Ar áireamh sa chlár bhí seimineáir ghréasáin, ceardlanna agus seisiúin ar an láthair a bhí dírithe ar nuálaíocht na Seirbhíse Poiblí, fadhbréiteach cruthaitheach, dearadh seirbhísí ar son an phobail agus leis an bpobal, úsáid sonraí agus IS a bhrú chun cinn, taighde a chuimsíonn saoránaigh agus neart rudaí eile.

Tháinig os cionn 350 ceannaire agus nuálaí sa tSeirbhís Phoiblí le chéile ag Comhdháil Chlaochlú na Seirbhíse Poiblí Dé Luain an 23 Deireadh Fómhair in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath chun smaointe agus samplaí dea-chleachtais a roinnt agus chun deiseanna a shainaithint le hobair a dhéanamh le chéile ar réitigh threisithe ar dhúshláin.

Ba é an tAire Donohoe a d’oscail an chomhdháil agus dúirt sé go raibh áthas air “an obair ar fad ar bun chun an chaoi a gcuirimid ár seirbhísí poiblí ar fáil a chlaochlú agus an tionchar ollmhór atá ag an teicneolaíocht ar an gcaoi a ndéanaimid seirbhísí a dhearadh agus a sheachadadh do shaoránaigh” a fheiceáil.


Comhdháil 2023 an Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

D’óstáil an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe Comhdháil Bhliantúil an Líonra Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí i dTeach Farmleigh Déardaoin an 7 Nollaig 2023. Ba é téama na hócáide, arbh é an tAire Stáit Ossian Smyth a d’oscail í, ‘Seachadadh Seirbhísí sa Ré Dhigiteach dírithe ar an Duine’.

Rinneadh iniúchadh sa chomhdháil ar phríomhspreagaithe shármhaitheas na seirbhíse do chustaiméirí le heagraíochtaí ceannródaíocha na hÉireann agus pléadh an méid atá tábhachtach do chustaiméirí sa lá atá inniu ann. D’fhoghlaim an lucht freastail faoin bPlean Gníomhaíochta a seoladh le déanaí maidir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr a Dhearadh agus faoin obair atá ar bun chun cur chuige atá á threorú ag an dearadh a thabhairt isteach i seachadadh na Seirbhíse Poiblí. Pléadh seachadadh seirbhísí poiblí digiteacha freisin agus bhí léargais ann ó Sheirbhís Dhigiteach Rialtas na Ríochta Aontaithe agus Oifig Phríomh-Oifigeach Faisnéise an Rialtais (OGCIO) in Éirinn.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin gcaoi a bhfuilimid ag obair chun feabhas a chur ar an mbealach a mbíonn an tSeirbhís Phoiblí i dteagmháil le custaiméirí, téigh chuig an leathanach ar Thionscnamh na Seirbhíse Ardchaighdeáin do Chustaiméirí (QCSI).


Comhdháil maidir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Ag Múnlú Fhórsa Saothair na Todhchaí

Déardaoin an 22 Feabhra 2024, d’oscail an tAire Paschal Donohoe an Chomhdháil maidir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr: Ag Múnlú Fhórsa Saothair na Todhchaí, a bhí ar siúl in Ionad na nOibreacha Priontála i gCaisleán Bhaile Átha Cliath.

Díríodh sa chomhdháil ar Fhórsa Saothair agus Eagraíocht na Todhchaí a Thógáil, ar téama lárnach é sa straitéis maidir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr. Is é uaillmhian na straitéise sin fórsa saothair a chruthú don tSeirbhís Phoiblí atá éagsúil, sofhreagrúil agus ionchuimsitheach, a bheidh oilte don todhchaí agus a bheidh ina rogha fostóra d’fhostaithe atá ann anois agus a bheidh ann amach anseo.

Bhí thart ar 400 ceannaire sa tSeirbhís Phoiblí agus gairmí AD i láthair go pearsanta nó ar líne ag an imeacht, agus ba í Sinéad Burke – Príomhfheidhmeannach Tilting the Lens – bean an tí. I measc na n-imeachtaí a bhí ann i rith an lae, bhí seisiúin ar phríomhthreochtaí don AD agus don Ghairm um Dhaoine in 2024, dul i ngleic le héagothroime agus obair sa tsochaí, cineálacha cur chuige i leith an Ghaeilge a chomhtháthú in ionaid oibre na Seirbhíse Poiblí, Plean Printíseachta nua na Seirbhíse Poiblí agus ár mbealach a dhéanamh trasna thírdhreach na scileanna a bheith ag teastáil amach anseo chun seirbhís phoiblí níos fearr a sheachadadh.

Tá tuilleadh imeachtaí a bhaineann le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr, atá dírithe ar Dhigiteach agus Nuálaíocht ar Scála agus Beartas agus Seirbhísí Fianaise-Bhunaithe a bhaint amach, beartaithe i mbliana agus cuirfear chun cinn ar fud na Seirbhíse Poiblí go luath iad.


Thekla Talk ar IS: Ó Reachtaíocht go Cur i bhFeidhm

Is sraith seimineár é Thekla Talks ina gcuirtear réimse ábhar taighde agus beartais i láthair le haghaidh plé criticiúil. Is í an Roinn Caiteachais Phoiblí, Sheachadadh PFN agus Athchóirithe a eagraíonn na cainteanna, agus is spás iad le haghaidh comhphlé idir lucht ceaptha beartas agus ceannairí smaoinimh, agus ionchur ann ón bpobal acadúil níos leithne, saineolaithe laistigh den bhainistíocht airgeadais phoiblí, eacnamaíocht, nuálaíocht na hearnála poiblí agus disciplíní nach iad, ar shaincheisteanna ceannródaíocha i mbeartas poiblí na hÉireann.

San imeacht is déanaí sa tsraith díríodh ar an tionchar a bheidh ag an Intleacht Shaorga (IS) ar thodhchaí na Seirbhíse Poiblí agus tá sé ar fáil le féachaint siar air ar YouTube (thuas). Agus painéal de lucht ceaptha beartas agus saineolaithe sa phlé, scrúdaíodh an tionchar a bheidh ag Gníomh nua an Aontais Eorpaigh maidir le IS ar an tSeirbhís Phoiblí, chomh maith leis na deiseanna agus na dúshláin a thiocfaidh chun cinn de bharr IS.